Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Déanann an taispeántas grianghrafadóireachta saor in aisce ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a áiríonn ábhar as Muineachán, ceiliúradh ar ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn

Tá an taispeántas grianghrafadóireachta lonnaithe sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill, agus tá saorchead isteach ann. Buail isteach má bhíonn tú i mBaile Átha Cliath le gaolta nó cairde leat le linn an tsamhraidh.

Déardaoin, 20 Iúil 2023
Íomhá as Co. Mhuineacháin atá sa taispeántas is ea an grianghraf den ‘Goods Train’ i gCluain Eois Thoir i mí Iúil 1959. Taispeánann an grianghraf traein gaile ag dul thar an gcábán comharthaíochta.

Traein earraí ag dul thar bráid, Cluain Eois Thoir, Co. Mhuineacháin, Iúil 1959 (ODEA 14/11)

Tá an taispeántas nua ‘Daoine agus Áiteanna’ sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill seolta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) le deireanas.

Léirítear sa taispeántas na hathruithe sóisialta, cultúrtha agus teicneolaíochta a tharla ar fud na hÉireann idir lár an 19ú haois agus tús an chéid seo, agus tugtar léargas ann ar an saol mar a bhí i Muineachán.

Áiríonn an taispeántas íomhánna de mhná ag díol sólaistí i gCill Airne sna 1860idí; rásaí cairtíní i nDún na nGall; agus radhairc ar an saol teaghlaigh, tuaithe agus uirbeach. Tugann siad léargas ar stair na hÉireann agus ar éabhlóid na grianghrafadóireachta.

50 grianghraf a glacadh idir 1858-2001 atá sa taispeántas, agus clúdaíonn an tréimhse sin ré na grianghrafadóireachta analógaí in Éirinn. I measc na ngrianghraf atá ar taispeáint tá cineálacha pictiúr a tógadh nuair nach raibh an ré sin ach ina tús, ar nós péirí íomhánna steiréó agus priontaí a rinneadh trí phróiseas lenar cuireadh tuaslagán salainn ar pháipéar. Tá cineálacha grianghrafadóireachta ó thráth is gaire den lá inniu le feiceáil sa taispeántas freisin.

Ceann de na híomhánna as Co. Mhuineacháin atá sa taispeántas is ea an grianghraf den ‘Goods Train’ i gCluain Eois Thoir i mí Iúil 1959. Taispeánann an grianghraf traein ghaile ag dul thar an gcábán comharthaíochta. Faoi 1959, ní raibh ach traenacha lastais ag treabhadh an bhealaigh ar an líne seo, a d’fhreastail ar Chluain Eois, ar an gCabhán agus ar Mhuineachán. Bhíodh traenacha paisinéirí ó Chluain Eois ag dul ar línte Bhaile Átha Cliath, Bhéal Feirste agus Dhoire ach tháinig deireadh leo in 1957 nuair a dhún rialtas Thuaisceart Éireann na línte sa dlínse sin. Tháinig deireadh leis an tseirbhís lastais in 1959.

Dúirt Sara Smyth, Ceannasaí Gníomhach na dTaispeántas, na Foghlama agus na gClár in NLI agus coimeádaí an taispeántais seo:

“Na nithe a bhailítear inniu, is stair a bheidh iontu amárach. Sa ról atá aici i ndáil le cuimhne na hÉireann a choimeád, leanann NLI ar aghaidh ag bailiú agus ag roinnt cnuasach náisiúnta bríomhar ina ndéantar doiciméadú ar an saol stairiúil agus an saol comhaimseartha ar oileán na hÉireann. Tá os cionn cúig mhilliún grianghraf i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus is taifead fíorluachmhar iad ar stair agus cultúr na hÉireann.

“Beidh an taispeántas ar siúl go dtí 2025 agus beidh grianghraif i bhfrámaí ó 20 dár mbailiúcháin is mó ráchairt le feiceáil i gcéim a haon. Tugtar léargas sna híomhánna a roghnaíodh ar éagsúlacht na hÉireann agus tá grianghraif ann ó bheagnach gach contae, ó thuaidh agus ó dheas.

“Dírímid aird ar phobail den lucht oibre agus den mheánaicme; ar na mná, dream nach mbíonn le feiceáil chomh minic leis na fir in íomhánna ón am atá caite; agus léirímid pobail tuaithe agus pobail uirbeacha taobh le chéile. Tugtar aghaidh freisin ar théamaí, amhail an t-athrú aeráide agus cúrsaí iompair.”

Bí linn le haghaidh turas saor in aisce le coimeádaí an taispeántais, Sara Smyth, an samhradh seo. Beidh na turais ar siúl Déardaoin, an 20 Iúil agus Déardaoin, an 17 Lúnasa ó 1.00-1.40pm. Ní gá aon áirithint a dhéanamh.

Má bhíonn tú i mBaile Átha Cliath le cairde, páistí óga nó gaolta leat, is féidir leat bualadh isteach chuig an taispeántas inrochtana, saor in aisce ‘Daoine agus Áiteanna’, a bhíonn ar oscailt ó 10am go 4pm, Luan go Domhnach, agus an cead isteach deiridh ag 3.30pm.

Chun tuilleadh grianghraf atá mar chuid de bhailiúcháin NLI a fheiceáil, téigh go www.nli.ie.

CRÍOCH