An Idirbhliain: NOCHTADH
An Idirbhliain: Tá NOCHTADH 2026 ar siúl! Ó mhí Eanáir go dtí mí Aibreáin, beidh 20 scoláire ag glacadh páirt i gclár píolótach deich seachtaine Idirbhliana ag an NLI.
Léaráid an Chláir: Déanann Leabhair a thabhairt chun Beatha plé ar réimse saibhir an amharc-ábhair laistigh de chnuasach na bPriontaí agus na Líníochtaí.
Tá sceideal imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar leith ullamh againn do na rannpháirtithe! Beidh maisitheoirí atá ar cuairt i dteannta leo le haghaidh ceardlanna teagmhálacha saincheaptha, agus beidh an deis acu breathnú ar bhunshaothair ealaíne uathúla sa Seomra Ealaíne. Foghlaimeoidh siad faoi roinnt mhaith gnéithe éagsúla den saol ar chúl an stáitse ag an leabharlann agus beidh deis acu breathnú ar an gcnuasach sa Seomra Léitheoireachta galánta.
Bí ag breathnú ar phróifílí ár meán sóisialta le haghaidh nuashonruithe ar na rudaí a aimseoidh na scoláirí feadh an bhealaigh!
Faoi
An Idirbhliain: NOCHTADH Léaráid: Is cúrsa Idirbhliana nua é Leabhair a Thabhairt chun Beatha ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ceapadh é ionas go bhfoghlaimeoidh scolairí faoi chnuasaigh speisialta agus uathúla Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, go mbeidh taithí acu ó thaobh úsáid na leabharlainne de agus go leanfaidh siad dá húsáid ina gcuid staidéir amach anseo. Sa bhliain 2026 díreoidh an clár ar chnuasach na bPriontaí agus na Líníochtaí.
Foghlaimeoidh na rannpháirtithe faoin leabharlann agus a bailiúcháin ollmhóra a choinníonn ‘cuimhne na hÉireann’, agus beidh teacht acu ar an seomra léitheoireachta iontach atá ann ó 1890. Déanfaidh scoláirí iniúchadh ar bhailiúcháin na leabharlainne chun taighde a dhéanamh ar réimsí spéise agus fiosróidh siad freisin raon teicnící cruthaithe íomhánna trí shraith ceardlann phraiticiúil faoi stiúir ealaíontóirí. Gheobhaidh siad inspioráid ó na bailiúcháin, óna chéile agus ón bhfoirgneamh féin. Treoróidh éascaitheoir na rannpháirtithe i rith an chláir agus oibreoidh siad i dtreo imeachta deiridh chun a gcuid fionnachtana a nochtadh agus a léiriú.
An Idirbhliain: NOCHTADH 2026 tacaíocht fhlaithiúil ó The Ireland Funds.