Home, National Library of Ireland
Roghchlár

In Ómós do Shinéad O'Connor

Dé Céadaoin, 26 Iúil 2023
Sinéad O'Connor's eyes, portrait by Jim Fitzpatrick

Photograph of Sinéad O'Connor by Jim Fitzpatrick

Is mian le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhuintir agus cairde Shinéad O'Connor.

Eisíodh an chéad singil de chuid Shinéad O'Connor, Troy, in 1987 óna halbam stiúideo The Lion and the Cobra. Scríobh O'Connor na liricí bunaithe ar an dán No Second Troy le William Butler Yeats.

Anseo thíos, is féidir leat éisteacht le O'Connor agus í ag léamh No Second Troy, atá le feiceáil mar chuid dár dtaispeántas YEATS: Saol agus Saothar William Butler Yeats, atá lonnaithe inár bPríomhfhoirgneamh Leabharlainne, 7/8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath. (Creidiúintí: Martello Media)

No Second Troy, WB Yeats | Á léamh ag Sinéad O'Connor

Sinéad O'Connor graphic with text

Quote from Rememberings (Penguin) and photograph by Jim Fitzpatrick