Léacht Ar Líne | Ó Theach na mBocht go dtí an Teach Bán: cúiseanna agus iarmhairtí an Ghorta Mhóir.

Bí i dteannta an Ollaimh Christine Kinealy agus í ag fiosrú cúiseanna ghorta na hÉireann, a chuir iallach ar bhreis is milliún duine teitheadh as Éirinn
Le linn chuairt stáit an Uachtaráin Joe Biden ar Éirinn le déanaí, rinne sé tagairtí go minic don bhochtaineacht a chuir iallach ar an oiread sin - a shinsir féin ina measc - baile nua a lorg i Meiriceá. Do na milliúin Gael-Mheiriceánach eile freisin, is é an Gorta Mór a mbunscéal. Céard ba chúis le gorta chomh mór sin gur theith os cionn milliún duine as Éirinn? An raibh sé dosheachanta? Agus conas ba chóir dúinn cuimhneamh air inniu? Bí i dteannta an Ollaimh Christine Kinealy agus í ag fiosrú na gceisteanna seo.