Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Mac léinn as Craigavon tar éis ​​comórtas ‘Poetry Aloud’ a bhaint den dara huair

Rinne rannpháirtithe na bliana seo ceiliúradh ar WB Yeats go háirithe, tráth a bhfuil Éire ag ceiliúradh 100 bliain ó bhí sé ar an gcéad scríbhneoir Éireannach a ghnóthaigh Duais Nobel na Litríochta.

Dé Máirt, 12 Nollaig 2023
Photograph of Ellie Reynolds

Ellie Reynolds 

Den dara huair tá sé fógartha go bhfuil scoláire de chuid Lismore College tar éis comórtas Poetry Aloud a bhaint, comórtas ina gcuirtear dúshlán roimh scoláirí dara leibhéal ar fud na hÉireann dán ordaithe a rá as a gcuimhne.

Is iad Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) agus Éigse Éireann, i gcomhpháirt le Coláiste na hOllscoile Corcaigh, a reáchtálann an comórtas agus i mbliana tháinig 365 iontráil isteach ó 65 scoil ar fud an oileáin. 22 scoláire a bhí i gcraobh an chomórtais i mbliana, ó 14 chontae ar fud na tíre.

Is í Ellie Reynolds, as Lismore College, Co. Ard Mhacha, Buaiteoir Foriomlán Chomórtas 2023. Bhuaigh sí Catagóir Shinsearach an chomórtais chomh maith. Bhronn Stiúrthóir NLI, an Dr Audrey Whitty teastas Poetry Aloud uirthi. Bhí Ellie sa bhabhta ceannais in 2019 freisin.

Tá an comórtas ar siúl ó 2007 agus tá trí chatagóir ann: sóisearach, idirmheánach agus sinsearach. Ar na dánta ordaithe i mbliana bhí Dolphin le Catherine Ann Cullen (sóisearach); What Then? le William Butler Yeats (idirmheánach) agus; In Memory of Eva Gore-Booth and Con Markiewicz le W.B. Yeats (sinsearach). 

Thacaigh an file Seamus Heaney, nach maireann, leis an gcomórtas, agus luaigh sé an chaoi eisceachtúil a spreagann an comórtas ceiliúradh ar aoibhneas na labhartha agus na héisteachta filíochta, chomh maith le meas a bheith aige ar ghné Thuaidh-Theas an imeachta uile-oileáin. Bhí baint ar leith ag comórtas na bliana seo leis an bhfile WB Yeats freisin toisc go bhfuil comóradh á dhéanamh ar bhronnadh Duais Nobel na Litríochta ar an bhfile céad bliain ó shin i mí na Nollag 2023.

Ag labhairt di ag an mbronnadh, dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Is éard is aidhm le Poetry Aloud ná go bhfoghlaimíonn scoláirí cén chaoi idirghníomhú leis an bhfilíocht ar bhealach a théann níos faide ná focail ar leathanach. Baineann sé freisin le bheith páirteach agus le bheith mar chuid d’imeacht uile-oileáin a fhéachann le ceiliúradh a dhéanamh ar an lúcháir a bhaineann le labhairt agus éisteacht na filíochta.”

Dúirt Bríd O’Sullivan ó Rannóg Taispeántas, Foghlama agus Cláreagraithe NLI: “Buaicphointe i bhféilire Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ó 2007 is ea an comórtas seo.  Is coimeádaithe muid de lámhscríbhinní le cuid de na filí is fearr in Éirinn agus is breá an rud é go gcloistear a saothair á rá leis an oiread sin scile le linn chomórtas Poetry Aloud gach bliain.”

Dúirt Liz Kelly, Stiúrthóir Éigse Éireann: “Tá an-áthas orainn oibriú le comhghleacaithe i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, UCC agus scoileanna ar fud na hÉireann chun ár dtionscadal náisiúnta filíochta, Poetry Aloud, a chur i láthair arís.

“Is bealach spraíúil agus dinimiciúil é chun sult a bhaint as an bhfilíocht agus tuiscint agus grá don fhilíocht a fhorbairt. Creidimid go gcothaíonn labhairt dánta go poiblí féinmhuinín agus cabhraíonn sé le haibíocht shóisialta agus mhothúchánach a fhorbairt.

“Rud atá ag teacht lenár gcuid oibre ar fad san oideachas, tá sé mar aidhm againn le Poetry Aloud daoine a mbeidh spéis acu ar feadh an tsaoil san fhilíocht agus sa scríbhneoireacht chruthaitheach a chruthú agus deis a thabhairt do gach cineál scoláire rath a bhaint amach.”

CRÍOCH