Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ceiliúir Oíche Chultúir 2025 ag NLI

Friday 19th September 2025

Dé Máirt, 19 Lúnasa 2025
Culture Night graphic

Beimid ag glacadh páirte i gceiliúradh Oíche Chultúir 2025 agus beimid ar oscailt do chuairteoirí i rith an tráthnóna.

Oscailt Thráthnóna ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: Féach thart ar ár bPríomhfhoirgneamh, 5 p.m. - 9 p.m.

Beidh ár ndoirse ar oscailt ó 5 p.m. go 9 p.m., agus cuirfear fáilte roimh chách.

  • Ó 5 p.m., féach thart ar an halla chun mionsamhail Lego den leabharlann a fheiceáil nó tabhair cuairt ar ár dtaispeántas ar William Butler Yeats.

  • Ó 6 p.m. go 9 p.m., téigh isteach sa Seomra Léitheoireachta agus féach ar an radharc fíorálainn.

  • Ó 7 p.m. go 8 p.m., bain taitneamh as taibhiú beo ó Amhránaithe Choláiste Naomh Muire, faoi threoir an Stiúrthóra Maria Stanley, lena mbeidh rogha de cheol móréilimh i gceist sa Seomra Léitheoireachta.

Ní gá áirithint a dhéanamh chun cuairt a thabhairt ar an Seomra Léitheoireachta ná chun freastal ar an taibhiú.

 

Turas an Stiúrthóra ar an Leabharlann Náisiúnta, 5 p.m. - 6 p.m.

Bí leis an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, nuair a osclaíonn sí Oíche Chultúir 2025 agus turas treoraithe speisialta á dhéanamh aici ar ár bhfoirgneamh stairiúil Victeoiriach ar Shráid Chill Dara.

Foghlaim an scéal faoi ailtireacht na Leabharlainne, tabhair cuairt ar an Seomra Léitheoireachta a bhfuil clú agus cáil air, agus fiosraigh ár naisc dhoimhne le cuid de na scríbhneoirí agus smaointeoirí is fearr in Éirinn. Cuimsítear rochtain neamhchoitianta ar an Seomra Ealaíne mar chuid den turas eisiach sin freisin, seomra nach mbíonn ar oscailt de ghnáth ach trí áirithint a dhéanamh. Beidh buaicphointí ár mbailiúchán amhairc ar taispeáint ann.

Iontráil saor in aisce, ach is gá áirithint a dhéanamh.

 

YEATS: Saol agus Saothair William Butler Yeats, 5 p.m. - 9 p.m.

 

Suigh ar feadh tamaill agus sáigh tú féin i roinnt de na saothair is ansa le daoine de chuid an fhile agus tú ag féachaint thart ar ár dtaispeántas ar W.B. Yeats. Téigh ag siúl thart ar na taispeántais a ghabhann na hábhair iomadúla a raibh dúil aige iontu: ó Éire, an litríocht, agus an béaloideas, go dtí an drámaíocht, an pholaitíocht agus an diamhair, agus an tionchar ollmhór a bhí aige ar fhéiniúlacht chultúrtha nua-aimseartha na hÉireann.

Tá an taispeántas ar oscailt ó 5 p.m. go 9 p.m. – ní gá áirithint a dhéanamh.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin inrochtaineacht inár bhfoirgnimh, féach anseo

 

Tob-bhailiúchán agus Podchraoladh: Imeacht Podchraolta Beo le Podchraoltóir Cónaithe, Zoë Comyns, Léachtlann Joly, 7 p.m. - 8 p.m.

Chun a cónaitheacht a sheoladh, óstálann Zoë Comyns tob-bhailiúchán bunaithe ar chartlanna na Leabharlainne. Bain sult as taifeadadh beo ina mbeidh léitheoireacht, cainteanna agus scéalta, a spreagtar le rogha shaibhir ábhar lena gcuimsítear leabhair, lámhscríbhinní agus grianghraif, lena dtugtar beocht don am a chuaigh thart.

Óstálfar an t-imeacht i Léachtlann Joly. Is gá áirithint a dhéanamh.

 

Seamus Heaney: Éist Anois Arís, Ionad Cultúir agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann ag Faiche an Choláiste, 5 p.m. - 9 p.m. 

Bain sult as turas uathúil féintreoraithe ar Oíche Chultúir, agus saol agus oidhreacht Seamus Heaney á bhfiosrú agat. Le hÉist Anois Arís, tugtar cuireadh duit teacht ar aistear ilchéadfach trí thús simplí Heaney agus trína ghairmréim iontach, ina n-úsáidtear cartlann fhairsing na Leabharlainne Náisiúnta de dhoiciméid Heaney.

Ní gá áirithint a dhéanamh – buail isteach agus foghlaim faoi duine de na filí is mó a bhfuil cion air in Éirinn.

 

Taispeántas Live Aid, Cartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, 5 p.m. - 8.30 p.m. 

Live Aid, an “Júcbhosca Domhanda”, a reáchtáladh i Londain agus i bhFilideilfia, ar fhreastail breis is 150,000 duine de lucht féachana air san iomlán agus a craoladh go beo agus úsáid á baint as teicneolaíocht cheannródaíoch chun beagnach 2 bhilliún breathnóir ar fud 150 tír a thabhairt le chéile, rinne sé na milliúin a bhailiú ar son fóirithinte ar ghorta san Afraic. 

Do ghlúin lucht leanúna, b’eispéireas uathúil é breathnú ar Live Aid in 1985. Bí páirteach san eispéireas sin ach cuairt réamhsheolta speisialta Oíche Chultúir a thabhairt ar ár dtaispeántas nua grianghraf, a roghnaíodh ó Chartlann Iontaobhas Band Aid, agus a bhronn Bob Geldof go flaithiúil ar an Leabharlann Náisiúnta in 2017.

Ní gá áirithint a dhéanamh – tabhair cuairt ar an taispeántas suntasach seo.