Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Lá Domhanda na hÉigse, 2024 á Cheiliúradh

Bhunaigh UNESCO Lá Domhanda na hÉigse ar an 21 Márta 1999 agus é mar aidhm aige éagsúlacht teanga a chur chun cinn trí léiriú fileata

Déardaoin, 21 Márta 2024
Pile of three books stacked on top of each other

Tá bailiúchán saibhir, ilghnéitheach filíochta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear bun‑lámhscríbhinní le húdair cosúil le Seamus Heaney.

Ba mhaith linn rogha dánta i mBéarla agus i nGaeilge araon a roinnt, a chuireann i dtábhacht cuid den iliomad dánta atá le fáil inár mbailiúcháin. Chun bailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta a bhrabhsáil, téigh chuig www.catalogue.nli.ie.

1. Once le Eavan Boland

As 10 Poems from Ireland, roghnaithe agus curtha i láthair ag Paula Meehan.
Tagairt chatalóige: A32575

Idirghabháil ar fhinscéalaíocht, ar ghrá agus ar aosú is ea Once le Eavan Boland. Creidtear gur maraíodh an mac tíre deireanach ar oileán na hÉireann in 1786. Tógann an dán seo lánúin as Éire na linne seo siar go dtí tráth a raibh a mbruachbhaile ina fhoraois, áit a ndéantar iad a iompú ina bpéire mac tíre.

Image of poem by Eavan Boland
Book Cover

2. An Fear Marbh le Colm Breathnach

Ó Cnámh agus Smior, An Anthology of Irish Poetry from Medieval to Modern, arna chur in eagar ag Simon K. Fisher agus Brian Ó Conchubhair.
Tagairt chatalóige: A36054

Oileán amach ó chósta thuaidh Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí in iarthar na hÉireann is ea Inis Tuaisceart, agus is ann atá an dán seo lonnaithe. Tugtar an fear marbh nó an fathach suain air go háitiúil mar gheall ar a phróifíl neamhghnách. Déantar pearsanú ar an tírdhreach sa dán seo mar athair éagtha an fhile. Tugtar stádas miotasach dó, cosúil leis na tailte samhailteacha dá dtagraítear sa dán seo amhail Tír na nÓg.

Poem
book cover

3. Filleadh ar an gCathair le hAilbhe Ní Ghearbhuigh

From The Coast Road, le hAilbhe Ní Ghearbhuigh.

Tagairt chatalóige: 17A 651

In 2013, roghnaíodh Filleadh ar an gCathair mar dhán Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Bhí sé ar an ngearrliosta freisin ag RTÉ do 'A Poem for Ireland' in 2015. Tugadh cuireadh sa chomórtas seo don phobal na dánta Gaeilge is fearr leo a roinnt agus vótáil dóibh. Is dán atmaisféarach é a thugann chun cuimhne íomháineachas bríomhar cathrach agus bhí tionchar ag an tréimhse a chaith an file ina cónaí sa Fhrainc air.

Image of Poem
Image of book cover

4. Le Tatú a Bhaint le Doireann Ní Ghríofa

From Lies, le Doireann Ní Ghríofa. 

Tagairt chatalóige: A32818

Leabhar ó Ní Ghríofa is ea A Ghost in the Throat a shníonn dhá scéal le chéile: faoin gcaidreamh a bhí ag an scéalaí féin le toircheas agus máithreachas, agus faoi shaol an fhile Eibhlín Dubh Ní Chonaill. Caoineadh is ea Caoineadh Airt Uí Laoighaire le Eibhlín Dubh Ní Chonaill, a bhfuil cáil mhór air mar “dhuine de na dánta Gaeilge is fearr ón 18ú haois.” Dírítear san dán seo as bailiúchán dátheangach Ní Ghríofa Lies (2018) ar bhaint tatú mar mharcóir cuimhne, d’imeacht greanta go fisiceach ar an gcorp. Pléitear téamaí an bháis agus an athionchollaithe.

poem
book cover

5. Shancoduff le Patrick Kavanagh

Ó Selected Poems le Patrick Kavanagh le réamhrá ó Paul Muldoon. Tagairt chatalóige: A36967

In Shancoduff, feictear go soiléir an grá a bhí ag Kavanagh do thalamh a mhuintire i ndeisceart Mhuineacháin agus an radharc uaidh a shín chomh fada leis na Beanna Boirche agus léirítear na cnoic amhail is dá mbeidís síoraí. In ainneoin droch-chaighdeán na feirmeoireachta mar a luaitear sa rann deiridh, do Kavanagh léiríonn na "black hills" tábhacht agus luach an ghnáthshaoil agus an dúlra.

book cover
poem

-----

Alt le Rannóg Taispeántas, Foghlama agus Cláreagraithe NLI