Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Déanann an taispeántas grianghrafadóireachta saor in aisce ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a áiríonn ábhar as Baile Átha Cliath, ceiliúradh ar ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn

Tá an taispeántas grianghrafadóireachta lonnaithe sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill, agus tá sé saor in aisce. Buail isteach má bhíonn tú i mBaile Átha Cliath le gaolta nó cairde leat le linn an tsamhraidh.

Dé hAoine, 14 Iúil 2023
Grúpa cailíní beaga os comhair bloic túir, Baile Munna, Baile Átha Cliath

Grúpa cailíní beaga os comhair bloic túir, Baile Munna, Baile Átha Cliath (WIL43[9])

Tá an taispeántas nua ‘Daoine agus Áiteanna’ sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill seolta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) le deireanas.

Léirítear sa taispeántas na hathruithe sóisialta, cultúrtha agus teicneolaíochta a tharla ar fud na hÉireann idir lár an 19ú haois agus tús an chéid seo. Tá roinnt grianghraf ann a thugann léargas ar an saol mar a bhí i mBaile Átha Cliath.

I measc na ngrianghraf a thugann spléachadh dúinn ar stair na hÉireann agus ar theacht chun cinn na grianghrafadóireachta, tá pictiúir de mhná sna 1860idí ag díol sólaistí i gCill Airne agus ceann de thraein ghaile ag dul thar bráid i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin in 1959. 50 grianghraf a glacadh idir 1858-2001 atá sa taispeántas, agus clúdaíonn an tréimhse sin ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn. I measc na ngrianghraf atá ar taispeáint tá cineálacha pictiúr a tógadh nuair nach raibh an ré sin ach ina tús, ar nós péirí íomhánna steiréó agus priontaí a rinneadh trí phróiseas lenar cuireadh tuaslagán salainn ar pháipéar. Tá cineálacha grianghrafadóireachta ó thráth is gaire den lá inniu le feiceáil sa taispeántas freisin.

I measc na n-íomhánna ó Bhaile Átha Cliath atá sa taispeántas tá ‘Ballymun flats, Dublin City, 1969, from the Wiltshire collection’. Tá foirgneamh ardstórach le feiceáil sa ghrianghraf. Measadh ag an am gur réiteach ar an bplódú i seantithe i lár na cathrach a bhí i bhfoirgnimh den chineál sin. Críochnaíodh na túir in 1967, ach cáineadh leagan amach an dearaidh mar gur measadh gur chothaigh sé iompar frithshóisialta. Tháinig fadhbanna tromchúiseacha le mangaireacht drugaí agus na deacrachtaí a bhaineann leis sin chun cinn sa cheantar dá bharr. Leagadh na hárasáin idir 2004 agus 2015. Tríd an gcuntas Flickr Commons atá ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, d’éirigh linn a dhéanamh amach gurb iad Sandra Corcoran (an dara duine ó chlé), agus Marie Knowles (ar dheis), agus na deirfiúracha Sandra agus Caroline Kilbride (an bheirt a bhfuil gruaig dhorcha orthu) atá sa ghrianghraf.

Dúirt Sara Smyth, Ceannasaí Gníomhach na dTaispeántas, na Foghlama agus na gClár in NLI agus coimeádaí an taispeántais seo:

“Na nithe a bhailítear inniu, is stair a bheidh iontu amárach. Sa ról atá aici i ndáil le cuimhne na hÉireann a choimeád, leanann NLI ar aghaidh ag bailiú agus ag roinnt cnuasach náisiúnta bríomhar ina ndéantar doiciméadú ar an saol stairiúil agus an saol comhaimseartha ar oileán na hÉireann. Tá os cionn cúig mhilliún grianghraf i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus is taifead fíorluachmhar iad ar stair agus cultúr na hÉireann.

“Beidh an taispeántas ar siúl go dtí 2025 agus beidh grianghraif i bhfrámaí ó 20 dár mbailiúcháin is mó ráchairt le feiceáil i gcéim a haon. Tugtar léargas sna híomhánna a roghnaíodh ar éagsúlacht na hÉireann agus tá grianghraif ann ó bheagnach gach contae, ó thuaidh agus ó dheas.

“Dírímid aird ar phobail den lucht oibre agus den mheánaicme; ar na mná, dream nach mbíonn le feiceáil chomh minic leis na fir in íomhánna ón am atá caite; agus léirímid pobail tuaithe agus pobail uirbeacha taobh le chéile. Tugtar aghaidh freisin ar théamaí, amhail an t-athrú aeráide agus cúrsaí iompair.”

Bí linn le haghaidh turas saor in aisce le coimeádaí an taispeántais, Sara Smyth, an samhradh seo. Beidh na turais ar siúl Déardaoin, an 20 Iúil agus Déardaoin, an 17 Lúnasa ó 1.00-1.40pm. Ní gá aon áirithint a dhéanamh.

Má bhíonn tú i mBaile Átha Cliath le cairde, páistí óga nó gaolta leat, is féidir leat bualadh isteach chuig an taispeántas inrochtana, saor in aisce ‘Daoine agus Áiteanna’, a bhíonn ar oscailt ó 10am go 4pm, Luan go Domhnach, agus an cead isteach deiridh ag 3.30pm.

CRÍOCH