Nuair a théann tú isteach sa taispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís, is iad na chéad fhocail a fheiceann tú an fhírinne lom: “Déanann Seamus Heaney rud neamhghnách as an ngnáthrud.” Thug coiste Dhuais Nobel aitheantas dá “shaothair fileata áille agus an tuiscint eiticiúil a bhí aige, a thugann míorúiltí agus an stair chun beatha” nuair a bhronn siad an duais air in 1995.[1]
Ach cad as ar tháinig an bealach sin chun breathnú ar an domhan?
Tá an frása sin, ‘míorúiltí agus an stair a thabhairt chun beatha’ an-chosúil le ceann de na hinspioráidí is mó a bhí ag Heaney: an mhiotaseolaíocht. Mar a dúirt sé féin, dá mhéad a d’athraigh an domhan, agus dá mhéad is a laghdaigh a chreideamh féin, is mó a bhraith sé an gá le “miotas na Críostaíochta – ‘thíos ansin, thuas ansin, muidne idir eatarthu’” a athaimsiú. [2] Fuair sé an tuiscint sin ar struchtúr ar ais tríd an miotaseolaíocht.
An Fear
Le haghaidh go leor dúinn, níl sa mhiotaseolaíocht ach rogha eile ó mhórchatalóg scéalta ár dtuismitheoirí roimh am codlata. I gcás Heaney, áfach, d’fheidhmigh sí mar scafláil de shaghas éigin; creatlach chun tuiscint a fháil ar an domhan. Dúirt sé uair amháin gurb iad miotais na rudaí a chruthaíonn “domhanfhad agus domhanleithead na tuisceana san Iarthar, ag bunú na chéad línte smaointeoireachta agus mothúchánacha.”[3]
Is é sin le rá, bhí i bhfad níos mó i gceist leis na miotais ná scéalta amháin, do Heaney féin, agus do na sochaithe a chruthaigh iad freisin. D’fheidhmigh siad mar uirlisí teagaisc, mar threoracha morálta, agus mar bhealaí chun an saol a mhíniú, agus iad ag streachailt le hábhair imní uilíocha an chine dhaonna: maith nó olc, beatha agus bás, an saol eile, bunús an domhain, agus fiú nádúr an chine dhaonna féin. Ní haon ionadh é, mar sin, gur bhain go leor scríbhneoirí Éireannacha leas as miotaseolaíocht go minic chun uilíochas a sholáthar dá saothar, ag baint úsáid as an miotas mar phointe tosaigh chun labhairt faoina gcomhthéacsanna uathúla agus Éireannacha go smior.[4]
Ní raibh aon difríocht idir na scríbhneoirí sin agus Heaney. Thóg sé miotas agus d’athshaothraigh sé é chun aghaidh a thabhairt ar an ngné áitiúil, pearsanta agus polaitiúil – an scéal a athchruthú as an nua. Tá plé forleathan déanta ar a spéis san ábhar.[5] Anseo, in áit a ghairm bheatha ar fad a rianú, téimid ar ais chuig an tús. Ag baint leas as dréachtaí ó chartlann phearsanta Heaney, feicfimid an pointe a thagann miotaseolaíocht isteach ina shamhlaíocht den chéad uair, agus an nóiméad a thosaíonn sé ar a thóraíocht i réimse dhiaga na filíochta ar feadh a shaoil.
An Miotas
Is iad saothair dhéanacha Heaney a fhaigheann an moladh is mó as an leas a bhaineann siad as miotais agus finscéalta clasaiceacha, ach téann a spéis sa mhiotaseolaíocht siar chomh fada lena chéad chnuasach, Death of a Naturalist (1966). Léiríonn dán deiridh an chnuasaigh, an dán clúiteach ‘Personal Helicon’, leis an gcéad líne cháiliúil: “As a child, they could not keep me from wells…”, an áit ar tháinig an mhiotaseolaíocht chun cinn den chéad uair. Caithfimid brí an teidil a mhíniú ar dtús chun an nasc féin a mhíniú.
Inár ngnáthshaol, is sliabh measartha mór é Sliabh Helicon atá suite i réigiún Bhéóitiach na Gréige. I saol mhiotaseolaíoch dhiaga na Gréige, áfach, bhí sé mar bhaile ag na Béithe, bandéithe na hinspioráide. Bhí sé i gceist ag file ón tSean-Ghréig a bhí céasta ag bac scríbhneora gabháil suas an sliabh, ól as na toibreacha, agus go dtiocfadh a chruthaitheacht ar ais.
Is anseo, trí athchruthú, a léiríonn Heaney a stíl inaitheanta chun miotas a chruthú: glacann sé an íomhá chlasaiceach mhaorga seo agus aistríonn sé í go dtí a áit bhreithe – go toibreacha thuaithe Chontae Dhoire lena mbolaithe “Of waterweed, fungus and dank moss.” Bhí na toibreacha sin ina Helicon pearsanta dó, a chéad turas chuig an domhan cruthaitheach thíos, áit ar lorg sé inspioráid.
