Tá na híomhánna ar fáil go héasca don phobal anois ar líne den chéad uair anseo.
Leis an taifead uathúil amhairc seo, cuirtear léargas lom gan eagarthóireacht i láthair ar cheann de na himeachtaí is sainiúla ceoil, cultúir agus tiomsaithe airgid den 20ú haois, imeacht a raibh Sir Bob Geldof ar thús cadhnaíochta ann ar son faoiseamh ó ghorta san Aetóip, a léirítear le saothar na gcéadta grianghrafadóir idirnáisiúnta.
Leis na híomhánna, cuirtear in iúl scála agus fuinneamh na gceolchoirmeacha ag Staid Wembley i Londain agus ag Staid JFK in Philadelphia an 13 Iúil 1985, lenar cuimsíodh léirithe ó Freddy Mercury, David Bowie, Paul McCartney, U2, Sting, Madonna, Sade, Black Sabbath, Phil Collins agus a thuilleadh. Agus an chartlann digitithe anois ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, cuireann sí meascán de radhairc aithnidiúla agus macánta ar fáil ón imeacht ‘Júcbhosca Domhanda’ a craoladh roimh 1.9 billiún duine tráth. Cuimsítear íomhánna sa chnuasach lena léirítear:
Is cuid de Chartlann Iontaobhas Band Aid iad na grianghraif a bronnadh ar NLI in 2017.
Próiseas Digitithe NLI
Chun an bailiúchán a chur ar fáil don phobal, d’oibrigh foirne ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) chun an bailiúchán a mheas, a chatalógú agus a dhigitiú ó mhí Aibreáin 2022.
Cuirtear an obair speisialtóra sin i gcrích thar roinnt suíomhanna laistigh de NLI ag Sráid Chill Dara. Déantar bail gach íomhá grianghrafadóireachta bunaidh a mheas ann. Déantar obair chaomhnaithe ar mhíreanna aonair nuair is gá, agus faigheann gach mír uimhir aitheantais uathúil agus meiteashonraí tuairisciúla fad a dhéantar í a chatalógú agus a shocrú, sula dtarlaíonn an scanadh ardtaifigh agus an próiseas digitithe.
Dúirt Crónán Ó Doibhlin, Ceannasaí Bailiúchán Speisialta: “Leis an tionscadal seo, tarraingítear aird ar chumhacht an digitithe, agus an catalógú saineolach agus bonneagar digiteach slán san áireamh, chun acmhainneacht chartlann Iontaobhas Band Aid a cuireadh de chúram ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a bhaint amach. Fad a leanaimid den ábhar bunaidh cartlainne a chosaint, is féidir leis an bpobal sásamh a bhaint as taispeántas agus spleodar Live Aid ar líne anois agus iad aon áit ar domhan. Chun gach grianghraf sa chartlann a phróiseáil ó thús deireadh, bhí foireann saineolaithe leabharlainne agus caomhnaithe ar fud NLI i gceist. Tá taifead beoga inchuardaithe de Live Aid ón dá thaobh den Atlantach mar thoradh air sin.”
Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Trí infheistiú i bhfoirne saineolacha agus áiseanna digitithe, cinntíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann go ndéantar ábhair a bhfuil tábhacht chultúrtha ag baint leo a chaomhnú agus a chomhroinnt go gníomhach i bhformáidí nua. Sampla cumhachtach is ea an bailiúchán seo ó Iontaobhas Band Aid den chaoi a nascaimid daoine leis an am a chuaigh thart ar bhealaí inrochtana marthanacha. Rachaidh ár gcartlann dhigiteach i gcion ar na daoine sin a bhfuil cuimhne acu ar Live Aid agus spreagfaidh sí glúnta nua chun mothú agus tionchar an imeachta iontaigh sin a fhionnadh.”
Taiscéal: Féach anseo chun cartlann grianghraf dhigiteach Live Aid de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a bhrabhsáil agus aimsigh mionsonraí faoin taispeántas agus imeachtaí gaolmhara atá ag teacht aníos.
Taispeántas ar an Láthair: Live Aid ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Chun a chur leis an eisiúint ar líne, déanfaidh NLI taispeántas nua, Live Aid ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a chur i láthair, a osclófar i mí Mheán Fómhair 2025 ag Cartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta NLI i mBarra an Teampaill. Leis an taispeántas—atá saor in aisce don phobal—cuirfear rogha choimeádta íomhánna i láthair ó thabhartas Iontaobhas Band Aid a leagtar amach chun fuinneamh agus sceitimíní an lae iontaigh sin a mhúscailt.
CRÍOCH