Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ceiliúrann Léacht Bhliantúil Joe Hassett Yeats comóradh 100 bliain na Duaise Nobel

Óstálfaidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Léacht Yeats bhliantúil Joseph Hassett Dé Máirt, an 13 Meitheamh ar 7pm.

Dé Máirt, 13 Meitheamh 2023
 Margaret Kelleher ag tabhairt léacht ag NLI

Rinneadh comóradh 100 bliain ó bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Yeats sa léacht, a thug an tOllamh Margaret Kelleher dar teideal, "Ireland's Interpreter and Europe's Welcome: WB Yeats and the Nobel Prize in Literature, 1923”. Déanfar é a bheoshruthú freisin.

Le tacaíocht fhial ón dlíodóir, scoláire liteartha agus daonchara, Joseph Hassett, bíonn eochairléacht sa Leabharlann Náisiúnta gach bliain le breith WB Yeats an 13 Meitheamh 1865 a chomóradh. Tá an léacht á spreagadh ag taispeántas fadtréimhseach na Leabharlainne Náisiúnta, Saol agus Saothar William Butler Yeats, ina gcuirtear an bailiúchán is mó ar domhan d’ábhar a bhaineann le Yeats os comhair an phobail, a Dhuais Nobel san áireamh.

I mí na Samhna 1923, trí theachtaireacht ghutháin ó The Irish Times, fuair WB Yeats an scéala faoina Dhuais Nobel sa Litríocht, a bronnadh sa tSualainn mí amháin ina dhiaidh sin. Ina lua, rinne cathaoirleach Dhuais Nobel cur síos ar Yeats mar 'ateangaire a thíre' agus chuir Yeats síos ar an duais mar 'Fáilte na hEorpa chuig an Saorstát’. Céad bliain tar éis na dámhachtana sin, pléifidh an tOllamh Margaret Kelleher, an tOllamh le Litríocht agus Drámaíocht Angla-Éireannach sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, an suntas a bhí le Duais Nobel Yeats, na freagairtí a chruthaigh sé agus a hoidhreacht níos fadtéarmaí.

Ag labhairt di roimh an imeacht, dúirt an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: "Is i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann atá an bailiúchán ábhar is mó ar domhan a bhaineann le WB Yeats. Tugann ár mbuantaispeántas iontach deis do chuairteoirí iniúchadh a dhéanamh ar an iliomad spéiseanna a bhí ag Yeats, lenar áiríodh Éire, litríocht, béaloideas, amharclannaíocht, polaitíocht, misteachas, agus briotais. I measc bhuaicphointí an taispeántais tá bonn a Dhuaise Nobel, chomh maith le lámhscríbhinní ó chuid mhaith dá dhánta is ansa le daoine, lena n-áirítear "The Lake Isle of Innisfree" agus "Easter, 1916". Cuimsíonn sé freisin déantáin phearsanta agus grianghraif iontacha de i gcuideachta gaolta agus cairde leis.  Ar ndóigh, ba chuairteoir minic é Yeats ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus mar sin bímid i gcónaí ag fiosrú bealaí nua chun a chuid oibre a roinnt.

"I mbliana táimid ag ceiliúradh 100 bliain ó thug Acadamh Nobel aitheantas do shaothar WB Yeats. Tháinig an gradam sin tráth a raibh an-chíor thuathail in Éirinn – Stát nua a d'fhulaing roinnt blianta suaite agus a bhí díreach ag teacht amach as cogadh cathartha.  Roinnfear sa léacht seo an scéal faoin gcaoi ar chuidigh éachtaí cultúrtha WB Yeats le féiniúlacht nua na hÉireann ar fud an domhain."

Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Kelleher, leis: "Ina uacht agus tiomna deireanach in 1895, d'aithin an t-eolaí agus aireagóir Alfred Nobel go roinnfí formhór a eastáit - arbh fhiú os cionn €200m é an lá inniu - ina chúig chuid, le húsáid le haghaidh duaiseanna san fhisic, sa cheimic, san fhiseolaíocht nó sa mhíochaine, sa litríocht agus sa tsíocháin. Sa bhliain 1923, bronnadh an duais sin ar WB Yeats 'as an bhfilíocht shíorspreagúil, ina dtugtar léiriú ar mheon náisiúin iomláin i bhfoirm an-ealaíonta'. Ar 158ú breithlá Yeats, fiosróimid an duais cháiliúil sin - idir na coinníollacha (cuid acu atá conspóideach) in uacht Alfred Nobel, an próiseas ainmniúcháin, agus na hiarrthóirí eile thiar in 1922, an fhreagairt do rath Yeats in 1923, agus an tábhacht fhadtéarmach a bhain leis."

Tá ticéid don léacht seo saor in aisce agus is féidir iad a chur in áirithe anseo. Déanfar an t-imeacht a bheoshruthú freisin. Is féidir sonraí faoi conas clárú don sruth beo a fháil anseo.

Tá taispeántas Yeats, Saol agus Saothar William Butler Yeats lonnaithe i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar Shráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2. Tá saorchead isteach agus beidh fáilte roimh chuairteoirí bualadh isteach le linn uaireanta oscailte. Féach www.nli.ie le tuilleadh sonraí a fháil.

CRÍOCH