Sa litir, luadh na cuairteanna rialta a thug sé ar thithe na mbochtán agus a dhúthracht i leith cabhrú leo le linn an Ghorta Mhóir. Cuireadh dlús lena bhás anabaí, áitíodh ann, mar gheall ar a thiomantas do na daoine bochta. D’aontaigh Ellen leis sin sa fhreagra uaithi: ‘ghoill anachana 1846 agus na mblianta ina dhiaidh sin go mór air’. Ar shála na mblianta sin ba ea nuair a theip ar a neart, agus nuair a tháinig an tinneas ar ais.
Ba státseirbhíseach Angla-Éireannach agus daonchara é Stephen Edmund Spring Rice, oidhre ar Thomas Spring Rice, an chéad Bharún Shliabh an Iolair Bhréanainn (a bhásaigh in 1866). Mar rúnaí ar Chumann Fóirithinte na Breataine (duine de bheirt fhear Éireannach a raibh bainteach ar an leibhéal sin) agus Coimisinéir na gCustam, ba ghnách le Stephen a bheith in adharca leis an oifigeach sinsearach de chuid na Breataine a bhí freagrach as fóirithint gorta, Charles Trevelyan, maidir lena fhuarchúis chruálach i leith chruachás mhuintir na hÉireann. Tá an comhfhreagras sin, mar aon le cuntais ar obair Spring Rice, ar fáil le féachaint orthu i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Le déanaí, cuireadh leis an mbailiúchán sin le páipéir bhreise theaghlach Spring Rice. Rinneadh iad sin a chatalógú agus tá siad ar fáil anois le breathnú orthu, agus tugtar léargas leo ar shaol theaghlach uasaicmeach Angla-Éireannach le linn na naoú haois déag.
Stephen Edmund Spring Rice (MS 51,964/55 (a))
Is éard atá i gcuid mhór de na litreacha ná comhfhreagras Stephen lena chol ceathrar, Arabella Prescott (ar a dtugann sé an portmanta ‘Carabella’ sna litreacha), lenar chomhroinn Stephen a chuid smaointe, mothúchán agus pleananna. Tháinig cuid mhaith den chomhfhreagras sin ó Theach na Ceapaí i bhFaing, Luimneach, baile dúchais theaghlach Spring Rice. Cé gur chomhartha d’údarás na Corónach i Luimneach é tráth, úsáideadh an teach ní ba dhéanaí mar theach sábháilte ag an IRA, nuair a bhí sé i seilbh an ghníomhaí náisiúnaigh, an tOnórach Mary Spring Rice, a bhfuil a cuid páipéar á gcoimeád ag an NLI freisin.
Stephen Edmund Spring Rice letters announcing the birth of his children (MS 51,964/4-6)
Thóg Stephen agus Ellen deichniúr leanaí i dTeach na Ceapaí, beirt mhac agus ochtar iníonacha. In 1844, nuair a saolaíodh a iníon Aileen, dúirt Stephen go brónach, ‘Is oth liom a rá gur cailín eile atá ann.’ Is cosúil gur tháinig feabhas mór ar an éadóchas sin an bhliain dár gcionn nuair a saolaíodh a iníon Lucy, toisc go ndúirt sé, ‘Ní dóigh liom go bhféadfainn beirt daoine níos sásta a aimsiú i dtiarnas na Banríona (nach mbíonn luí na gréine ann riamh) ná mé féin agus Ellen faoi láthair.’ Nuair a saolaíodh a oidhre, Thomas, in 1849, bhí lúcháir ar Stephen, agus dúirt sé gur ‘buachaill breá láidir é; agus is dócha go leanfaidh sé de bheith láidir agus na doirne air chomh mór céanna lena cheann.’ D’insíodh Stephen do Ellen faoi na leanaí a thógáil, nuacht faoin réadmhaoin agus ó na comharsana, achrainn teaghlaigh agus imeachtaí sóisialta le Briotanaigh agus Éireannaigh mór le rá. Rinne sé go leor taistil, i bhfad i gcéin chuig leithéidí Maidéara agus Chathair na hAilgéire, agus fuair sé bás ar deireadh nuair a bhí sé 50 bliain d’aois agus é ar a bhealach abhaile ó Réigiún na Meánmhara ar bord galtáin. Bhí sé tinn ar feadh bhlianta deiridh a shaoil agus é tnáite óna chuid oibre. Bhí a chuid peannaireachta, a bhíodh reatha muiníneach tráth, creathánach anois: ‘Faighim go bhfuilim lag, éidreorach agus míshásta… Dhéanadh do chláirseach (Carabella) mé a mhealladh ón riocht seo tráth, na blianta ó shin, ach ní chloisfidh mé arís í.’
