Sa chnuasach sin atá á choimeád go cúramach tugtar breis agus 150 doiciméad le chéile idir lámhscríbhinní, litreacha, nuachtáin, agus doiciméid chartlainne. Déantar plé tríd an gcnuasach ar chúrsaí polaitíochta, cultúir, agus staire comhroinnte tráth a raibh an dá náisiún faoi réimeas na Breataine. Tugtar léargas luachmhar leis do thaighdeoirí agus don phobail ar thionchar na nGael i Meiriceá in 1776 agus tarraingítear aird leis ar naisc stairiúla idir Éire agus na Stáit Aontaithe a théann siar i bhfad, go háirithe roimh 250ú cuimhneachán ar Neamhspleáchas Mheiriceá ar an 4 Iúil 2026. Spreagfar oideachas, comhoibriú agus tuiscint níos doimhne ar oidhreacht thras-Atlantach leis an gcnuasach.
Lá mo chuairte, chuir Stiúrthóir na Leabharlainne, an Dr. Audrey Whitty, i dteannta le comhaltaí fhoireann na gCnuasach Speisialta, fáilte Uí Cheallaigh romham. Ba thaithí léirsteanach agus luachmhar nach ligfear i ndearmad í chun breathnú ar fhairsinge bhailiúchán na leabharlainne agus ar thábhacht a bhaineann leis an saothar atá ar bun chun iad a chaomhnú agus a roinnt leis an bpobal.
Ón tús, leag Dr Whitty amach ról athraitheach na leabharlainne mar chaomhnóir oidhreacht chultúrtha na hÉireann agus mar fhoras atá ag amharc chun cinn araon atá tiomanta don rochtain agus do rannpháirtíocht leis an bpobal. Bhí an bhéim a leag sí béim ar cothromaíocht a aimsiú idir chaomhnú agus rochtain le brath go mór le linn na cuairte.
Ba bhuaicphointe ar leith é am a chaitheamh le foireann na gCnuasach Speisialta. Bhí a gcuid saineolais sa chaomhnú agus i mbainistiú na cartlainne le brath go soiléir agus iad ag léiriú na bpróiseas a úsáidtear chun ábhair atá leochaileach a dhaingniú, a dheisiú agus a chosaint, agus chun iad a ullmhú le haghaidh a ndigitithe. Tá caomhnú an chnuasaigh Mheiriceá250 ríthábhachtach i ndáil le hoidhreacht thras-Atlantach chomhroinnte lena múnlaíodh Éire agus na Stáit Aontaithe araon a chosaint. Is léargas ón mbunfhoinse iad na doiciméid sin ar phointí, ar smaointí, agus ar naisc atá thar a bheith tábhachtach ó thaobh na staire de a bhfuil tionchar go fóill acu ar an tsochaí sa lá atá ann inniu. Trína gcosaint agus trína ndigitiú tá an Leabharlann ag cinntiú go mairfidh rochtain orthu ionas go mbeidh na glúine amach anseo in ann staidéar a dhéanamh orthu.
Buaicphointe na cuairte ab ea an deis chun féachaint ar roinnt earraí suaithinseacha a bhaineann le Forógra Saoirse Mheiriceá. Ina measc siúd bhí mionléarscáileanna Stáit Neamhspleácha Mheiriceá, lenar tugadh léiriú físeach ar náisiún a bhí á chur le chéile de réir a chéile. Chíor mé freisin imleabhar faoi Bhunreachtanna Stát Mheiriceá , agus litir an-spéisiúil (LS 11,418/2) a scríobh William Parker in Staten Island, Nua-Eabhrac, chuig Anthony Parker ag Baile an Chaisleáin gar do Luimneach, a dtugtar cur síos inti ar theacht na gCoisithe Éadroma i mí Iúil 1776.
