Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Stair Thalamh na hÉireann a Rianú: Digitiú Innéacs Keane

Dé Luain, 24 Samhain 2025
land record

Eascraíonn taifid Choimisiún Talún na hÉireann as Achtanna Talamh-Cheannaigh na hÉireann (1881-1923), reachtaíocht bharrthábhachtach a chumasaigh aistriú na seilbhe talún ó thiarnaí talún go feirmeoirí tionóntacha.

Sa lá atá inniu ann, tá na taifid sin i seilbh Bhrainse na dTaifead den Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ach níl rochtain ag taighdeoirí orthu.

Chun an bhearna sin a laghdú, rinneadh Cártaí Innéacs Choimisiún Talún na hÉireann, ar a dtugtar Innéacs Keane,  idir 1969 agus 1970 trí chomhoibriú idir Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann (CLÉ), Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) agus an Coimisiún Talún, le tacaíocht ó Oifig na dTaifead Poiblí (an Chartlann Náisiúnta a thugtar uirthi anois) agus ó Chlárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas. Arna shannadh ag an Roinn Oideachais chuig an gCoimisiún Talún ón NLI i mí an Mhárta 1969, d’oibrigh an Dr Edward Keane go dlúth leis an CLÉ chun struchtúr agus raon an tionscadail innéacsaithe uaillmhianaigh seo a dhearadh.

Scrúdaigh Keane 8,447 bosca páipéar a bhaineann le 9,343 eastát agus rinne sé 36,000 cárta innéacs chomh maith le 35 imleabhar ceangailte, agus gach ceann acu thart ar 400 leathanach. Clúdaítear sna himleabhair sin taifid a bailíodh faoi na hAchtanna Talún idir 1891 agus 1909. Agus é go hiomlán crostagartha, cuireann an t-innéacs ar chumas na dtaighdeoirí cuardach a dhéanamh de réir contae, eastáit nó ainm aonair. Baineann gach iontráil le "huimhir bhosca" chomhfhreagrach i gcomhaid an Choimisiúin Talún. Is féidir breathnú san innéacs fisiciúil i Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní an NLI.

In 2023, tháinig an CLÉ chuig an NLI agus togra aige chun Innéacs Keane a dhigitiú agus áis chuardaigh ar líne a chruthú le haghaidh thaifid an Choimisiúin Talún. Cuireadh tús le catalógú agus le digitiú in 2024, agus  is féidir teacht ar íomhánna roghnaithe anois ar ár gcatalóg ar líne.

I ngeall ar an easpa leanúnach ar rochtain atá ag an bpobal ar chomhaid bhunaidh an Choimisiúin Talún, fanann Innéacs Keane mar acmhainn riachtanach le haghaidh staraithe, ginealeolaithe agus aon duine atá i mbun taighde ar stair talún agus shóisialta na hÉireann.

James Shearman Loughnan index card
Land commission records cover
Index card for Charles Stewart Parnell
Thomas Rochfort index card
Naas Protestant Orphan Society index card