Sa bhlag seo, pléitear a gcaidrimh agus na bealaí ar imir na caidrimh sin tionchar ar chleachtas ealaíne a chéile. Chuir an cairdeas a bhí ag Heaney leis na hamharc-ealaíontóirí sin deiseanna ar fáil dó chun na hamharc-ealaíona a phlé ina chuid filíochta, rud a mhúscail mothú coiteann ar oidhreacht, agus ar an rud is ann a bheith as áit éigin. Nochtar bunús dúchais aontaitheach sna ceangail aeistéitiúla a thagann chun cinn i saothair na n-ealaíontóirí sin,
"omfalas... an chéad áit arb as thú, an áit lena mbaineann tú, an áit a bhfuil greim ag an gceangal dúchais ort."[1]
Bhí ceangal láidir ag gach ealaíontóir lena n-omfalas, rud a nasc iad le ceangal daonna níos mó.
A Stream through Sand by T. P. Flanagan
T. P. Flanagan (1929 - 2011)
Mar is ionann agus Heaney, bronnadh scoláireacht ar Flanagan chun staidéar a dhéanamh ar an mBéarla ag Ollscoil na mBanríona, Béal Feirste, ach i ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar mhúsaeim agus ar dhánlanna na cathrach, thuig sé gur mhaith leis tabhairt faoin bpéintéireacht. Bhuail sé le Heaney in 1960 agus Seamus ina mhúinteoir faoi oiliúint. Is as Heaney atá Flanagan buíoch as é a spreagadh chun triail a bhaint as péintéireacht tírdhreacha; mar gur mhol sé dó gur chóir dó dialann faoi thurais go Lios an Daill a ndeachaigh sé orthu le linn a óige a choimeád, rud ar chúis leis an tírdhreach mar a thit sé isteach i muirniú an dúlra a sceitseáil agus a phéinteáil. [2]
Ó thaobh dhearcadh Heaney de, chuireadar aithne ar a chéile "ag nóiméad cruthaitheach ar leith i saol cultúrtha Bhéal Feirste," agus d’fhéach sé ar mhuintir Flanagan mar "thacadóirí saoil ní b’oscailte, ní ba láine, ní ba shaoire, ní ba shaibhre." [3] Tháinig Flanagan ar thírdhreacha thuaisceart Dhún na nGall nuair a bhí sé ar saoire in 1966 agus Heaney ina chuideachta. Thug sé dearcadh éagsúil spreagúil faoi deara i bportaigh, i sléibhte agus ar chósta Dhún na nGall. Agus luachanna ísle tonúla agus pailéad srianta á n-úsáid aige, léirigh sé cumhachtaí crua an tírdhreacha i bhfoirm theibí. [4]
Bhí cuimhne ghrinn ag Heaney ar an turas go Dún na nGall:
"Ar an gcladach, ar thaobh an bhóthair...bhíodh a bhloc sceitseála amach aige... Mhúin sé dom duibhe a fheiceáil i ngile... gach uair a fhéachaim ar an líne dhorcha lúbach a rinne sé den sruthán sin tríd an ngaineamh, filleann spleodar a léargais." [5]
Anvil Rock III by Colin Middleton
Colin Middleton (1910 – 1983)
Scríobh Michael Longley gur "thóg na cumais agus an chruthaitheacht shíoraí a bhí ag Middleton a shaothar trí roinnt céimeanna an-éagsúil." [6] Thug iliomad gluaiseachtaí ealaíne inspioráid dó lena n-áirítear Impriseanachas, Osréalachas agus Teibíochas. D’fhéach sé ar a raon mar fhreagra domhain ar an ábhar agus bhí sé den tuairim mura mbeadh ach stíl amháin á chleachtadh aige, laghdódh sé sin a chumhachtaí chun na castachtaí agus an siombalachas a bhí beartaithe aige a léiriú ina shaothar, a chur in iúl. [7]
Ba gnách gur tugadh cuireadh do Colin agus dá bhean chéile chun teach Heaney le haghaidh oícheanta airneáin ceoil, óil agus amhránaíochta.[8] Labhair Seamus go minic ag oscailtí taispeántas ealaíne ar fud na tíre, agus tugadh cuireadh dó taispeántas iardhearcach ar shaothar Middleton a oscailt in 1985 dhá bhliain i ndiaidh dó bás a fháil. Ag labhairt dó faoi ealaíontacht a charad, dúirt Heaney "Tharla an tIniúchadh...láithreach bonn..a d’éirigh ina mhaisiú ar chanbhás," agus é ag rá "gur minic go bhfuil cuma veillim atá inscríofa go foirfe" ar shaothair theibí Middleton [9] Luaigh sé a "fhreagraí gan mhilleadh ar an dúlra," agus cheangail sé é le "domhan na gceardchuallachtaí," leis an "nGrafnóir Ceilteach," agus leis an "bhfear scoile heirméiteach." [10] Shíl Heaney,
"dá bhféadfadh Yeats parthas a fheiceáil trí bhacán brád giorria, d’fhéadfadh Colin Middleton na flaithis a fheiceáil trí shúil ghoib." [11]
Megaceros Hibernicus by Barrie Cooke
Barrie Cooke (1931 – 2014)
B’fhilí iad na cairde is dlúithe a bhí ag Barrie Cooke: go háirithe Seamus Heaney, Ted Hughes agus John Montague. Bhí Heaney ar dhuine den líon beag daoine lena raibh Cooke sásta labhairt faoina shaothar; dá réir sin, sheol sé véarsaí dréachta chuig Cooke le breithiúnas a thabhairt orthu. Spreag Cooke Heaney le scríobh, lena n-áirítear an dán neamhfhoilsithe The Island, agus chuir Heaney síos do Cooke agus do Hughes as áitiú air éirí as a phost léachtóra in 1972, bogadh go Co. Chill Mhantáin agus a bheith tiomanta go hiomlán don fhilíocht.
