Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Déanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ceiliúradh ar chomóradh 100 bliain ó foilsíodh A Vision le W.B. Yeats le mórthionscadal digitithe

Beidh rochtain phoiblí ar chóipeanna digitithe de bhunlámhscríbhinní Yeats den chéad uair

Dé Máirt, 22 Meán Fómhair 2026
A trio of Icons with the title text A Vision

Dé Máirt, 22 Meán Fómhair 2026. Ag comóradh 100 bliain ó foilsíodh A Vision le William Butler Yeats den chéad uair, d’fhógair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann go bhfuil 300 mír lámhscríbhinne digitithe ó Pháipéir Bhriotaise Yeats á gcur ar fáil aici, lena n-áirítear leabhair nótaí, samplaí den scríbhneoireacht uathoibríoch agus lámhscríbhinní de A Vision.

Tugann an t-ábhar nua-dhigitithe seo léargas nua agus uathúil ar intinn agus ar phróiseas cruthaitheach ag buaiteoir Duais Nobel. Tá na doiciméid dhigitithe seo ar fáil saor in aisce don phobal den chéad uair anois trí chatalóg NLI.


Foilsíodh A Vision den chéad uair sa bhliain 1926 do shíntiúsóirí príobháideacha amháin, agus leagtar amach ann teoiric phearsanta Yeats faoin gcaoi a dtagann forbairt ar dhaoine, ar an stair agus ar an domhan trí thimthriallta agus patrúin athfhillteacha. Tugtar le chéile sa saothar seo cuid mhór de na smaointe fealsúnachta, spioradálta agus siombalacha a mhúnlaigh filíocht agus scríbhinní eile Yeats, agus cuirtear creat sainiúil ar fáil ann chun tuiscint a fháil ar thaithí an duine, ar an gcruthaitheacht agus ar an athrú stairiúil.


Tá A Vision faoi thionchar láidir sraith seisiún scríbhneoireachta uathoibríche a rinne Yeats agus a bhean chéile, Georgie Hyde-Lees. Sna seisiúin sin, thaifead Georgie focail, líníochtaí agus siombailí a tháinig chuici agus í den tuairim go raibh sí á treorú ag foinsí spioradálta. Bunaithe ar na seisiúin sin agus ar an spéis bhuan a bhí aige sa mhisteachas, sa tsiombalachas agus sa bhriotais, d’fhorbair Yeats córas casta chun an gaol idir an réaltacht, an tsamhlaíocht, an stair agus ról an ealaíontóra a fhiosrú.


Léirítear sa bhailiúchán nua-dhigitithe ag an NLI forbairt theoiric Yeats, ó na luath-lámhscríbhinní agus na leabhair nótaí go dtí an t-eagrán leasaithe de A Vision a foilsíodh in 1937, agus tugtar léargas uathúil ann ar fhorbairt an tsaothair is casta agus is uaillmhianaí i scríbhinní Yeats. 

Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:

“Agus céad bliain ann ó foilsíodh A Vision, tá an-bhród orainn an t-ábhar eisceachtúil seo ónár mbailiúcháin a roinnt leis an bpobal. Is beag scríbhneoir a chuir i láthair chomh cuimsitheach céanna na miotais, na meafair, na siombailí agus na híomhánna a mhúnlaíonn agus a shainmhíníonn saothar a saoil. Trí na lámhscríbhinní agus na páipéir eile seo a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach, cruthaítear deiseanna nua don chéad ghlúin eile scoláirí agus do thaighde acadúil nua chun domhan Yeats a fhiosrú agus tuiscint úr a chothú ar an bpearsa lárnach seo i litríocht nua-aimseartha an domhain.” 

Digitiú an bhailiúcháin 

Chun an bailiúchán seo a chur ar fáil don phobal, tá obair ar bun ag foirne san NLI ó anuraidh chun an bailiúchán a chaomhnú, a chatalógú agus a dhigitiú. 


Tá réimse leathan ábhar i bPáipéir Bhriotaise Yeats, lena n-áirítear leabhair nótaí, clóscríbhinní, profaí gaille agus bileoga scaoilte páipéir, agus tá cuid mhór díobh leochaileach mar gheall ar aois agus chineál an ábhair. Bhain an obair chaomhnaithe le cothromaíocht chúramach a aimsiú idir deisiú agus caomhnú an ábhair chun críocha digitithe, agus an fhianaise ar chruthú, úsáid agus athbhreithniú na ndoiciméad thar thréimhse ama a chaomhnú. Ina dhiaidh sin, rinneadh scanadh ardtaifigh agus digitiú cúramach ar an ábhar i stiúideo digiteach ar láthair an NLI.  


Bailiúchán W.B. Yeats i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann 

Tá an bailiúchán is mó ar domhan de leabhair, páipéir agus dréachtaí lámhscríbhinne le W.B. Yeats i seilbh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear leabharlann phearsanta an fhile. Tugann an bailiúchán léargas gan sárú ar fhorbairt intleachtúil agus ar obair chruthaitheach Yeats. Mar chuairteoir rialta ar Sheomra Léitheoireachta an NLI le blianta fada, bhí ceangal láidir ag Yeats féin leis an institiúid atá anois mar phríomhthaisclann a oidhreachta liteartha agus cartlainne.

Ag Ceiliúradh Céad Bliain de A Vision

Mar chuid den seoladh, beidh sraith imeachtaí poiblí saor in aisce á reáchtáil ag an NLI ar an 22 agus an 23 Meán Fómhair chun A Vision a dhéanamh níos intuigthe agus an téacs dúshlánach tábhachtach seo a chur os comhair lucht féachana nua. Sa chlár, atá faoi stiúir an Dr Neil Mann, scoláire neamhspleách a dhéanann sainstaidéar ar scríbhinní saindiamhair Yeats, beidh léachtaí, ceardlanna agus cur i láthair a thabharfaidh léargas ar na smaointe, na creidimh agus na tionchair atá taobh thiar de A Vision, agus a léireoidh tábhacht an tsaothair seo chun tuiscint a fháil ar shaothar Yeats ina iomláine.


Áirítear sa chlár freisin turas speisialta treoraithe tráthnóna ar an taispeántas Yeats: The Life and Works of William Butler Yeats Déanann an turas míosúil seo iniúchadh ar na daoine, na himeachtaí agus na tionchair eile a spreag Yeats chun A Vision a scríobh.


An Clár Iomlán ar fáilanseo


CRÍOCH