Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Lámhscríbhinní baile; ceangal scoláire

Le Nina de Angelis - intéirneach caomhnaithe 2021-22

Dé Máirt, 13 Nollaig 2022
Seanleabhar ar bhord le peannaireacht - Imleabhar de léarscáileanna lámhscríofa is ea MS 2104, dátaithe thart ar 1750

Imleabhar de léarscáileanna lámhscríofa, dátaithe thart ar 1750 (Ms 2104)

Agus mé mar intéirneach i rannóg caomhnaithe LNÉ, chaomhnaigh mé ceangal lámhscríbhinne a bhí millteanach spéisiúil. Thug an tionscadal seo deis ar dóigh dom níos mó eolais a chur ar bhailiúcháin Éireannacha agus machnamh a dhéanamh ar an leibhéal is fearr cóireála le déanamh i gcás mar seo, agus an chúis ar cheart cúrsaí a choinneáil simplí in amanna.

Is éard atá in MS 2104 imleabhar de léarscáileanna lámhscríofa dar dáta timpeall 1750. D’fhéadfá albam nó atlas a thabhairt air toisc go bhfuil 35 léarscáil ann, ceann amháin do gach contae nó cúige in Éirinn. Ní fios cérbh é nó í údar na léarscáileanna. Tá seans ann go bhfuil na srac-léarscáileanna garbha bunaithe ar an bhfoilseachán clóite ‘New map of Ireland’ le Hermann Moll agus Henry Pratt a foilsíodh sa bhliain 1715[1].

Imleabhar dúnta lámhscríbhinne agus clúdach dubh air (MS 2104)
(MS 2104) © NLI/Nina de Angelis

Is le cairtchlár agus leathar comair dubh a rinneadh clúdach an cheangail, uirlisiú ornáideach óir agus uirlisiú caoch á n-úsáid. Clúdach ó leabhar eile atá ann agus é á athúsáid. Tá na clúdaigh róghairid agus ní thugann siad cosaint iomlán do na léarscáileanna. Níl aon rianta de ghreamachán i ndroim bhloc an leabhair, leid eile go raibh athchúrsáil i gceist.

Baineadh feidhm as dúch agus cleite scríbhneoireachta le gach léarscáil a tharraingt ar phíosa amháin páipéir. Rinneadh an léarscáil a fhilleadh ansin sular cuireadh ar sciatha páipéir í chun ceathrú páipéir a fhorbairt. Rud atá iontach suimiúil faoin albam léarscáileanna seo ná an teicníc fuála toisc nach teicníc thraidisiúnta a bhí ann. D’úsáid an ceanglóir, úinéir na léarscáileanna, b’fhéidir, greim bunaidh paimfléid chun fuáil neamhspleách amháin a dhéanamh ar gach ceathrú páipéir. Úsáideadh lúb a chuaigh tríd an leathar ansin le gach ceathrú páipéir a cheangal go neamhspleách den chlúdach. Ar a bharr sin, níl aon líneáil droma ann, agus níl na cláir ceangailte de réir mar a bhíonn go hiondúil má bhíonn leabhar atá déanta ag ceanglóir leabhar gairmiúil i gceist.

Ceangal scoláire is ea MS 2104

Is é is ceangal scoláire ann ná leabhar baile, é déanta ag an scríobhaí sa chuid is mó de chásanna [2]. Tá seacht gcinn de thréithe ann a bheidh mar chuidiú againn ceangal scoláire a aithint, atá le feiceáil againn in MS 2104:

“- leabhair lámhdhéanta sa ré i ndiaidh aimsir veillim

- lámhscríbhinní atá scríofa ar pháipéar

- déanta ag ceanglóir leabhar neamhghairmiúil

- ceangal a bhfuil struchtúr neamhchaighdeánach air

- ábhar neamhthraidisiúnta nó ábhar a bhfuarthas réitithe de

- struchtúr neamh-ghreamaitheach, lásáil nó fuáil á húsáid don ghreamú príomha

- imleabhar ar mhéid iniompartha”[3]

Táimid tar éis breis agus 65 ceangal scoláire ón 18ú agus ón 19ú haois a aithint i mBailiúcháin Speisialta LNÉ, MS 2104 ar cheann acu. Tá tuilleadh samplaí le fáil sna Bailiúcháin Speisialta agus Cartlanna, Leabharlann Glucksman, Ollscoil Luimnigh[4].

