I bpáirt le hIonad James Joyce, tugann clár na bliana seo cuireadh do chuairteoirí teacht isteach i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) agus beocht a chur in Ulysess, le James Joyce, ar an 16 Meitheamh. Cuimsíonn an clár, atá bunaithe ar radhairc ó Ulysses suite in NLI, daoine éagsúla ag léamh os ard, chomh maith le léirithe, mar chuid d’Fhéile oifigiúil Lá Bloom.
Mar pháirt den chlár, beidh léamh amharclannaíochta speisialta á dhéanamh ag aisteoirí gléasta i stíl Joyce i Seomra Léitheoireachta NLI, a bhfuil cáil air. Le linn an léirithe, casfaidh carachtair Ulysses Stephen Dedalus agus Buck Mulligan ar an ‘leabharlannaí de Chumann na gCarad’, sean-Stiúrthóir NLI Thomas William Lyster, agus beidh Leopold Bloom ag dul trí bhailiúcháin nuachtán NLI chun seaneagrán den Kilkenny People a aimsiú. Tosóidh na léirithe ag 2.00pm agus 2.30pm i bPríomhsheomra Léitheoireachta na Leabharlainne Náisiúnta, ar Shráid Chill Dara, ag an am céanna is a mbeidh Bloom ag dul isteach sa Leabharlann Náisiúnta. Is gá áit a chur in áirithe don ócáid saor in aisce seo.
Beidh cuairteoirí chuig an NLI in ann sult a bhaint as léiriú speisialta de chuid na Fingal Mummers freisin, le hinspioráid ón dráma cleamairí a rinne carachtar Ulysses Buck Mulligan. Beidh an léiriú sin ar siúl ó 3pm go 4pm ar chéimeanna tosaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar Shráid Chill Dara. Beidh Ceann Ollmhór James Joyce, déanta ag an ngrúpa taibhealaíona Arcana as Gaillimh, i láthair ag an ócáid chun fáilte a chur roimh chuairteoirí. Beidh fearas ón tseanré ar fáil freisin chun cur leis an atmaisféar ceiliúrtha agus deis a thabhairt do dhaoine grianghraif iontacha a ghlacadh ar chéimeanna na póirseáide. Ní gá áit a chur in áirithe don ócáid saor in aisce seo.
Ag an taispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís ag Ionad Cultúrtha agus
Oidhreachta Bhanc na hÉireann, is féidir le cuairteoirí éisteacht le sleachta ó Finders Keepers, de chuid Seamus Heaney. Bain sult as aoibhneas friotail Joyce trí shúile Heaney, le samplaí ón gcaibidil Aeolus in Ulysses. Beidh an léiriú ar siúl ag 12:00pm (meán lae). Ní gá áit a chur in áirithe don ócáid saor in aisce seo.
Tá Pas Lá Bloom 2026 mar chuid lárnach de chomhpháirtíocht NLI le hIonad James Joyce. Beidh cuairteoirí ar Lá Bloom in ann stampa a fháil ar a bpas ag NLI ar Shráid Chill Dara agus ag an taispeántas Seamus Heaney: Éist Arís Anois, ag stad Fhaiche an Choláiste. Beidh stampaí éagsúla ar fáil i ngach suíomh.
Beidh seomra álainn léitheoireachta NLI, a bhí mar chuid d’Eipeasóid 9 d’Ulysses, Scylla and Charybdis, oscailte do chuairteoirí ón bpobal idir 6pm agus 8pm ar an 16 Meitheamh freisin.
Tá an clár iomlán do Lá Bloom ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chomh maith leis na naisc áirithinte a ghabhann leis ar fáil anseo.
Dúirt Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
"Tá ról lárnach ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i scéal Lá Bloom, agus tá ríméad orainn bheith páirteach i bhFéile Bloom na bliana seo. Ní hamháin go bhfuil caibidil d’Ulysses - Scylla and Charybdis - suite inár seomra álainn léitheoireachta, ach tá Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta ón ré sin, Thomas William Lyster, le feiceáil ann freisin, duine a raibh aithne mhaith ag James Joyce air. Fear an-eolach a bhí i Thomas William Lyster a raibh clú air mar dhuine a spreag daoine óga chun léamh. Tá an t-éiteas sin fós lárnach in obair na Leabharlainne Náisiúnta inniu.”
Dúirt Stiúrthóir Ionad James Joyce, Darina Gallagher:
“Táimid an-bhródúil as bheith ag obair le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann an Lá Bloom seo, le clár níos leithne imeachtaí a chuirfidh beocht i gcarachtair agus in áiteanna Ulysses. Is ceiliúradh iontach é Féile Lá Bloom ar James Joyce é féin agus ar a úrscéal cáiliúil Ulysses, chomh maith leis na carachtair ar fad atá ann, ach go háirithe. I gcomhar le NLI agus trínár bPas Lá Bloom, molaimid do dhaoine tabhairt faoina n-aistear liteartha féin trí Bhaile Átha Cliath, ag leanúint lorg Bloom agus Dedalus ón tráthnóna samhraidh sin in 1904.
CRÍOCH