Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Sa tóir ar íomhánna den Ghorta Mór?

Mar chomóradh bliantúil ar an nGorta Mór, beidh NLI ag roinnt leideanna maidir le cén chaoi taighde a dhéanamh ar an ngorta

Dé Luain, 15 Bealtaine 2023
Éire ag streachailt leis an ngorta agus an tUasal Balfour ag imirt gailf

Éire ag streachailt leis an ngorta agus an tUasal Balfour ag imirt gailf (PD United Ireland 1890 Lúnasa 23) 

Is beag grianghraf atá againn ón nGorta Mór in Éirinn (1845 – 1852) agus de na híospartaigh toisc nach raibh an ghrianghrafadóireacht ach ina tús ag an am sin.

Bhí an trealamh a bhí ag teastáil chun grianghraif a ghlacadh costasach agus ní raibh fáil ach ag na haicmí saibhre air dá bhrí sin. Bhí nuachtáin agus irisí na linne ag brath go príomha ar líníochtaí agus ar phriontaí chun a gcuid alt a léiriú.
 
Mar sin, agus muid ag dul sa tóir ar ghrianghraif d’aimsir an ghorta, braithimid ar an mBailiúchán Priontaí agus Líníochtaí agus ar na Bailiúcháin Earraí Inbhailithe.
 
Sa sampla thuas ónár mBailiúchán Priontaí agus Líníochtaí, dar teideal ‘Éire ag streachailt leis an ngorta agus an tUasal Balfour ag imirt gailf’, léirítear teaghlach bocht.
 

Léirítear san íomhá thíos teaghlach eile atá ag fáil bháis leis an ocras. Tá na tuismitheoirí ina luí ar leapacha tuí, iad tinn leis an ocras, agus na leanaí fágtha le déanamh as dóibh féin.

 

Interior of a house with holes in the roof. A family are starving.

Gorta in Éirinn (​​PD B52)

Tá go leor grianghraf dár gcuid bailiúchán digitithe agus is féidir teacht orthu trínár gcatalóg ar líne.
 
Is é an cur chuige is fearr le glacadh ná eochairfhocail ábhartha ar nós ‘Ocras’ nó ‘Gorta’ a roghnú leis an gcatalóg ar líne a chuardach, agus an cuardach a bheachtú ansin chuig raon blianta (i.e. 1845-1852).
 
Dá leithne an raon dátaí is ea is mó acmhainní tánaisteacha a thiocfaidh aníos, amhail leabhair agus paimfléid a scríobhadh faoi ré an ghorta.
 
-----
 
Chun tuilleadh eolais a chur ar an nGorta Mór, bí linn ar an 18 Bealtaine 2023, 7-8pm le haghaidh léacht saor in aisce ar líne chun Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir, 2023 a chomóradh: 'Ó Theach na mBocht go dtí an Teach Bán: cúiseanna agus iarmhairtí an Ghorta Mhóir'.
 
Bí i dteannta an Ollaimh Christine Kinealy agus í ag fiosrú cúiseanna Ghorta na hÉireann, a chuir iallach ar bhreis is milliún duine teitheadh as Éirinn.