Is é an t-athfhorbairt seo an t-athrú is suntasaí ar eispéireas an phobail ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ó d’oscail muid ár ndoirse den chéad uair ar Shráid Chill Dara in 1890. Athrófar ó bhonn an chaoi a bhfaigheann daoine rochtain ar ár mbailiúcháin náisiúnta agus a mbaineann siad leas astu.
Cuirfidh na spásanna nua taispeántais ar ár gcumas níos mó den 12 mhilliún mír sna bailiúcháin náisiúnta a chur ar taispeáint, idir lámhscríbhinní meánaoiseacha agus léarscáileanna stairiúla, ghrianghraif, cheol bileoige agus bhailiúcháin dhigiteacha chomhaimseartha. Cruthófar deiseanna nua chun scéalta na hÉireann a roinnt leis an bpobal trí chlár méadaithe de thaispeántais bhuana agus shealadacha. Beidh gach taispeántas saor in aisce, inrochtana agus dátheangach.
Cruthófar mol foghlama nua mar chuid den athfhorbairt freisin, spás tiomnaithe a bheidh ann ina mbeidh daoine de gach aois in ann eolas a chur ar bhailiúcháin NLI agus iad a iniúchadh trí cheardlanna cruthaitheacha, léirithe, cainteanna, imeachtaí agus deiseanna idirghníomhacha eile foghlama agus fionnachtana.
Cuirfear an bhalcóin os cionn ár Seomra Léitheoireachta stairiúil, a mbíodh glúnta scríbhneoirí, taighdeoirí agus léitheoirí ag tarraingt air, in oiriúint mar ghailearaí féachana a bheidh oscailte don phobal. Tabharfaidh sé sin deis do níos mó cuairteoirí blaiseadh a fháil den chuid uathúil seo de scéal liteartha na hÉireann, agus leanfaidh léitheoirí orthu ag obair i suaimhneas an tSeomra Léitheoireachta, a ndéanfar athchóiriú air.
Cuirfidh caifé nua agus siopa leabhar agus bronntanas leis an eispéireas do chuairteoirí, agus cuirfidh siad spásanna fáiltiúla ar fáil inar féidir leo a scíth a ligean, breathnú thart agus seal a chaitheamh sa Leabharlann.
Beidh na spásanna nua agus feabhsaithe seo le chéile suite ar sé leibhéal inrochtana, rud a thabharfaidh rochtain do léitheoirí, cuairteoirí, teaghlaigh, grúpaí scoile agus múinteoirí ar níos mó den Leabharlann Náisiúnta agus dá cuid bailiúcháin.
Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
"Is cloch mhíle thábhachtach í fógra an lae inniu in athfhorbairt Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Leis an tionscadal athfhorbartha seo, beimid in ann níos mó de na bailiúcháin náisiúnta a chur ar taispeáint i spásanna nua taispeántais agus foghlama, agus tabharfar deis níos fearr do dhaoine taithí a fháil ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus taitneamh a bhaint aisti sna glúnta atá le teacht. Is é seo an t-athrú is suntasaí ar thaithí an phobail ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ó osclaíodh a doirse ar Shráid Chill Dara den chéad uair sa bhliain 1890. Táimid ag tnúth leis an tionscadal a chur chun cinn le tacaíocht ár gcomhpháirtithe sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus san Oifig na nOibreacha Poiblí.”
Tá an tionscadal seo á sheachadadh i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt (RCCS) agus le hOifig na nOibreacha Poiblí (OOP). Is mórthionscnamh é faoi Chlár Infheistíochta an Rialtais sna Forais Náisiúnta Chultúir, a leagtar amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta, Tionscadal Éireann 2040.
CRÍOCH