Home, National Library of Ireland
Roghchlár

RADICAL! WOMEN AND THE IRISH REVOLUTION le Julie Morrissy

Paimfléad filíochta le Julie Morrissy, File Cónaithe na Leabharlainne i nDeich mBliana na gCuimhneachán

Dé Máirt, 19 Iúil 2022
Clúdach phaimfléid Radical! le Julie Morrissy forleagtha ar ghrianghraf gorm agus bán

Tá ríméad orainn sonraí a fhógairt maidir le RADICAL! WOMEN AND THE IRISH REVOLUTION, paimfléad nua de dhánta, íomhánna, aistriúchán agus nótaí taighde le Julie Morrissy.

Tá an paimfléad mar thoradh ar an am a chaith Morrissy mar Fhile Cónaithe NLI, tionscnamh ar tugadh faoi i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán a bhí ar siúl idir Meitheamh 2021 agus Meitheamh 2022.

Tá podchraoladh (ar fáil anseo) ag gabháil leis an bpaimfléad agus an t‑ainm céanna air, agus comhráite istigh ann le scríbhneoirí agus ealaíontóirí mór le rá in Éirinn, Susan Cahill, Seán Hewitt agus Alice Rekab ina measc.

Léigh an phreaseisiúint iomlán anseo.