Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Bailiúchán grianghrafadóireachta Covid-19 de chuid Phreas‑Ghrianghrafadóirí na hÉireann faighte ag an NLI

Tá nach mór 200 íomhá phreasa sa chartlann ‘An Saol in Éirinn faoi scáth Covid-19’, agus iad ina dtaifead ar aimsir na paindéime sa tír.

Dé Luain, 15 Aibreán 2024
Bean scothaosta taobh thiar d’fhuinneog agus bláthanna ina lámh aici

'Freesias for Mum' Photo of his mother-in-law Ellen Creed, by photographer Bryan O'Brien, with the flowers left for her on Mother's Day 2020. Photograph: Bryan O'Brien / The Irish Times.

Tá fógartha ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann inniu (15/04/24) go bhfuil bailiúchán grianghrafadóireachta agus físghrafadóireachta preasa de chuid Phreas‑Ghrianghrafadóirí na hÉireann, darb ainm ‘An Saol in Éirinn faoi scáth Covid-19’, faighte aici.

Áirítear sa chartlann beagnach 200 íomhá dhigiteach, ar ghlac níos mó ná 70 grianghrafadóir preasa ar fud na tíre iad idir 2020 agus 2021. Taifead ar an saol in Éirinn in aimsir na paindéime atá inti, agus i measc an ábhair tá grianghraif de chleachtadh an scartha shóisialta; caitheamh forleathan masc; ionaid vacsaínithe; foirne spóirt ag imirt i staideanna folmha (agus daoine ag breathnú ar chluichí go tnúthánach trí gheataí atá faoi ghlas); sráideanna tréigthe; oibrithe cúraim sláinte in TCP iomlán, chomh maith leis an gcaoi a ndearna daoine cumarsáid le daoine scothaosta agus leochaileacha, agus pobail ag teacht le chéile – iad ag cleachtadh an scartha shóisialta – le meas a léiriú d’oibrithe túslíne na hÉireann. Tá grianghraif ann freisin de phríomhoifigigh, leithéidí an Taoiseach Simon Harris, arbh é an tAire Sláinte ag an am sin é; an t-iarPhríomhoifigeach Leighis, an Dr. Tony Houlihan, agus an t-imdhíoneolaí, an tOll. Luke O’Neill.

Dúirt an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Is ionann Leabharlann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus cuimhne na hÉireann ar bhealach. Anois agus an saol mór ag dul le taifid i bhformáidí digiteacha seachas i gcló, is den ríthábhacht é go gcoinnímis cos leis an teicneolaíocht ionas gur féidir linn bailiúcháin a bhí digiteach ón gcéad lá riamh agus atá suntasach ó thaobh cultúir de a bhailiú, a bhainistiú agus a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht.

“Tréimhse an-deacair a bhí sa phaindéim in Éirinn agus ar fud na cruinne, agus tá ár dtaithí agus ár gcuimhní féin againn go léir uirthi. Taifead amhairc stairiúil agus thar a bheith luachmhar ar an tréimhse sin is ea an chartlann dhigiteach ‘An Saol in Éirinn faoi scáth Covid-19’. Seans go n-éireoidh sí níos luachmhaire fós le himeacht na mblianta de réir mar a rachaidh Covid-19 i ndearmad de réir a chéile. Toisc a éasca atá sé grianghraif dhigiteacha a scriosadh le spás a dhéanamh d’ábhar eile, tá sé tábhachtach go mbaileofaí agus go gcaomhnófaí taifid grianghrafadóireachta digití den sórt sin, agus go gcuirfí ar fáil do thaighdeoirí iad – bídís gairmiúil nó amaitéarach – as seo go ceann i bhfad. Cúis mhór bhróid dúinn mar sin gur bheartaigh Preas‑Ghrianghrafadóirí na hÉireann an chartlann seo a bhronnadh ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Beidh sí anois ina cuid de na bailiúcháin náisiúnta, taobh leis na leabhair, lámhscríbhinní, nuachtáin, priontaí, líníochtaí, ceol agus earraí eile atá á mbailiú ag an NLI ó 1877 i leith.”

Dúirt Eoghan Ó Carragáin, Ceannasaí Bailiúchán Digiteach an NLI an méid seo: “Aithníonn an NLI a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh sa chaomhnú digiteach. Tá sé mar aidhm ag na cleachtais caomhnaithe dhigitigh atá á bhforbairt againn a chinntiú go mbeidh ábhar digiteach – ar nós an tionscadail ‘An Saol in Éirinn faoi scáth Covid-19’ – in-aimsithe, inrochtana agus in-athúsáidte go ceann i bhfad.”

Bhí an méid seo le rá ag David Branigan, Uachtarán Phreas‑Ghrianghrafadóirí na hÉireann: “Deirtear gurb é atá san iriseoireacht ná an chéad dréacht den stair, agus tá áit thábhachtach ag an bpreas-ghrianghrafadóireacht i scéal an náisiúin a thaifeadadh. Caithimid dúthracht le saothar iontach ár mball a chur ar taispeáint agus ról na preas-ghrianghrafadóireachta a chur chun cinn, rud óna bhfaighimid an dearcadh uathúil seo ar Éirinn in aimsir na paindéime. “Thar ceann ár mball, tá ríméad orainn an chartlann ‘An Saol in Éirinn faoi scáth Covid-19’ a bhronnadh ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann lena caomhnú agus lena cur ar fáil go poiblí do na glúnta atá le teacht.”

Cuirfear an bailiúchán ‘An Saol in Éirinn faoi scáth Covid-19’ ar fáil don phobal amach sa bhliain a luaithe a bheidh catalógú déanta air.

CRÍOCH