Home, National Library of Ireland
Roghchlár
Blog Archive

Buntreoir maidir leis an mBailiúchán Priontaí agus Líníochtaí

Le Ciara Kerrigan, Coimeádaí Cúnta I - Bailiúcháin Speisialta agus Oifig an Phríomh-Arailt

Dé hAoine, 22 Bealtaine 2020
Seasann Jonathan Swift, (1667-1745), aorthóir agus Déan Ardeaglais Phádraig, Baile Átha Cliath, ag tabhairt turbard do bhuachaill poist atá ina shuí i gcathaoir s’aige - ar an deasc scríbhneoireachta os comhair an bhuachalla tá píosa páipéir ar a bhfuil an teideal "Gulliver's Travels". Lasmuigh den fhuinneog, is féidir Ardeaglais Phádraig a fheiceáil.

Dean Swift agus Buachaill an Phoist (EP SWIF-JO (34) I)

Tá clú agus cáil ar NLI as an mbailiúchán leabhar atá againn, ach arbh eol duit go bhfuil breis agus 100,000 prionta agus líníocht againn sa leabharlann?

Cuireann an bailiúchán atá againn taifead íomhánna ar fáil dúinn ar Éirinn ón 17ú haois go dtí an 21ú haois. Tá taifead ann de shaol mhuintir na hÉireann san am atá thart agus san am atá i láthair agus ar áit chónaithe na muintire sin. I measc na mbailiúchán faoi leith tá cartúin agus aortha, maisithe leabhar, priontaí agus líníochtaí topagrafacha, líníochtaí ailtireachta agus portráidí.
 
Tá an-chuid priontaí portráide againn. Cuireadh tús leis an mbailiúchán in 1863 nuair a bhronn Jasper Joly, bailitheoir rathúil flaithiúil é féin, a bhailiúchán dochreidte de léarscáileanna, lámhscríbhinní, priontaí agus líníochtaí, leabhair agus bileoga ceoil ar Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar an gcoinníoll go mbronnfaí ar aon leabharlann náisiúnta de chuid na hÉireann iad dá ndéanfaí a leithéid a bhunú.
 
Mar sin, nuair a bunaíodh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in 1877, bhí taisce Joly ar an gcéad chroíchnuasach inti. Blianta ina dhiaidh sin, tharla go raibh an leabharlannaí dílis Rosalind Elmes ag obair lena chuid priontaí agus líníochtaí, agus ise a rinne iad a chatalógú agus a rinne cúram díobh.
 
‘Portráidí Elmes’ a thugtar orthu go simplí, agus tá nach mór 3,000 íomhá de 1,100 pearsa ó stair na hÉireann sa bhailiúchán seo de phortráidí greanta Éireannacha agus bunlíníochtaí. I measc na bportráidí tá mná tí lucht rachmais, aisteoirí, fáthlianna, polaiteoirí, scríbhneoirí, eolaithe agus tírghráthóirí. Is féidir féachaint ar íomhánna ó bhailiúchán na bportráidí sa chatalóg ar líne.
 
Caith súil ar na buaicphointí thíos, áit a bhfuil eolas ar chuid dár bpriontaí agus líníochtaí de phearsa liteartha, mná clúiteacha agus mná míchlúiteacha.

Pearsana Liteartha

Jonathan Swift, D.D. (1667 – 1745), Déan Ard-Eaglais Phádraig, Baile Átha Cliath - scríbhneoir aistí, paimfléadaí polaitiúil, file agus an t-aorthóir próis ab iomráití i mBéarla. Sa phrionta seo, dar teideal ‘An Déan Swift agus Stócach an Phoist’ (a luaitear thuas), feicimid Swift ag seachadadh turbaird do stócach poist atá ina shuí i gcathaoir an déin. Ar an deasc scríbhneoireachta os comhair stócach an phoist tá píosa páipéir agus an teideal "Gulliver's Travels" air. Más mian leat tuilleadh eolais a léamh faoin gcás saoithiúil seo, féach an téacs thíos faoin íomhá inár gcatalóg ar líne anseo.

Prionta portráide de "Speranza," an Bantiarna Wilde
"Speranza," Lady Wilde (EP WILD-JA (1) II)

Scríbhneoir, aistritheoir, file agus náisiúnaí Éireannach ab ea Jane Wilde, a raibh an t-ainm cleite "Speranza" uirthi fosta. Bhí réimse leathan ábhair i gceist i saothar Wilde, mar shampla freagra fileata ar an nGorta Mór a bhí sa nuachtán The Nation in 1847, í iontach cáinteach faoi aicme na dtiarnaí talún, aicme lenar bhain sí féin, agus ansin cnuasach de scéaltaí béaloidis agus creidiúintí na ndaoine, dar teideal Ancient Legends, Mystic Charms, and Superstitions of Ireland. Cliceáil anseo más mian leat féachaint go mion ar an gcatalóg.

Mná Clúiteacha agus Míchlúiteacha

Greanadh de Bhean Woffington, portráid dá cloigeann agus guaillí
Mrs. Woffington (EP WOFF-MA (2) I)

Rugadh Margaret (“Peg”) Woffington i mBaile Átha Cliath thart ar 1720, iníon le bríceadóir agus a bhean. Bhí sí ar dhuine de na haisteoirí ab iomráití den 18ú haois. Agus í cumasach dóighiúil deisbhéalach, níor pósadh riamh í. Is iomaí cumann a bhí aici a bhí i mbéal an phobail sa saol a chaith sí a bhí go tragóideach gearr (fuair sí bás sa bhliain 1760). Is féidir cliceáil anseo lena portráid ghreanta a fheiceáil inár gcatalóg ar líne.

Prionta ina bhfeicimid Ellen Byrne, prionta beagnach leathfhada, lánaghaidhe, féachaint ar chlé, éide baintrí uirthi, bláthanna ina glac aici agus ciarsúr ina lámh chlé, í ag an mbarra; fínéad.
Mrs. Ellen Byrne (EP BYRN-EL (1) II)

Ellen Byrne  Mná míchlúiteacha agus clúiteacha i gcuideachta a chéile sna portráidí atá againn mar an ceann de Ellen Byrne. Bhí gach duine dírithe ar Byrne agus triail ar siúl i lár an 19ú haois a bhí i mbéal an phobail. Cuireadh ina leith gurbh ise ba chiontaí le dúnmharú a fir céile, ar thángthas ar a chorp i ndiaidh cúpla lá i seomra na beirte. Fuarthas neamhchiontach í, a chuir an-díomá ar na sluaite a bhíodh bailithe thart ar theach na cúirte agus an triail ar siúl. Tá sí le feiceáil sa phrionta seo mar a bhí sí ag an mbarra Dé Luain an 15 Lúnasa 1842, í tugtha os comhair na cúirte mar gheall ar dhúnmharú a fir céile. Is féidir zúmáil isteach ar an íomhá inár gcatalóg anseo

-----

Foilsíodh an scéal seo a chéaduair i Nuachtlitir LNÉ i mBealtaine 2020.