Stephen Edmund Spring Rice letters, 1851 versus 1864, (MS 51,964/13-18) and (MS 51,964/31-33)
Cé gurb é Stephen Edmund Spring Rice an príomhcharachtar sna litreacha seo, ní hé an t-aon údar é. Tá an bailiúchán seo suntasach go háirithe mar gheall ar an gcomhfhreagras fairsing idir na mná i dteaghlach Spring Rice, agus Ellen agus a hiníonacha iomadúla san áireamh. Le litreacha Theodosia Spring Rice (a bhásaigh in 1926) chuig a deirfiúracha, a máthair, a col ceathracha agus a haintíní, tugtar léargais luachmhara ar chumarsáid bhaineann an naoú haois déag agus, go háirithe, ar líonraí fuinniúla na mban uasaicmeacha Angla-Éireannacha. Ar nós a hathar, rianaigh Theodosia breitheanna, tinnis agus básanna a teaghlaigh, agus chuir sí in iúl iad ar bhealach láithreach ionraic. I litir lena col ceathrar, fógraíonn sí go bhfuil sí geallta leis an bhfear a phósfadh sí ina dhiaidh sin, an tUrramach Edward Chapman: ‘Aithním an grá mór iontach atá aige dom agus tá grá mór agam dó freisin.’ Tá comhfhreagras theaghlach Chapman le feiceáil sa bhailiúchán freisin. Thug Theodosia cuntas ar thinnis agus ar bhreitheanna a beirt deirfiúracha, Mary agus Lucy. Ar nós a hathar, níor thaitin an chuma a bhí ar na naíonán nuabheirthe le Theodosia ar dtús; thug sí faoi deara go searbh go raibh a neacht Hester ‘feabhsaithe go mór ó thaobh cuma de – bhí sí an-ghránna ar dtús.’
Edward family envelopes (MS 51,964/48)
Is léir óna gcomhfhreagras go raibh oideachas maith ar na deirfiúracha Spring Rice; pléann siad leabhair a thug siad ar iasacht dá chéile agus d’fhág siad prós agus filíocht bunaidh ina ndiaidh. Bhí Lucy Spring Rice (Knox ina dhiaidh sin, a bhásaigh in 1884) ina file aitheanta sula bhfuair sí bás anabaí ag 39 bliain d’aois. Tá paimfléad beag sa bhailiúchán inar moladh spás do mhná i Seomra Léitheoireachta Bloomsbury ag Leabharlann na Breataine ina mbeadh mná in ann ‘bualadh lena chéile le haghaidh plé agus léachtaí saor in aisce.’ Bhí tuiscint ann ina gcuid litreacha agus i litreacha a n-athar go raibh féiniúlacht agus seasamh casta mhná Spring Rice in Éirinn ag athrú.
Map of Ireland, 1867 (MS 51,964/52)
In 1867, dhá bhliain tar éis bhás a hathar, sheol Theodosia léarscáil gharbh d’Éirinn a rinne ‘Uncail C’ (deartháir a hathar is dócha, an tOnórach Charles Spring Rice) chuig duine dá teaghlach. Ag bun an leathanaigh i bpeann luaidhe, scríobh sí ‘Tá súil agam go ndéanfaidh tú gáire faoi seo’, agus greann á fheiceáil aici sa léiriú garbh sin dá dtír. Leis na litreacha seo, insítear scéal imeachtaí teaghlaigh agus an streachailt chun cúrsaí a chur ina gceart faoi scáth an Ghorta Mhóir. Tá eolas saibhir iontu d’aon duine ar spéis leo an uasaicme Angla-Éireannach, mar aon le líonraí agus comhfhreagras baineann an naoú haois déag.
Tá an bailiúchán nua seo ar fáil anois le breathnú air i Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.