Home, National Library of Ireland
Roghchlár

NLI leis an gceangal idir WB Yeats agus Joyce a léiriú le breithlá Yeats a cheiliúradh

Déardaoin, 9 Meitheamh 2022
Joseph Hassett ina sheasamh ag póidiam ag labhairt le lucht féachana laistigh de Seomra Léitheoireachta NLI

An tOllamh John McCourt agus Joseph Hassett

 

Tabharfar léacht i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le ceiliúradh a dhéanamh ar bhreithlá WB Yeats ina mbeifear ag díriú ar a chaidreamh le James Joyce. Beidh Léacht bhliantúil Joseph Hassett Yeats ar siúl Dé Sathairn, an 11Meitheamh ar 6pm, agus an teideal a bheidh uirthi ná WB Yeats: A Portrait of the Poet as a Joyce Critic.  Déanfar beoshruthú ar an léacht ó Sheomra Léitheoireachta NLI.

Is é an tOllamh John McCourt a thabharfaidh an léacht, scoláire Joyceach agus Ollamh le Béarla in Ollscoil Macerata.

Bíonn eochairléacht sa Leabharlann Náisiúnta gach bliain le breith WB Yeats ar an 13 Meitheamh 1865 a chomóradh agus tacaíocht fhial á fáil ó Joseph Hassett, dlíodóir, scoláire liteartha agus daonchara. Tá an léacht á spreagadh ag taispeántas fadtréimhseach na Leabharlainne Náisiúnta, Saol agus Saothar William Butler Yeats, ina gcuirtear an bailiúchán is mó ar domhan d’ábhar a bhaineann le Yeats os comhair an phobail. 

Agus í ag labhairt roimh an léacht Dé Sathairn, seo mar a labhair Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach NLI: “Táimid ag tabhairt beirt de na scríbhneoirí is iomráití in Éirinn le chéile i mbliana, bliain comórtha céad bliain Ulysses. Tá tionchar dochreidte fadréimseach domhanda ag an mbeirt acu agus tá ceangal láidir ag an mbeirt acu le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Deirtear go deimhin gur taobh amuigh den Leabharlann Náisiúnta a casadh WB Yeats agus James Joyce ar a chéile den chéad uair, áit a mbídís beirt ag léamh go rialta. 

“Is mór an phribhléid dúinn anseo i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann go bhfuil bailiúcháin thar cionn Yeats agus Joyce againn, sraith litreacha ina measc ina dtugtar cuntas ar an gcairdeas liteartha idir an bheirt acu thar thréimhse 20 bliain. Tá na litreacha go léir digitithe agus is féidir féachaint orthu saor in aisce ar líne. Mar chuid den bhailiúchán tá litir ó Joyce agus é ag cur in iúl go mbeadh sé sásta an céadeagrán de Ulysses a bhí ag Yeats féin a shíniú.

“Tabharfaidh an tOllamh John McCourt an bheirt scríbhneoirí le chéile arís eile i seomra léitheoireachta na Leabharlainne Náisiúnta i léacht Joseph Hassett 2022. Mar léiriú ómóis ar an mbliain speisialta seo, beidh Seomra Léitheoireachta na Leabharlainne ar oscailt tráthnóna Lá Bloom, Déardaoin an 16 Meitheamh, le go mbeidh an pobal in ann blaiseadh a fháil den timpeallacht a spreag Yeats agus Joyce beirt.”

Le tuilleadh eolais a fháil, féach www.nli.ie

CRÍOCH