Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Tionscadal Digitithe an Chlóliosta

Dé Céadaoin, 8 Feabhra 2023
Dark green cover of book: Togha abhrán air Eirinn

Rannóg Bailiúchán Foilsithe LNÉ i mbun oibre ar thionscadal cuimsitheach nua digitithe le haghaidh ábhar i nGaeilge.

Tá obair ar siúl ar thionscadal chun na nithe siúd i mbailiúcháin LNÉ a cuireadh i gcló i nGaeilge roimh 1871 a dhigitiú. Tá siad sin liostaithe sa Chlóliosta, leabharliosta foilsithe na nithe a cuireadh i gcló i nGaeilge roimh 1871. Is iad an tOllamh Richard Sharpe, nach maireann, Ollscoil Oxford agus an Dr. Mícheál Hoyne, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, a chuir an liosta i dtoll a chéile. Tuilleadh: www.dias.ie/celt/celt-publications-2/cloliosta/

Tá an Clóliosta ar an gcatalóg is cuimsithí de leabhair Ghaeilge atá foilsithe go dtí seo. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal gach saothar a cuireadh i gcló i nGaeilge a chur san áireamh, chomh maith le saothair luatha a bhfuil sleachta Gaeilge iontu, fiú más sleachta gearra iad.  Tá ábhar fairsing i nGaeilge i mbailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta. Tá beagnach 600 ceann de na míreanna atá ar an gClóliosta i mbailiúcháin LNÉ. 

Leathanach téacs tosaigh le haghaidh leabhair
Togha abhrán air Eirinn (A14238)

 

Is é Tionscadal an Chlóliosta an chéad tionscadal digitithe de chuid Rannóg Bailiúchán Foilsithe na Leabharlainne. Roghnaíonn baill foirne sa Rannóg míreanna lena ndigitiú agus cuireann in ord tosaíochta iad ar an mbonn nach bhfuil siad digitithe cheana féin nó nach bhfuil siad ar fáil ar líne. Chun digitiú an ábhair a chomhordú, téann siad i dteagmháil le baill foirne sa Rannóg Caomhnaithe agus i Rannóg na mBailiúchán Digiteach.

Le Honora Faul.