Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Léacht Joseph Hassett ar Yeats chun comóradh a dhéanamh ar lá breithe WB Yeats

“WB Yeats: A Portrait of the Poet as a Joyce Critic”

Déardaoin, 9 Meitheamh 2022
Joseph Hassett ina sheasamh ag póidiam ag labhairt le lucht féachana laistigh de Seomra Léitheoireachta NLI

An tOllamh John McCourt agus Joseph Hassett

Beidh Léacht bhliantúil Joseph Hassett ar siúl Dé Sathairn, an 11 Meitheamh ag 6pm, agus an teideal a bheidh uirthi ná “WB Yeats: A Portrait of the Poet as a Joyce Critic”.

Is é an tOllamh John McCourt a thabharfaidh an léacht, scoláire Joyceach agus Ollamh le Béarla in Ollscoil Macerata.

Bíonn eochairléacht sa Leabharlann Náisiúnta gach bliain le breith WB Yeats ar an 13 Meitheamh 1865 a chomóradh agus tacaíocht fhial á fáil ó Joseph Hassett, dlíodóir, scoláire liteartha agus daonchara. Tá an léacht á spreagadh ag taispeántas fadtréimhseach na Leabharlainne Náisiúnta, YEATS: Saol agus Saothar William Butler Yeats, ina gcuirtear an bailiúchán is mó ar domhan d’ábhar a bhaineann le Yeats os comhair an phobail.

Léigh an phreaseisiúint iomlán

WB Yeats: A Portrait of the Poet as a Joyce Critic – Léacht Joseph Hassett Yeats, 2022