Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Lego sa Leabharlann: ag taispeáint an obair athfhorbartha atá ar bun

Mionsamhail dár bhfoirgneamh nochta agus obair mhór athfhorbartha ar bun fós

Dé Máirt, 24 Bealtaine 2022
An Stiúrthóir Gníomhach Katherine McSharry agus leanbh ina seasamh in aice le tosach múnla Lego de chuid NLI

Stiúrthóir Gníomhach NLI, Katherine McSharry, agus Elodie Kerrigan le mionsamhail Lego

 

Nocht Leabharlann Náisiúnta na hÉireann mionsamhail Lego ar mórscála dá foirgneamh ar Shráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, inniu (24.05.22). Rinneadh an mhionsamhail a choimisiúnú taobh leis an athfhorbairt atá ar bun faoi láthair ar phríomhfhoirgneamh NLI ar Shráid Chill Dara. Bhí an chéad chéim den chlár athfhorbartha ar bun ó 2017 go 2019, tráth ar bogadh 350,000 leabhar, nuachtán agus tréimhseachán ón ‘Sciathán Thiar’ Victeoiriach chuig áit stórála nuafhorbartha faoi choinne leabhar atá slán sábháilte. Mar chuid den chéad chéim eile, déanfar sé urlár de spás taispeántais agus rannpháirtíochta poiblí den Sciathán Thiar mar athfhorbairt agus déanfar cinnte go mbeidh rochtain uilíoch ag gach cuairteoir ar an áit.

Léiriú ar an bhfoirgneamh mar atá sé faoi láthair atá sa mhionsamhail agus samhlaítear inti an chuma a d’fhéadfadh a bheith ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann nuair a bheidh an tionscadal curtha i gcrích. Le ceithre bliana anuas, tá díograiseoirí amaitéaracha Lego David agus Breda Fennell ag obair go dlúth le baill foirne i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le dearadh a chruthú ina léirítear na coincheapa is mó a bheidh sa Leabharlann atá le hathfhorbairt gan mhoill, dearadh a raibh cruthaitheacht agus spraoi ag baint leis. Tá an mhionsamhail ar cheann de na mionsamhlacha is mó dá leithéid in Éirinn:  Is iad na toisí ná 180cm x 168cm agus tá sí 60cm ar airde.

Agus í ag labhairt le linn an nochta, arsa Stiúrthóir Gníomhach NLI, Katherine McSharry: “Agus muid ag déanamh dul chun cinn inár gclár athfhorbartha, tá faill ag an bpobal, mar gheall ar an mionsamhail thar a bheith éachtach seo, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a shamhlú as an nua inár dteannta. Sa chéad chéim eile seo dár gclár forbartha caipitil, i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an toradh a bheidh ann ná go ndéanfar ár seanstóras leabhar a athchóiriú le gur an-taithí chultúrtha a bheidh ann – spás poiblí tábhachtach nua le haghaidh glúin úr cuairteoirí. Is éard a bhainfear amach leis an tionscadal tógála eisiach seo ná gailearaithe móra taispeántais nua, rochtain uilíoch do chách, áiseanna nua foghlama agus imeachtaí, siopa agus caifé nua, agus spásanna mealltacha poiblí nua chun tairbhe gach duine.

“Sa mhionsamhail Lego, leagtar béim ar na deiseanna atá ar fáil mar gheall ar an athfhorbairt agus déantar ceiliúradh ar na gnéithe sin dár bhfoirgnimh Victeoiriacha a bhfuil an-ghean againn go léir orthu. Tá Seomra Léitheoireachta íocónach na Leabharlainne athchruthaithe ag David agus Breda agus scil agus mionchruinneas léirithe acu a chuirfidh idir ghliondar agus lúcháir ar ár gcuairteoirí go léir.”

Agus é ag labhairt ar a gcuid oibre le mionsamhail Lego den Leabharlann Náisiúnta a thógáil, arsa David Fennell: “Tréimhse an-taitneamhach dúinne a bheith ag obair ar an tionscadal seo le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. B’éigean dúinn tarraingt as toibreacha na samhlaíochta agus teacht ar fhuascailtí nuálacha agus muid ag iarraidh ceann de na foirgnimh is áille i mBaile Átha Cliath a léiriú. Le struchtúr daingean a bhaint amach, thóg muid ballaí an tSeomra Léitheoireachta agus cuid den phábháil sheachtrach ar ráillí traenach agus tá codanna Lego Duplo mar thaca go hinmheánach faoin urlár iontrála. I measc leigheasanna deartha eile a bhí againn, d’úsáid muid taibhle Bart Simpson, ispíní Lego, píosaí seanré Lego Modulex agus tíleanna díslí Lego le domanónna a chruthú. Baineadh feidhm as píosaí neamhchoitianta óir Lego le Cruit Ghaelach a dhéanamh agus bhí ionchomhartha Star Wars ina chuidiú againn an taobh amuigh den fhoirgneamh a athchruthú.

“Agus muid ag tagairt go cruthaitheach don am atá thart, spreagtha ag sean-ghrianghraif, d’éirigh linn an faiche féir a bhí taobh amuigh de NLI i dtús ama a athchruthú,” a dúirt sé chomh maith.

Beidh an mhionsamhail Lego le feiceáil i bhforhalla isteach na Leabharlainne Náisiúnta ar Shráid Chill Dara i rith 2022. Ní gá aon choinne a dhéanamh: buail isteach agus déan do Leabharlann Náisiúnta féin a shamhlú as an nua.

Tá tuilleadh eolais maidir le NLI, uaireanta oscailte ina measc, ar fáil ar www.nli.ie.

Tá Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach NLI, ar fáil le haghaidh agallaimh leis na meáin.

CRÍOCH