Léiríonn an dán an nós a bhí aige nuair a bhí sé ina pháiste breathnú isteach ina ndorchadas, ag samhlú rudaí a d’fhéadfadh a bheith i bhfolach istigh iontu. Mar dhuine fásta, úsáideann sé filíocht chun iontas na hóige a ghnóthú, an luathfhiosracht sin a spreag a shamhlaíocht. Agus mar sin, sa líne dheireanach dearbhaíonn sé, anois:
“I rhyme
To see myself, to set the darkness echoing.”
De bharr flaithiúlacht Heaney agus é ag bronnadh a chartlann ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in 2011, is féidir linn rianú a dhéanamh ar an gcaoi ar tháinig an smaoineamh seo chun cinn. Tógtar Éist Anois Arís ó na páipéir seo – dréachtaí luatha, dialanna, lámhscríbhinní agus litreacha – ag nochtadh éabhlóid an fhile dár gcuairteoirí.
Annotated typescript draft of ‘Personal Helicon’ (Seamus Heaney Literary Papers, 1963-2010, MS 49,493/8)
I ndréacht luath de ‘Personal Helicon’, bhí teideal difriúil ar an dán: ‘An Apprenticeship’, agus bhí a véarsa deiridh go hiomlán difriúil freisin.
Sa véarsa, scríobhann Heaney go raibh sé “scolded”, agus gur tugadh rabhadh dó go mbáfaí é dá leanfadh sé ar aghaidh ag breathnú isteach i dtoibreacha, nó, i bhfocail nach bhfuil chomh fileata céanna, dá leanfadh sé a chuid fiosrachta agus dá ndéanfaí ealaíontóir dó. Bíodh sin mar atá mar “unwitting apprentice”, ní fhéadfadh sé rud aon ní eile a dhéanamh, b’éigean dó “to rhyme”.
Cosúil le laoch mór a fhaigheann glao chun dul i mbun na heachtraíochta, tá sé idir dhá chomhairle: an páiste ba shine de naonúr, mac feirmeora, ag iarraidh todhchaí dhifriúil a shamhlú. Ach nuair a fhéachann tú ar na himill, is féidir an pointe a thagann miotas isteach ina shamhlaíocht a fheiceáil ar bhonn litriúil:
Annotated typescript draft of ‘Personal Helicon’ (Seamus Heaney Literary Papers, 1963-2010, MS 49,493/8)
“When I read how the ancients thought that poets drank their poetry out of a well spring T̶h̶e̶ ̶m̶e̶t̶a̶p̶h̶o̶r̶ (scriosann sé an focal sin) The myth was apt.”
Leis an gceartúchán sin, faigheann sé an chéad leagan den líne dheireanach chlúiteach sin:
“In water, I had sought to see myself, To set the darkness echoing.”
Trí mhiotas, faigheann sé tuiscint ar a ghairm. Go tobann, níl sé chomh deacair sin smaoineamh go bhféadfadh sé a bheith ina fhile. Tá sé ag roghnú chun cloí leis an traidisiún, ag déanamh mar a rinne daoine eile leis na mílte bliain roimhe.
Forbairt File
Nuair a léitear tríd an lionsa seo é, dán tosaigh a chéad saothar, léiríonn an dán finscéalach ‘Digging’ miotas dá chuid féin.
Sa stair chultúrtha, déanann bunmhiotas cur síos ar an mbunús atá le nithe éagsúla: cathair, náisiúin, nó ginealach.[6] Smaoinigh ar Romalas agus Réamas na Róimhe, an cúpla tréigthe a tógadh ag mac tíre baineann iad agus a bhunaigh an impireacht is mó ar domhan. Tá tábhacht ag baint le miotais den chineál seo mar go mbíonn tionchar acu ar an gcaoi a dtuigeann sochaithe iad féin, agus thar aon rud eile, ar an gcaoi a gcuireann siad iad féin in iúl do dhaoine eile.
Sa dán ‘Digging,’ cruthaíonn Heaney a scéal bunúis féin, a bhunmhiotas féin. Déanann sé machnamh ar na glúnta a tháinig roimhe – a athair agus a sheanathair – sleádóirí ag saothrú na talún, ach dearbhaíonn sé cinniúint dhifriúil a shocraigh an Chinniúint féin dó:
“But I’ve no spade to follow men like them.
Between my finger and my thumb
The squat pen rests.
I’ll dig with it.”
