Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Comhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta)

Roinneann Michael Keyes, Cúntóir, Eispéireas Cuartaíochta, buaicphointe ón taispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís

Dé Luain, 10 Aibreán 2023
Cóip de Chomhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta) ar taispeáint sa taispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís

Ba Dé Luain, an 10 Aibreán 2023 comóradh 25 bliain shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta, nó Comhaontú Bhéal Feirste chun a theideal oifigiúil a thabhairt dó.

Ócáid thar a bheith suntasach a bhí ann, comóradh ar dheireadh ré, beagnach tríocha bliain d’fhoréigean, bás agus uafás i dTuaisceart Éireann. Is ag na daoine a mhair trí na naoi mbliana is fiche de na trioblóidí a bheidh an tuiscint is fearr ar na cúig bliana is fiche de shíocháin a d’eascair as Comhaontú Aoine an Chéasta.

Bhí Seamus Heaney ina fhile óg a bhí díreach ag tosú ar chlú agus cáil idirnáisiúnta a bhaint amach dó féin nuair a thosaigh na Trioblóidí, agus leanadh den fhoréigean ar feadh a ghairme mar fhile. I rith an ama sin ar fad, thug Seamus Heaney aghaidh ar na Trioblóidí ina chuid filíochta, agus dearcadh neamhchlaonta á ghlacadh aige i gcónaí, gan bheith ina urlabhraí do dhuine ar bith. Níorbh aon iontas é mar sin, nuair a bhí droichid á dtógáil agus dóchas don tsíocháin á chothú, gurbh é Seamus Heaney a roghnaigh ceannairí polaitiúla nuair a bhí siad ar thóir focal spreagúil.

Ba mhaith a thuig Uachtarán Mheiriceá, Bill Clinton, é sin agus é ar cuairt chuig Tuaisceart Éireann in 1995, nuair a d’aithris sé na línte seo as The Cure at Troy, línte a bhfuil cáil anois orthu:

History says, Don’t hope

On this side of the grave

But then, once in a lifetime

The longed-for tidal wave

Of justice can rise up,

And hope and history rhyme.

Níos faide anonn, nuair a socraíodh an comhaontú faoi dheireadh, bronnadh cóip shínithe i bhfráma ar Seamus Heaney, mar aitheantas ar an nasc a bhí aige leis an bpróiseas síochána. Cúis bhróid dúinn go bhfuil sé ar taispeáint anois inár dtaispeántas,Seamus Heaney: Éist Anois Arís.

Tá an taispeántas lonnaithe in Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Sráid Westmoreland, Baile Átha Cliath 2. Tá cead isteach saor in aisce. Mar sin, buail isteach agus breathnaigh ar an bpíosa beag staire seo. Tá an taispeántas ar oscailt ó Luan go Satharn, ó 10 a.m. go 4 p.m. (is é 3:30 p.m. an cead isteach deireanach).