Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Tar isteach agus féach ar ár mionsamhail Lego!

Dé Máirt, 24 Bealtaine 2022
An Stiúrthóir Gníomhach Katherine McSharry agus leanbh ina seasamh in aice le tosach múnla Lego de chuid NLI

Stiúrthóir Gníomhach NLI, Katherine McSharry, agus Elodie Kerrigan le mionsamhail Lego

Tá mionsamhail mhór Lego dár bhfoirgneamh ar Shráid Chill Dara ar taispeáint againn inár bpríomh-halla, agus ba bhreá linn dá mbuailfeá isteach le súil a chaitheamh uirthi. Tá sé ar cheann de na cinn is mó in Éirinn: 180cm x 168cm agus 60cm ar airde.

Le ceithre bliana anuas, táimid ag obair leis na daoine móra Lego David agus Breda Fennell le gnéithe iontacha dár bhfoirgnimh Victeoiriacha a cheiliúradh, agus leis an spás poiblí nua atá á fhorbairt inár n-iar-chruacha leabhar a shamhlú. 

Beidh an mhionsamhail Lego le feiceáil i bhforhalla na Leabharlainne i rith 2022. Ní gá áirithint a dhéanamh: buail isteach agus déan do Leabharlann Náisiúnta féin a shamhlú as an nua.

Luan, Déardaoin agus Aoine, 9:30am – 5pm
Máirt – Céadaoin, 9:30am-7pm
Satharn – Domhnach, 9:30am – 5pm

Léigh an phreaseisiúint iomlán

An Leabharlann Náisiúnta a Shamhlú as an Nua