Cé go dtugann Heaney onóir don am atá thart, éalaíonn sé uaidh chun ginealach nua a bhunú: an peann in áit an chéachta. Léirítear é seo go háirithe in íomhá an ‘seanathar’, cé gur seanuncail Heaney darbh ainm Hughie a bhí i gceist i ndáiríre.[7] Trí úsáid a bhaint as an seanathair ina ionad sin, déanann Heaney athruithe beaga ar an rud fíriciúil chun tábhacht an rud ficseanúil a mhéadú, rud a neartaíonn an oidhreacht agus a imeacht ina dhiaidh sin araon. Agus mar sin, le hiarracht amháin, leagtar fréamhacha a mhiotais féin: eipic faoi mhac feirmeora a ndearnadh file dó, ina seasann a thionscnamh, Death of a Naturalist, ar dhá philéar mhiotaseolaíoch, ceann ag a thús agus an ceann eile ag a dheireadh.
Kleos
Rachadh Heaney ar aghaidh chun finscéal meánaoiseach na hÉireann Buile Shuibhne a chur in oiriúint mar Sweeney Astray, an oilithreacht mhiotasach in Divine Comedyle Dante a athshaothrú ina íomhá fhileata féin, dhá cheann de thragóidí Sean-Ghréigise Sophocles a dhéanamh níos comhaimseartha. Dhéanfadh sé aistriúchán ar cheann dá chuid saothar is mó cáil, Beowulf, agus Leabhar VI de chuidAeneid Virgil a aistriú go Béarla, mí amháin sular imigh sé féin go dtí an Domhan Thíos. Ina theannta sin, bheadh tagairt amháin nó níos mó ar a laghad do mhiotaseolaíocht na Sean-Ghréige nó na Róimhe, na hÉireann, agus fiú na hÍogbóise i ngach ceann dá chnuasaigh filíochta ó shin i leith. [8] D’fhás an obair a thosaigh ag toibreacha móinteacha Chontae Dhoire ina ngréasán a raibh miotaseolaíocht fite fuaite tríd le snáithe daingean. Mar a scríobh Heaney tráth: Feidhm amháin den mhiotas ná “go gcuireann sé muid i dteagmháil leis an mbeatha shíoraí.”[9] Chuaigh an Bhé i bhfeidhm ar Heaney, agus lig sé dá léitheoirí an sruth céanna buan sin a mhothú, agus trí shaothar a shaoil, tá áit bainte amach aige i measc na réaltbhuíonta go deo.
Fonótaí:
[1] Tá cáil bainte amach ag sliocht Choiste Duais Nobel ann féin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Dhuais Nobel Seamus Heaney sa bhliain 1995, lena n-áirítear a Léacht Nobel, a dhioplóma, agus i bhfad níos mó, féach ar leathanach an Nobel Foundation: Seamus Heaney – Facts - NobelPrize.org.
[2] Féach Dennis O'Driscoll, Stepping Stones: Interviews with Seamus Heaney (2008), lth. 295 - sraith iontach comhráite i bhfoirm leabhair a cuireadh i gcrích le Heaney faoina shaol, na nithe a raibh tionchar acu air agus a scríbhneoireacht.
[3] Lorna Hardwick, ‘Interview with Seamus Heaney,’ Practitioners’ Voices in Classical Reception Studies, iml. 7 (2007).
[4] Mar shampla, WB Yeats i ndánta ar nós ‘Leda and the Swan’, Eavan Boland in ‘The Pomegranate’, agus, ar ndóigh, creatlach miotasach James Joyce in Ulysses. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thionchair chlasaiceacha ar litríocht na hÉireann, féach ar an mbunachar sonraí áisiúil seo: Classical Allusions in Irish Literature.
[5] Chun réamhrá níos giorra a fháil, féach ar bhlag an Dr Liam O’Rourke “Seamus Heaney agus an Léann Clasaiceach” ar shuíomh gréasáin an NLI. Chun dearcadh nuachtáin a fháil, féach ar alt James Campbell i nuachtán The Guardian (26 Bealtaine 2006). Chun staidéar níos doimhne a dhéanamh ar mhiotaseolaíocht i saothar Seamus Heaney, féach ar, Seamus Heaney’s Mythmaking (2023) le hIan Hickey agus Ellen Howley.
[6] Chun réamhrá (an-ghearr agus inrochtana) ar mhiotais bhunúsacha agus ar mhiotas ina fhoirmeacha iomadúla a fheiceáil, féach ar Myth: A Very Short Introduction (2015) le Robert A. Segal.
[7] Stepping Stones, lth. 25.
[8] Bheadh cnuasach ar leith ag teastáil chun gach tagairt mhiotaseolaíoch i saothar Seamus Heaney a liostáil. Maidir leis an tagairt do mhiotaseolaíocht Íogbóise, féach ar an dán ‘A Dog Was Crying Tonight in Wicklow Also’ óna naoú cnuasach, The Spirit Level (1996), a scríobh sé dá chara agus comh-mhac léinn ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, an scoláire Nigéarach Donatus Nwoga.
[9] Déanann Heaney machnamh ar mhiotas agus ar an smaoineamh maidir le hinspioráid fhileata ina aiste “Apt Admonishment: Wordsworth as an Example,” foilsithe in The Hudson Review 61, uimh. 1 (2008): 19–33.