Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Postcards from Heaney Country

Léamh dánta le Heaney

Dé hAoine, 30 Meán Fómhair 2022
Stephen Rea ag léiriú ‘The Rainstick’ le Seamus Heaney i Seomra Léitheoireachta NLI

Stephen Rea ag léiriú dán Seamus HeaneyThe Rainstick

Tá an-áthas ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann dul i gcomhpháirt leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus le hEastát Seamus Heaney sa togra Postcards from Heaney Country, sraith gearrscannán bunaithe ar cheithre dhán le Heaney.

Tugann na dánta léiriú ar réimse agus ar dhoimhneacht shaothar Heaney, agus déantar iad a ailíniú leis na ceithre eilimint, mar atá uisce, talamh, tine agus aer. Is iad “The Rainstick”, “Glanmore Sonnet I”, “Tinder” agus “Lightenings VIII” na dánta i gceist, agus iad á léamh ag Stephen Rea, Jeanne Nicole Ní Áinle, Aislín McGuckin agus Aaron Monaghan. Seán Mac Erlaine a chum an bunscór corraitheach atá ag gabháil leis na gearrscannáin.