Trí shraith cainteanna, plé painéil agus turais, chonaiceamar an tionchar a bhí ag an tírdhreach seo ar shaothar an fhile ar feadh a shlí bheatha ar fad. Dúirt Patrick Kavanagh uair amháin, inspioráid mhór do Seamus Heaney agus file a raibh tuiscint iontach aige ar shaol na tuaithe, "gur droch-chás é fear nach bhfaighidh sonas agus sástacht i bportach móna." Ar ndóigh, ní dóigh liom go bhféadfaí breathnú ar Heaney mar dhroch-chás!
Chomh luath le 'Digging' in Death of a Naturalist, tugann Heaney le fios an gaol a bheidh aige leis an bportach, nach bhfuil aon rogha eile ann ach tochailt síos agus síos, toisc gurb ann a gheobhaidh sé a stair agus í caomhnaithe ag an talamh a thugann inspioráid fhileata dó. Ní féidir le Heaney a shinsir a leanúint sa talmhaíocht ach tochlóidh sé mar sin féin, gheobhaidh sé cothú ón talamh, fiú más de chineál liteartha seachas de chineál litriúil é.
Sa chéad bhailiúchán eile uaidh Door into the Dark, leathnaítear raon feidhme an phortaigh ó bhrí phearsanta go brí phobail ina dhán deiridh 'Bogland'. Is féidir 'Bogland' a mheas mar fhreagra ar ‘In Praise of Prairie’ le Theodore Roetke. Cuireann 'Bogland' le Heaney codarsnacht d'aon ghnó ar fáil do 'Prairie' le Roethke - is é an féarthalamh tírdhreach miotaseolaíoch Mheiriceá, ag féachaint amach agus suas, línte an dáin leathan agus cothrom cosúil leis an tírdhreach. I gcodarsnacht leis sin, buaileann portach Heaney isteach agus síos sa dán 'Bogland', na línte cúnga ag tochailt níos doimhne. Cé go bhfuil focal deiridh cinntitheach - end - i ndán Roethke, tá portach Heaney gan tóin. Ós rud é gurb é an dán deireanach sa bhailiúchán é, tugtar le fios go bhfuil tús á chur le hiniúchadh nua ar an ábhar seo.
Eisíodh Door into the Dark in 1969. An bhliain chéanna, léigh Heaney leabhar an tseandálaí PV Glob, The Bog People, faoi choirp phortaigh a fuarthas sa Danmhairg agus a ceapadh a bheith ina n-íobairtí do bhandia an Domhain, Nerthus, le haghaidh fómhar maith. An bhliain chéanna, bhris na Trioblóidí amach go foirmiúil i dTuaisceart Éireann i dTaobh an Bhogaigh i nDoire. Bhí tionchar ag an dá eachtra seo ar an gcaoi ar chaith Heaney leis an bportach don deich mbliana dár gcionn. In Wintering Out, is é ‘The Tollund Man’ an síol a bhaineann leis an gcaoi ar chaith Heaney leis an bportach mar mheafar don fhoréigean i dTuaisceart Éireann. Agus Heaney ag tiomáint ar shiúl, buaileann an íoróin leis a bhaineann le bheith i dtír i bhfad ón mbaile, le teanga nach féidir leis a labhairt, ach tá tuiscint mhaith aige ar an bhforéigean i bhfianaise a raibh ag tarlú go rialta in Ulaidh. Sa chás seo, ní bhaineann an focal 'baile' le compord agus sólás ach le coimhthíos agus éadóchas. Tá an méid sin an-soiléir go deo sa dán 'North'. Ceann de na saothair is dírí agus is suntasaí ná 'Punishment', ina ndéantar cur síos ar chorp mná i bportach, a ceapadh a maraíodh as adhaltranas, a cuireadh i gcomparáid le bean Chaitliceach a cuireadh cleití agus tarra clúdaigh uirthi i dTuaisceart Éireann go luath sna 1970idí, a cúisíodh as muintearas a dhéanamh le saighdiúir Briotanach.
Tríocha ceathair bliana ina dhiaidh sin, tugann Heaney spléachadh eile ar an Tollund Man in District and Circle. Agus é ag cuimhneamh ar an méid sin, téann Heaney ar ais chun a Tollund Man a fheiceáil as an nua. Ní hé an nasc idir foréigean san Iarannaois agus deireadh an 20ú haois is ábhar imní do Heaney anois ach an teannas idir am atá thart a bhíodh níos gaire don nádúr agus an saol truaillithe nua-aimseartha atá againn sa lá atá inniu ann. Leis an dán seo, feicimid an chaoi ar athraigh an portach i súile Heaney le blianta anuas, ag tosú mar stair phearsanta – nasc lena athair – go siombail den éiginnteacht agus den fhoréigean méadaithe i dTuaisceart Éireann go caoineadh faoi shaincheisteanna éiceolaíocha.
-----
Suim agat tuilleadh eolais a fháil faoi fhilíocht Heaney? Tabhair cuairt ar ár dtaispeántas saor in aisce Seamus Heaney: Éist Anois Arís.