‘Bhí rudaí de shíor ag tarlú ar an gCnoc. Bhí leanaí á saolú do dhaoine nach raibh sé d’acmhainn acu iad féin a choinneáil. Bhí seandaoine ag fáil bháis, formhór acu i mbochtaineacht agus in uaigneas agus an bás ina fhaoiseamh mór dóibh. Agus ar fud na háite bhí rialtais ag teacht agus ag imeacht ar nós snaoise ag tórramh agus bhí daoine ag rá go dtarlódh seo, siúd agus uile anois agus an cogadh thart.’
Seo an saol a chuireann Lee Dunne os comhair a léitheora ina leabhar ba mhó díol Goodbye to the Hill (1965). Sa leabhar sin, insíonn sé scéal an phríomhphearsa gan ainm agus é ag streachailt leis an alcólachas, le castacht caidreamh teaghlaigh agus le greim uafásach institiúidí na hÉireann; sochaí ar thairseach an chlaochlaithe. Mar sin féin, ní áit shamhlaíoch é an Cnoc; ba é an t-ainm a tugadh ar cheantar i Raghnallach inar saolaíodh Dunne in 1934, i sluma tionóntáin darbh ainm Foirgnimh Chnocán Aoibhinn (ina bhfuil teach tábhairne The Hill anois).
Photograph of ‘The Hill’ pub, Ranelagh (MS 52,004/67)
Bhí an luath-óige agus a luath-aosacht gharbh a bhí aige ann mar chúlra do chuid mhaith dá shaothair. Léirigh sé tuairimí éagsúla faoin áit in Goodbye to the Hill, agus rinne sé cur síos uirthi mar ‘ghearb, cneá tirim ar aghaidh Bhaile Átha Cliath’, ach mar sin féin mar áit freisin, nuair a d’fhaigheadh cara óg bás, ina shiúladh na leanaí áitiúla taobh thiar den chónra toisc ‘gurb é an t-aon rud a bhídís in ann a dhéanamh agus dhéanaidís é lena gcroí agus anam’. Bhí an deighilt idir saol agus saothar Dunne doiléir i gcónaí agus tá sé sin ríshoiléir ina pháipéir, a rinneadh catalógú orthu le déanaí agus atá ar fáil le breathnú orthu ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Goodbye to the Hill dust jacket (MS 52,004/72)
Tar éis fhoilsiú Goodbye to the Hill, ba é Dunne ‘an scríbhneoir ba mhó cosc in Éirinn’, lipéad a raibh sé an-bhródúil as, agus thug sé cóipeanna coiscthe dá leabhair amach saor in aisce ar Shráid Grafton. Cé go ndearnadh cinsireacht ar a shaothar mar gheall ar an spéis a bhí aige sanandúil agus sa ghnéasacht, ba mhór an meas a bhí ar a stíl agus éirim mhisniúil sa domhan liteartha; i litir ó Alan Sillitoe sa bhailiúchán, déantar cur síos ar Dunne mar scríbhneoir ‘a dhéanann a sheacht ndícheall.’
Rud atá an-suntasach faoin mbailiúchán ná a bhisiúla a bhí Dunne, agus é ag scríobh na céadta scripteanna don raidió, don stáitse agus don scáileán, ailt irise agus gearrscéalta. Leis an mbailiúchán seo, a rinneadh a shocrú, a chatalógú agus a lonnú i mBailiúcháin Speisialta NLI, cuirtear iniúchadh leathan ar fáil ar shaothar Dunne. Scríobh sé a chuid smaointe agus taighde ar bhlúirí páipéir, i leabhair nótaí leathchríochnaithe, fiú ar chúl póstaeir de cheann dá chuid drámaí, ‘Off Beat’. Rinne Clodagh Burns, Mac Léinn Caomhantais NLI, an mhír áirithe sin a athchóiriú.
Before conservation (MS 52,004/77)
After conservation by Clodagh Burns (MS 52,004/77)
Before conservation (MS 52,004/77)
After conservation by Clodagh Burns (MS 52,004/77)
Is cuid lárnach den bhailiúchán é saothar Dunne don stáitse agus do na scannáin, rud a thugann léargas ar an gcaoi ar láimhseáil an scríbhneoir cúrsaí airgeadais, léirithe agus ábhair a shaothair. Le haghaidh stáitsiú Goodbye to the Hill i Meiriceá, mar shampla, thug Dunne gluais de chaint sráide Bhaile Átha Cliath do na haisteoirí (agus Kelsey Grammar san áireamh), ina raibh míniú ar ‘one and one’ (iasc agus sceallóga) agus ‘sleeveen’ (slíbhín) i measc caint ghraosta eile a bhí tábhachtach chun siúl tamall i mBaile Átha Cliath Lee Dunne.
Poster of stage adaptation of Goodbye to the Hill (MS 52,004/75)
Bhí Goodbye to the Hill i measc na ndrámaí is fadtréimhsí in Éirinn. Ní ba dhéanaí, thug Dunne ceadúnas do Chomhlachas Drámaíochta na hÉireann ar thrí cinn dá chuid drámaí (Goodbye to the Hill, Does Your Mother! agus Tough Love) chun ligean do stáitsithe amaitéaracha dá shaothar timpeall na tíre.
Le páipéir Dunne, ní hamháin go léirítear saol oibre laethúil scríbhneora agus é ag obair, ach léirítear freisin fear a bhí ag streachailt lena chuid fadhbanna pearsanta féin agus a rinne a dhícheall feabhsú. In 2004, bhain Dunne MA amach sa scríbhneoireacht scáileáin ó Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire (IADT). Ó ba rud é gur fhág sé an scoil ag trí bliana déag d’aois, b’éacht luachmhar é sin dó, agus bhí gean croí aige ar a chárta mic léinn mar cheann de na rudaí is tábhachtaí a bhí aige riamh. Rinne sé taifead mionchúiseach ar an líon Aifreann agus cruinnithe Alcólaigh gan Ainm ar fhreastail sé orthu le linn tréimhse áirithe. ‘Tá muinín agam asam féin’, a scríobh Dunne ina dhialann arís agus arís eile, ‘tá muinín agam asam féin’. Ar nós an Chnoic uileláithrí dá chuid, is é an meascán contrártha sin den leochaileacht agus den tseasmhacht a dhéanann saothar Dunne chomh beoga sin. Le páipéir Dunne, cruthaítear léargas an-spéisiúil ar scríbhneoir a bhí ag obair sa dara leath den fhichiú haois in Éirinn. Acmhainní sárluachmhara iad na dialanna, dréachtaí agus páipéir seo d’aon duine ar spéis leo saol uirbeach Bhaile Átha Cliath, contúirtí na handúile, agus slánú an téarnaimh.
Tá an bailiúchán nua seo ar fáil anois le breathnú air i Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.