Tuarascáil staide agus cóireálacha

Bhí an lámhscríbhinn i ndrochstaid agus fadhbanna tábhachtacha éagsúla struchtúir ag baint léi. Ní raibh teacht ag léitheoirí uirthi toisc go bhféadfaí tuilleadh damáiste a dhéanamh di dá ndéanfaí í a láimhseáil. Bhí bloc an leabhair deannach agus bhí stróicthí, ábhar caillte agus cuid mhór filltíní i gceist le gach léarscáil. Bhí na sciatha i ndrochstaid agus cuid de na léarscáileanna á scor. Ní raibh bloc an leabhair ceangailte den chlúdach a thuilleadh agus bhí an fhuáil briste ar an gcuid is mó de na ceathrúna leabhair.  Bhí stróicthí agus ábhar caillte go leor ar an droim leathair mar gheall ar an teannas sna snátha tríd an leathar.

Droim leabhair leathair donn damáistithe
Damaged leather spine of volume, before treatment © NLI/Nina de Angelis
Léarscáil lámhscríofa, Cúige Laighean, sula ndearnadh cóireáil uirthi, stróicthí agus ábhar caillte
Manuscript map, Province of Leinster, before treatment, with tears and losses © NLI/Nina de Angelis

Tar éis dom doiciméadú a dhéanamh, chuir mé tús leis an gcóireáil. Dhírigh mé ar na léarscáileanna i dtús báire. Bhain mé feidhm as spúinse deataigh leis an deannach a bhaint agus leacaigh mé na filltíní. D’úsáid mé stráicí páipéir Kozo de chuid na Seapáine greamaithe ag geilitín fuar síothlaithe 3% ansin chun na stróicthí agus ábhar caillte a dheisiú.

Chuir mé fuáil úr le gach ceathrú leabhair ansin. D’úsáid mé na poill a bhí ann ar dtús arís agus chaomhnaigh mé an snáth briste sa lárfhilleadh.

Chruthaigh mé bunchlúdach atá mar thaca fuála chomh maith, é déanta as líneáil de chadás agus páipéar, agus greamachán aicrileach (Lascaux 498 HV) á úsáid. Bhain mé úsáid ansin as snáth cnáibe agus bhain athúsáid as na poill tosaigh ansin chun gach ceathrú leabhair a fhuáil den chlúdach úr. Níor úsáid mé aon ghreamachán ar an droim leabhair le linn na céime seo. Ar deireadh, chruthaigh mé fillteog as páipéar lámhdhéanta mar chlúdach tiubh leis na léarscáileanna a chosaint.  

Imleabhar dúnta lámhscríbhinne agus clúdach dubh air (MS 2104)
Closed manuscript volume with black cover (MS 2104) © NLI/Nina de Angelis

Ansin, rinne mé cóireáil ar an mbunchlúdach leathair. Chloígh mé le cur chuige na seandálaíochta, is é sin nach ndéantar ach a laghad agus is féidir a athrú, ceann de na bunchlocha in eitic an chaomhnaithe. Ar an ábhar go bhfuil an leathar mar thaca don fhuáil tosaigh, rinneamar cinneadh gan é a dheisiú ná a chur i bhfolach, fiú dá mbeadh an toradh suntasach. D’úsáid mé craiceann órghreadta alúim geal-leasaithe (putóg thriomaithe ghlanta bhuaibheach) agus gliú lamhnáin bradáin fearna le stróicthí sa leathar a threisiú. Ar deireadh, rinneadh an clúdach caomhnaithe agus an bloc leabhair nua a stóráil i mbosca caomhnaithe saincheaptha.

grianghraf gar-amhairc den cheangal leabhair agus é damáiste caite, snátha scaoilte ann
Fragments of the thread from the original sewing still present on the inside of the spine leather (MS 2104) © NLI/Nina de Angelis
 MS 2104, clúdach leathair roimh na cóireálacha agus ina ndiaidh © LNÉ/Nina de Angelis
Leather cover before and after treatments (MS 2104) © NLI/Nina de Angelis

Bíonn dúshlán ann i dtólamh más gá fadhbanna móra struchtúir a dheisiú gan ach a laghad agus is féidir a dhéanamh. Eiseamláir mhaith den chineál seo ruda is ea an chóireáil ar MS 2104 leis an lámhscríbhinn a chaomhnú.

-----

Téacs le Nina de Angelis, intéirneach caomhnaithe 2021-22

Cuireann an Chomhairle Oidhreachta agus LNÉ tacaíocht ar fáil don scéim intéirneachta caomhnaithe. Tá tuilleadh eolais maidir le scoláireachtaí in LNÉ anseo.

-----

[2] E Lévêque, ‘Notes on Scholar’s Bindings and the archaeology of some 18th and 19th century Gaelic manuscripts in the National Library of Ireland’, le fáil in P. Ó Macháin (ed.) Paper and the paper manuscript: a context for the transmission of Gaelic literature (Corcaigh, 2019), 86–94