Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Tobthaispeántas seolta ag NLI: Le Grá; Seamus

Dé hAoine, 16 Meitheamh 2023
Tobthaispeántas nua ag Seamus Heaney: Éist Anois Arís

File clúiteach ab ea Seamus Heaney a raibh cion ag an saol air. Comhfhreagraí den scoth a bhí ann chomh maith agus sheoladh sé litreacha, cártaí poist agus cártaí Nollag ar fud an domhain.

Tá an-áthas orainn seoladh Le Grá; Seamusa fhógairt, taispeántas sealadach nua de Bhailiúchán Cártaí Poist Des agus Mary Kavanagh.

Tabhair cuairt ar ár dtaispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís le breathnú ar chuid de na cártaí poist a chuir Seamus Heaney agus a bhean chéile Marie chuig a gcairde Des agus Mary Kavanagh le himeacht na mblianta.

Chas Des agus Seamus ar a chéile den chéad uair mar bhuachaillí scoile i gColáiste Choilm i nDoire agus bhí cairdeas eatarthu ar feadh a saoil.

Léiriú í an rogha bheag seo de chártaí poist Des agus Mary ar a gcara, Seamus Heaney: duine greannmhar, iontach, cineálta, a bhain an-sásamh as an saol agus as an teanga.

Bhí an méid seo le rá ag Ann-Marie Smith, Bainisteoir Seamus Heaney: Éist Anois Arís: “Mar chuid de chomóradh 5 bliana ár n-oscailte, tá ríméad orainn Le Grá; Seamus a sheoladh, taispeántas sealadach nua de Bhailiúchán Cártaí Poist Des agus Mary Kavanagh. Ar taispeáint tá rogha cártaí poist a sheol Seamus agus a bhean Marie chuig a gcairde saoil; Des agus Mary, i gcaitheamh na mblianta. Tugann sé léargas don chuairteoir ar an taobh pearsanta de Seamus: cairdeas a d’fhás ar an gclós scoile, greann agus spraíúlacht.”