Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Déanann an taispeántas grianghrafadóireachta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a áiríonn ábhar as Cill Dara, ceiliúradh ar ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn

Tá an taispeántas grianghrafadóireachta lonnaithe sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill, agus tá sé saor in aisce.

Dé Céadaoin, 20 Meán Fómhair 2023
Aerial photograph of flooding at Leixlip, Co. Kildare

Flooding at Leixlip, Co. Kildare (NPA MOR773)

Léirítear sa taispeántas na hathruithe sóisialta, cultúrtha agus teicneolaíochta a tharla ar fud na hÉireann idir lár an 19ú haois agus tús an chéid seo, agus feictear ann grianghraif den saol mar a bhí i gCill Dara.

Tugtar léargas ar leith sa taispeántas ar stair agus ar ghnáthshaol na hÉireann, chomh maith le héabhlóid na grianghrafadóireachta, lena n-áirítear léargas ar mhná sna 1860idí ag díol sólaistí i gCill Airne agus ceann de thraein ghaile ag dul thar bráid i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin in 1959.

50 grianghraf a tógadh idir 1858–2001 atá sa taispeántas, agus clúdaíonn an tréimhse sin ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn. I measc na ngrianghraf atá ar taispeáint tá cineálacha pictiúr a tógadh nuair nach raibh an ré sin ach ina tús, ar nós steiréiphéirí agus priontaí a rinneadh trí phróiseas lenar cuireadh tuaslagán salainn ar pháipéar. Tá cineálacha grianghrafadóireachta ó thráth is gaire den lá inniu le feiceáil sa taispeántas freisin.

In íomhá shuntasach amháin sa taispeántas tá seat ón aer de thuilte fairsinge in 1954. Ar an 8 Nollaig 1954 scuab gaotha fórsa gála agus báisteach an-trom ar fud na tíre, rud a d’fhág tuilte fairsinge, le damáiste d’fhoirgnimh agus do bhonneagar. Léirítear sa ghrianghraf an Life, a phléasc a bhruacha i Léim an Bhradáin, nach raibh ach ina shráidbhaile ag an am, sna 1950idí.

Sa dara híomhá tá 'inneall dóiteáin' capaill ag Campa Arm an Churraigh, a tógadh timpeall 1900 – 1910, agus tá sé mar chuid de Bhailiúchán Grianghrafadóireachta Eason. Tháinig an grianghraf ó chlaonchló gloine, a bhí idir 31x25.5cm nó níos lú ina riocht bhunaidh.

Ag labhairt di, dúirt Sara Smyth, Ceannasaí Gníomhach na dTaispeántas, na Foghlama agus na gClár in NLI agus coimeádaí an taispeántais seo: “Na nithe a bhailítear inniu, is stair a bheidh iontu amárach. Sa ról atá aici i ndáil le cuimhne na hÉireann a choimeád, leanann NLI ar aghaidh ag bailiú agus ag roinnt cnuasach náisiúnta bríomhar ina ndéantar doiciméadú ar an saol stairiúil agus an saol comhaimseartha ar oileán na hÉireann, lena n-áirítear Contae Chill Dara. Tá os cionn cúig mhilliún grianghraf i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus is taifead fíorluachmhar iad ar stair agus cultúr na hÉireann.

Beidh an taispeántas Daoine agus Áiteanna ar siúl go dtí 2025. Sa chéad chéim tá grianghraif i bhfrámaí ó 20 ceann de na bailiúcháin is mó ráchairt againn. Tugtar léargas sna híomhánna a roghnaíodh ar éagsúlacht na hÉireann agus tá grianghraif ann ó bheagnach gach contae, ó thuaidh agus ó dheas.

“Dírímid aird ar phobail den lucht oibre agus den mheánaicme; ar na mná, dream nach mbíonn le feiceáil chomh minic leis na fir in íomhánna ón am atá caite; agus léirímid pobail tuaithe agus pobail uirbeacha taobh le chéile. Tugtar aghaidh freisin ar théamaí, amhail an t-athrú aeráide agus cúrsaí iompar.”

Mar chuid d'Oíche Chultúir Dé hAoine, an 22 Meán Fómhair, beidh an spás taispeántais ar oscailt déanach go dtí 9pm, le saorchead isteach agus gan aon áirithint a bheith ag teastáil.

Cuireann an taispeántas Daoine agus Áiteanna i mBarra an Teampaill fáilte mhór roimh thurais scoile agus roimh ghrúpaí, cosúil le cumainn ghrianghrafadóireachta agus cumainn stairiúla. Chun áirithint a dhéanamh do ghrúpa, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le foireann NLI ag learning@nli.ie.

Chun tuilleadh grianghraf a fháil ó bhailiúcháin ollmhóra NLI, téigh chuig www.nli.ie.

CRÍOCH