The constitutions of the several independent states of America (LO 9215)
Letter to Anthony Parker at "Castletown, near Limerick" from William Parker, 1776 July 29. (MS 11,418/2)
Ba é an píosa ba shuntasaí, áfach, ná Irisleabhar Laighean Fhinn (Vol. X, Uimh. 68), arna fhoilsiú i mí Lúnasa 1776. Tá cáil ar an nuachtán suntasach sin nó ba é an chéad fhoilsiú de chuid Fhorógra Shaoirse na Stát Aontaithe in Éirinn. Ba thaithí iontach í an doiciméad sin a fheiceáil ina steillbheatha, ag nascadh Éire go díreach le ceann de na pointí polaitiúla is suntasaí sa stair. Chuir sé brí agus anam i bhfocail mharthanacha an Fhorógra: “We hold these truths to be self-evident, that all men are created equal.” Léirítear sa ráiteas sin, ráiteas atá chomh lárnach i scéal Mheiriceá, tiomantas comhroinnte níos leithne d'idéil dhaonlathacha, agus is ráiteas é a bhfuil a mhacalla le brath sa lá atá ann inniu agus comóraidh Mheiriceá250 ag druidim linn.
Tá ról gníomhach ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann sna comóraidh sin trí Chlár Comórtha Mheiriceá250 de chuid Rialtas na hÉireann, ag tabhairt faoi thionscnamh ollmhór caomhnaithe agus digitithe. Dírítear leis an tionscadal sin ar ábhair laistigh de chnuasaigh na leabharlainne a bhaineann le bunadh agus le hoidhreacht na Stát Aontaithe a aithint, a chaomhnú agus a chosaint.
A luaithe a bheidh siad i bhfoirm dhigiteach, cuirfear na cnuasaigh sin ar fáil ar líne, rud lena dtabharfar teacht orthu ag lucht léitheoireachta ar fud na cruinne. Is ionann sin agus céim thábhachtach lena chinntiú nach gcoimeádfar acmhainní stairiúla suntasacha i gcartlanna fisiciúla a thuilleadh, ach go mbeidh rochtain ag taighdeoirí, ag mic léinn, agus ag an bpobal i gcoitinne orthu. Léirítear léi tiomantas soiléir d'inrochtaineacht, don chuimsitheacht, agus don tábhacht a bhaineann le léann na staire go fóill.
Tá sé i gceist ag an Leabharlann na hacmhainní sin a chur chun cinn trína suíomh gréasáin, trína catalóg ar líne, agus trí chainéil a meán sóisialta, chun cabhrú le rannpháirtíocht a leathnú agus na scéalta sin a chur os comhair lucht éisteachta níos leithne.
Ar an iomlán, fuarthas léargas fónta le linn na cuairte ar shaothar ríthábhachtach Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus ar an ról aici i ndáil leis an stair agus an lá atá ann inniu a nascadh lena chéile. Á stiúradh ag Stiúrthóir na Leabharlainne, Dr Audrey Whitty, agus le saineolas fhoireann na gCnuasach Speisialta, leanann an Leabharlann uirthi ag caomhnú na staire agus an nuálaíocht á tabhairt ar bord aici chomh maith. Is ionann tionscadal Mheiriceá250 agus eiseamláir tréan den chur chuige sin, ag áirithiú go mairfidh rochtain, tábhacht agus tionchar doiciméad suntasach, amhail na cinn a raibh sé de phribhléid orm breathnú orthu, go ceann i bhfad.
Tríd is tríd, ní cartlann amháin é cnuasach speisialta Mheiriceá 250; ach is droichead é idir an stair agus an lá atá ann inniu. Tugtar léargas leis ar Éirinn agus ar Mheiriceá breis agus 250 bliain ó shin, rud a chuireann lenár dtuiscint ar an gcaoi a leanann cúrsaí staire atá fite fuaite ina chéile de bheith ag múnlú domhan an lae inniu go fóill féin. Cé nach gcumhdaítear ach díreach os cionn céad bliain sa chaidreamh taidhleoireachta foirmiúil idir an dá thír, téann na ceangail lena nasctar iad, na hidéil chomhchoiteanna eatarthu, agus an taithí stairiúil i bhfad níos faide siar, bunaithe i gcomhraic chomhuaineacha ar son an neamhspleáchais agus spiorad an chairdis thras-Atlantaigh atá ann le fada, agus tá sé sin le brath go soiléir sa chnuasach.