Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Paimfléad filíochta, le Julie Morrissy, file cónaithe NLI, ag ceiliúradh deich mbliana na gCuimhneachán

Dé Máirt, 19 Iúil 2022
Clúdach phaimfléid Radical! le Julie Morrissy forleagtha ar ghrianghraf gorm agus bán

 

Tá sonraí fógartha inniu (19.07.22) ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) maidir le RADICAL! WOMEN AND THE IRISH REVOLUTION, paimfléad nua de dhánta, íomhánna, aistriúchán agus nótaí taighde le Julie Morrissy. Tá an paimfléad mar thoradh ar an am a chaith Morrissy mar Fhile Cónaithe NLI, tionscnamh ar tugadh faoi i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán a bhí ar siúl idir Meitheamh 2021 agus Meitheamh 2022.

RADICAL! WOMEN AND THE IRISH REVOLUTION mar thoradh ar thaighde Morrissy agus í ag obair i Seomraí Léitheoireachta NLI agus amuigh ar shiúlóidí, turais rothair agus cuairteanna thart ina ceantar áitiúil agus timpeall na hÉireann. Baintear leas sa saothar as cur chuige leathan comhoibríoch Morrissy ina cuid oibre, cur chuige ina bhféachann sí le fáil amach na bealaí ar féidir an fhilíocht muid a lonnú inár dteagmháil ó lá go lá leis an saol. Agus í á spreagadh ag an bpointe teagmhála idir an ghéarchéim agus saol an uile lae idir 1912 agus 1923, úsáideann Morrissy seánraí faisnéise, cartlainne agus lirice le saol ban réabhlóideach in Éirinn a chíoradh.

Tá podchraoladh ag gabháil leis an bpaimfléad agus an t-ainm céanna air, agus comhráite istigh ann le scríbhneoirí agus ealaíontóirí in Éirinn atá ar thús cadhnaíochta, Susan Cahill, Seán Hewitt agus Alice Rekab ina measc.

Agus í ag trácht air, arsa Morrissy: “Tréimhse tháirgiúil spreagúil i mo chleachtas cruthaitheach féin atá caite agam agus mé mar fhile cónaithe in NLI mar chuid de chlár na Leabharlainne do Dheich mBliana na gCuimhneachán. Ó tharla mé ag plé le bailiúcháin na Leabharlainne, tá tuiscint níos doimhne agam ar stair fheimineach na hÉireann agus ar an ról a bhí ag ealaíontóirí agus scríbhneoirí le linn thréimhse réabhlóideach na tíre seo. 

“Acmhainní thar a bheith luachmhar atá i mbailiúcháin shaibhre éagsúla na Leabharlainne. Mholfainn do chleachtóirí cruthaitheacha de gach cineál na bailiúcháin a scrúdú, bíodh sé sin go digiteach nó ar an láthair, agus teacht ar na bealaí ar féidir earraí agus ábhar na Leabharlainne a bheith mar spreagadh ina saothar féin. Is mian liom buíochas a ghabháil freisin le NLI agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an deis seo a thabhairt dom.” 

Dúirt Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach NLI, an méid seo chomh maith: “Áit inspioráide, taighde agus oibre ag scríbhneoirí na hÉireann is ea Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ó thús. Bhí bród orainn tacú le Julie ina cleachtas mar chuid de scéim an fhile chónaithe agus áthas orainn a bheith mar chuid de chlár Ealaíontóir Cónaithe Dheich mBliana na gCuimhneachán na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá áthas orainn chomh maith go bhfuil paimfléad Julie againn, RADICAL! WOMEN AND THE IRISH REVOLUTION mar thaifead luachmhar ar an deich mbliana seo a bhain le cuimhne, léirmhíniú agus tuiscint, paimfléad a bheidh mar fhoinse eolais ag glúnta amach anseo.”

RADICAL! WOMEN AND THE IRISH REVOLUTION le ceannach ó The Library Project i mBarra an Teampaill, ó Books Upstairs ar Shráid D’Olier agus ó Mhúsaem Litríochta na hÉireann. Déanfar an paimfléad a chatalógú agus a dhigitiú le go mbeidh sé mar chuid de bhailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta.

Aistriúchán go Gaeilge le Ciara Ní É. Dearadh, leagan amach agus clóchur le Shauna Buckley.

CRÍOCH