Scríobh Heaney níos déanaí:
"Spreag do mhuinín asainn muinín a bheith againn asainn féin...i ndiaidh na siúlóide maidine sin ag Log an Lá agus... nuair a d’itheamar an liús. An chéad suipéar!”[13]
Thosaigh Cooke ag baint triail as Boscaí Cnáimhe ceirmeacha, a nasc le hobair Heaney ar na Bog Poems. Chuimhnigh Heaney ar "A bheith ag smaoineamh ar na cuimhní sin faoi na cnámha ar thagainn orthu sna páirceanna timpeall Bhábhún an Chaonaigh,"[13] rud a chuir le Bone Dreams (a tiomnaíodh do Cooke).
In 1975, chomhoibrigh siad le chéile ar Bog Poems, eagrán teoranta ina raibh ocht ndán le Heaney chomh maith le léaráidí lánleathanaigh le Cooke ina dteannta. Tagann focal agus íomhá go maith le chéile, rud a chruthaíonn canúint dhinimiciúil.
Keeping Going (etching) by Dimitri Hadzi
Dimitri Hadzi (1921 – 2006)
Bhuail Heaney le Hadzi nuair a bhí sé ag múineadh ag Harvard. Maidir le dealbha Hadzi, dúirt Heaney go raibh:
"an neamhthuilleamaíocht an-sásúil acu agus a bhfuil ag gach saothar críochnaithe... meascán muiníne agus neamhphearsantachta, matáin agus luaithneachta, macalla stairiúil agus neamhbhailbhe."[14]
Bhí a gcairdeas fréamhaithe ina ngrá coiteann do mhiotaseolaíocht na Gréige. Chomhoibrigh siad le chéile ar Keeping Going (1993), agus thiomnaigh Heaney dánta amhail Sonnets from Hellas agus Mycenae Lookout do mhuintir Hadzi. In 1995, thaistil siad tríd an nGréig le chéile-An tSean-Choraint, Micéine, Eipeadáras, an Arcáid agus Sparta. Ba le linn an turais sin a chuala Heaney faoina Dhuais Nobel. Chuimhnigh Hadzi ar Marie agus an glaoch á fháil aici agus í "ag screadach," agus an grúpa ag ceiliúradh le:
"seaimpéin áitiúil neamhshuntasach," "agus brainsí caprais á bhfí le chéile againn in éagmais labhras, rinneamar iarracht Seamus a chorónú leis an bhfleasc."[15]
Léirítear sna caidrimh a bhí ag Heaney le Flanagan, Middleton, Cooke agus Hadzi nach raibh tionchar ag amharc-ealaíontóirí ar a shaothar filíochta amháin ach ar a thuiscint ar an saol agus ar an gceangal daonna. Meabhraíonn a gcaidreamh dúinn, idir fhocal agus íomhá, an t-am atá thart agus an t-am i láthair, idir fhear agus dúlra, gur gníomh comhoibríoch í an chruthaitheacht, á cothú ag daoine agus na háiteanna ina bhfuil greim ag an gceangal dúchais orainn.
Faigh blás den chairdeas a bhí ag Heaney agus a cheangail le domhan na n-ealaíon inár dtaispeántas saor in aisce Seamus Heaney: Éist Anois Arís.
Foinsí:
[1] Heaney, Seamus, Afternoon Plus, Agallamh le John Edwards, Thames TV, 1980 - YouTube
[2] White, Lawrence William, Flanagan, Terence Philip ('T. P.'; 'Terry'), Dictionary of Irish Biography
[3] Réamhrá le Seamus Heaney tógtha ó Kennedy, S.B., T. P. Flanagan, Four Courts Press, Músaem Uladh, 1995
[4] Ibid.
[5] Ibid.
[6] TRACE OF A THORN – Colin Middleton, Michael Longley a rinne tráchtaireacht. Clár Faisnéise BBCNI c. deireadh na 1970idí a rinne scannánaíodh, YouTube
[7] Ibid.
[8] O’Driscoll, Dennis, Stepping Stones: Interviews with Seamus Heaney, Faber agus Faber, 2008
[9] Lámhscríbhinn dréachta neamhchríochnaithe d’aitheasc maidir le healaíontóir Bhéal Feirste, Colin Middleton, 1985 - vtls000362839 | Taifead | NLI-Hydra
[10] Ibid.
[11] Ibid.
[12] Reid, Christopher, The Letters of Seamus Heaney, Faber agus Faber, 2023, leathanach 79/80
[13] O’Driscoll, Dennis, Stepping Stones: Interviews with Seamus Heaney, Faber agus Faber, 2008
[14] Heaney, Seamus, Dimitri Hadzi, Hudson Hill Press, Nua Eabhrac, 1996
[15] Hadzi, Dimitri, Where in Hellas Was Seamus Heaney, Harvard Review, no. 10, 1996, leathanach 27–29. JSTOR