Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Fáil Nua: Páipéir Robinson Stoney-Bowes

Dé Máirt, 24 Eanáir 2023
Íomhá de shean-lámhscríbhinn

Socrú pósta Robinson Stoney-Bowes (MS 51,426/1)

Arna fháil le déanaí ag an Leabharlann | Socrú pósta Robinson Stoney-Bowes.

Seo socrú pósta Andrew Robinson Stoney-Bowes, ball parlaiminte Angla-Éireannach, agus a chéad bhean Hannah Newton in 1768 (MS 51,426/1). Is fearr a chuimhnítear ar Stoney-Bowes mar gheall ar a phósadh in 1777 le Mary Eleanor Bowes, Cuntaois Baintrí an tSratha Mhóir agus Kinghorne, tráth a raibh sé drochídeach dá bhean chéile.

Tháinig deireadh leis an bpósadh go scannalach nuair a chomhdaigh an Chuntaois colscaradh in 1785 agus d’fhuadaigh Stoney-Bowes í ansin. Gabhadh Stoney-Bowes agus tar éis cath cúirte fada, fuair an Chuntaois a colscaradh ar deireadh an 2 Márta 1789. Fuair Stoney-Bowes bás ar 16 Eanáir 1810 i bPríosún Bhinse an Rí, Southwark, Londain. Tá ráflaí ann gurb é ba chúis le bás a chéad bhean Hannah Newton chun a saibhreas a fháil le hoidhreacht.