Mar chuid de chlár cultúrtha na hÉireann d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, choimisiúnaigh Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn agus Oifig Idirghabhála Pharlaimint na hEorpa in Éirinn ceolchoirm speisialta chun saol agus saothar an fhile agus liriceora Éireannaigh Thomas Moore a cheiliúradh.
Is é Oirfideach na hEorpa an teideal atá air, agus is í an ceoltóir a bhfuil clú agus cáil uirthi, Dearbhla Collins. a rinne an cheolchoirm a chóiriú agus cuireann sí anam agus brí in amhráin de chuid Moore trí léirithe le roinnt d'amhránaithe agus de cheoltóirí is fearr na hÉireann. Craolfar an t-imeacht go beo ar RTÉ Lyric FM ar an 11 Iúil ag 8pm, i ndiaidh clár faisnéise uair an chloig ina bpléitear beatha agus oidhreacht dhuine de na pearsana liteartha is aoibhne le muintir na hÉireann.
Thomas Moore san Eoraip
Rinne Thomas Moore (1779-1852), a saolaíodh i mBaile Átha Cliath, staidéar i gColáiste na Tríonóide Bhaile Átha Cliath, áit a ndearna sé dlúthchairdeas le Robert Emmett (a ndearna Moore comóradh air níos deireanaí le Oh breathe not his name). Ina dhiaidh sin d'aistrigh sé go Londain agus d'éirigh leis bheith ar dhuine de na scríbhneoirí is cáiliúla dá ghlúin.
Is fearr aithne air sa tír seo as a chuid cnuasach de Irish Melodies (1808-1830), le cóirithe ó General Collection of Ancient Irish Musicde chuid Bunting 1797.
Bhíodh sé de nós ag na glúnta ina dhiaidh sin a mheas go raibh Moore róthugtha don chumha maoithneach agus caointeach: ach ní thugtar aird leis an meon réaduchtach sin ar an ardmheas a bhíodh ag a phiaraí agus ag a chomhaoisigh air, ná ar réimse a shaothair ach oiread. Chomh maith leis na dánta níos giorra a scríobh, áiríodh le saothar Moore aoir ré na leasríochta, stair na hÉireann i gceithre imleabhar agus dán fada oirthearach Lallah Rookh. Rinneadh an saothar sin a raibh an-tóir air a aistriú go forleathan san Eoraip agus daingníodh leis a cháil mar fhile inchurtha le Byron agus le Shelley, agus chuir cumadóirí amhail Schumann, Rubinstein agus Stanford ceol leis an saothar.
Léirigh comhaoisigh Eorpacha, amhail Goethe, Stendhal, Victor Hugo agus Byron, daoine iad a bhí ina ndlúthchara leis, ardmheas ar Moore. Is dócha go raibh Selection of Hebrew melodies de chuid Byron é féin bunaithe ar na cnuasaigh d'fhoinn Ghaelacha de chuid Moore’s.
Ba iad na foinn ghaelacha de chuid Moore, ar éirigh leo tionchar a fheidhmiú i bhfad lastall den salón ceoil, a bhí ina spreagadh do chumadóirí lena n-áirítear Berlioz, Duparc, Beethoven, Schumann, Mendelssohn, agus Gerald Barry, i bhfad níos déanaí.
Thomas Moore ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Is cúis bhróid í do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) cnuasach saibhir de lámhscríbhinní, d'fhoilseacháin, de shaothar ealaíne agus d'ábhar cartlainne de chuid Thomas Moore a chaomhnú.
Áiríodh Moore i bPríomh-halla na Leabharlainne ó osclaíodh é ar Shráid Chill Dara go deireanaí sa naoú haois déag. I measc an dá phainéal déag de ghloine dhaite lena ndéantar ómós do phearsana liteartha, is eisean an t-aon údar Éireannach atá san áireamh.
Saothair Moore a Phlé
Tá roinnt mhaith céad eagrán agus cóipeanna lámhscríbhinne d'amhráin, de dhánta agus de scríbhinní de chuid Moore i seilbh na Leabharlainne. Áireofar dhá cheann a bhfuil an-tóir orthu, "She is Far From the Land" agus "There's a Bower of Roses", in Europe's Minstrel.
“She is far from the Land” from first edition of Moore’s Melodies (JM 4621)
"Bendemeer's dream (There's a bower of roses)" (Add Mus 7267)
Foinn de chuid Moore
Bailíonn agus caomhnaíonn an NLI scóir cheoil stairiúla freisin, lena n-áirítear eagráin d'amhráin de chuid Moore arna bhfoilsiú ó luathbhlianta an 19ú haois déag i leith.
Moore’s Melodies, Vol. 1 (JM 4620)
Moore’s Melodies Vol. 5 (JM 4620)
Moore’s Melodies Vol. 2 (JM 4620)
Moore i bPortráid
Áirítear i gcnuasaigh na Leabharlainne portráidí, sceitsí, priontaí agus macasamhlacha a bhfuil síniú Moore orthu, rud a fhágann taifead físiúil ar dhuine de scríbhneoirí is cáiliúla na hÉireann.
Cuimhne a Choimeád ar Moore
Mhair oidhreacht Moore i bhfad i ndiaidh a bháis. Go luath san fhichiú haois déag, bhí roinnt feachtas ann inar féachadh lena chorp a thabhairt ar ais go hÉirinn. Caomhnaíonn an Leabharlann comhfhreagras a cuireadh chuig Ceannaire an Rialtais Dúchais John Redmond inar pléadh na moltaí sin.
Letter from John King to John Redmond regarding a proposal to have the remains of Thomas Moore brought to Ireland. (MS 15,245/4/31)
Moore i gCeolchoirm
Meastar Thomas Moore go fóill mar chuid thábhachtach de chnuasaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus d'oidhreacht liteartha na hÉireann. Tá ríméad orainn go ndéanfar a cheol agus a chuid filíochta a cheiliúradh uair amháin eile in Europe's Minstrel.
Bí ag éisteacht le RTÉ Lyric FM ar an 11 Iúil ag 8pm chun sult a bhaint as an ómós speisialta sin do dhuine de glórtha liteartha is mó na hÉireann.
Tuilleadh Faisnéise:
Léigh tuilleadh faoi Chnuasaigh Cheoil na Leabharlainne Náisiúnta
Tá na leabhair seo a leanas faoi Thomas Moore ar fáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
- Hunt, Una Sources and Styles in Moore’s Melodies (Londain: Routledge, 2017) A32491
- Kelly, Ronan Bard of Erin: the life of Thomas Moore (Baile Átha Cliath: Penguin Ireland, 2008) 8A 158