Tionscadal Forbartha Caipitil

NLI Education Room - concept © Digital Dimension
Tá tús curtha le ré nua againn i stair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Is é an Tionscadal Forbartha Caipitil an t-infheistiú is mó inár mbonneagar fisiciúil ónar osclaíomar ár ndoirse den chéad uair in 1890. Leis an obair sin, déanfar ár saoráidí a nuachóiriú ar na caighdeáin is airde ar fad, agus caomhnófar oidhreacht agus áilleacht ár mbaile Victeoiriach ag an am céanna.
An Leabharlann Náisiúnta á Samhlú as an Nua
Cuireadh tús leis ‘an Leabhar Náisiúnta á Samhlú as an Nua’ in 2017. Ó shin, tá móroibreacha tógála curtha i gcrích againn ar fud ár gcampais ar Shráid Chill Dara. Rinneadh breis is 350,000 leabhar, nuachtán agus tréimhseachán ónár mbailiúcháin fhoilsithe a athlonnú mar chuid de na hoibreacha sin. Bogadh na míreanna sin ó shé stór de chruacha leabhar Victeoiriach chuig taisclann nua leabhar saintógtha ar an láthair.
Táimid ag tabhairt faoin gcéad chéim eile anois: athchóiriú iomlán ar an iarstór leabhar chun spás nua beoga poiblí a chruthú, atá ceaptha chun fáilte a chur roimh ghlúin nua cuairteoirí.
Fís agus Aidhmeanna an Tionscadail
Tá sé mar aidhm againn Sciathán Thiar stairiúil NLI a athoscailt mar chuid de thionscadal claochlaitheach lena gcuirfear feabhas ar rochtain ar ár mbailiúcháin náisiúnta agus lena gcuirfear saibhreas le heispéireas gach cuairteora. Tríd is tríd, baineann an tionscadal seo le caomhantas, le hinrochtaineacht agus le rannpháirtíocht phoiblí.
Is iad na haidhmeanna straitéiseacha atá againn don Tionscadal Forbartha Caipitil:
- Spásanna nua a chruthú le haghaidh taispeántas agus imeachtaí.
- Rochtain phoiblí ar bhailiúcháin agus ar chláir na Leabharlainne Náisiúnta a mhéadú.
- Spásanna solúbtha foghlama agus imeachta a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí oideachais agus cultúrtha.
- Siopa agus caifé nua a bhunú chun eispéireas an chuairteora a fheabhsú.
- Inrochtaineacht uilíoch a chinntiú do gach cuairteoir.
Leis an tionscadal seo, tacaítear lenár misean a bheith mar chuimhne náisiúnta na hÉireann agus daingnítear suíomh NLI ag croílár shaol cultúrtha na tíre.
Cead Pleanála Deonaithe
Tionscadal an Sciatháin Thiar
I mí Eanáir 2024, tugadh cead pleanála don athfhorbairt sainchomhartha seo. Fuarthas formheas freisin ónár máthair-roinn, rud a chuir ar ár gcumas dúinn dul chun cinn a dhéanamh ar an gcéad chéim eile den obair. Is garsprioc mhór é seo don Leabharlann Náisiúnta agus dearbhú dár bhfís don todhchaí.
Áiléar Cuairteoirí an tSeomra Léitheoireachta
An 11 Lúnasa 2025, thug Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cead pleanála dúinn le haghaidh tuilleadh oibreacha ar ár bPríomhsheomra Léitheoireachta. Tá an t-iarratas sin sa bhreis ar an gcead pleanála a fuarthas in 2024 le haghaidh thionscadal an Sciatháin Thiar. Cuimsítear oibreacha tábhachtacha caomhantais leis, amhail deisiúcháin urláir, uasghráduithe ar sheirbhísí agus balcóin an tSeomra Léitheoireachta a thimpeallú chun áiléar cuairteoirí a bhfuil tosach gloine air a chruthú. Leis na feabhsuithe sin, beidh daoine in ann breathnú ar an Seomra Léitheoireachta stairiúil.

NLI New Circulation Core - concept © OPW

Visitor Gallery CGI - FKP Architects

Kildare St Entrance, Digital Dimensions
Comhpháirtíocht agus Tiomantas Comhroinnte
Tá an tionscadal seo á sholáthar i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt (RCCS) agus le hOifig na nOibreacha Poiblí (OOP). Tá an inbhuanaitheacht lárnach do gach gné den phleanáil agus den soláthar
Garspriocanna Nua
I mí na Bealtaine 2024, d’osclaíomar ár Léachtlann Joly, spás úrscothach a bhfuil rochtain iomlán air le haghaidh imeachtaí poiblí, léachtaí agus taibhithe. Leis sin, léirítear arís ár dtiomantas d’fháilte a chur roimh luchtanna féachana níos leithne agus níos éagsúla.

Art Room

Manuscripts Reading Room

Joly Theatre
Féachaint romhainn
Leanfaimid den nuacht is déanaí a chomhroinnt de réir mar a théann ár dtionscadal chun cinn. Táimid tiomanta do Leabharlann a chruthú ina gcaomhnaítear cuimhne na hÉireann, ina gcuirtear fáilte roimh chách, agus lena spreagtar na glúnta amach romhainn.
- Preasráiteas (9 Bealtaine 2024): Léachtlann Joly seolta
- Preasráiteas (27 Meán Fómhair 2023): Iarratas Pleanála Taiscthe
- Preasráiteas (13 Meitheamh 2023): Dhá spás phoiblí nua oscailte ag an Aire Catherine Martin ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

NLI New Circulation Core - concept © OPW

NLI Longitudinal Section through West Wing © FKP Architects

NLI Education Room - concept © Digital Dimension

NLI Exhibition Space © Digital Dimension

NLI Retail Space - concept © Digital Dimension

Coincheap le haghaidh an chaifé nua sa Leabharlann Náisiúnta