Is iad Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hAlban, Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige agus Leabharlann na Breataine na hinstitiúidí atá taobh thiar den chomhpháirtíocht Trasna na nOileán seo: Startha Comhroinnte, Todhchaíochtaí Comhroinnte, a fógraíodh Dé hAoine, 13 Márta 2026.
Bronnadh €750,000 ar an tionscadal trí Chlár Comhair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe-na hÉireann, mar chuid d’infheistíocht níos leithne €5 milliún i dtionscnaimh chultúrtha na hÉireann-na Ríochta Aontaithe. Rinne an Taoiseach Mícheál Martin, an Príomh-Aire Sir Keir Starmer, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Patrick O'Donovan, agus an tAire Tionscail Chruthaitheacha, Meán agus Ealaíon Ian Murray an fógra i gCorcaigh.
Le chéile, cosnaíonn na ceithre leabharlann oidhreacht chlóite agus taifeadta a náisiúin. Cuireann an chomhpháirtíocht leis na caidrimh atá ann cheana idir na hinstitiúidí agus cruthaíonn sí clár comhroinnte chun cabhrú le daoine foghlaim faoi na scéalta, na teangacha agus na cultúir a nascann na hoileáin seo thar am.
Beidh an obair ar siúl i dtrí réimse: cláreagrú agus coimeádaíocht chomhpháirteach, lena n-áirítear taispeántais chomhroinnte, eispéiris dhigiteacha agus imeachtaí poiblí; malartú gairmiúil idir baill foirne; agus obair chomhpháirteach taighde agus beartais a chlúdaíonn fionnachtain dhigiteach, inbhuanaitheacht, eitic, ionchuimsiú, aistriú aeráide agus úsáid fhreagrach na hintleachta saorga.
Thar cheithre bliana, forbróidh an chomhpháirtíocht creatlacha fionnachtana comhroinnte, painéil chomhairleacha pobail, agus ábhar ilteangach agus inrochtana chun tacú le rannpháirtíocht phoiblí níos leithne agus a chinntiú gur féidir le daoine i ngach áit iniúchadh a dhéanamh ar na bailiúcháin agus na scéalta a nascann na hoileáin seo.
Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Leis an gcomhoibriú seo, is féidir linn scéalta a roinnt a thrasnaíonn teorainneacha, tuiscint a dhoimhniú agus bealaí nua bríomhara a chruthú ionas gur féidir le daoine dul i dteagmháil lenár mbailiúcháin náisiúnta faoi seach.”
Dúirt Dr Rhodri Llwyd Morgan, Príomhfheidhmeannach Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige: “Céiliúrann an comhpháirtíocht seo éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch na n-oileáin seo agus rochtain a leathnú ar oidhreacht agus ar ghuthanna na Breatnaise.”
Dúirt Amina Shah, Leabharlannaí Náisiúnta agus Príomhfheidhmeannach Leabharlann Náisiúnta na hAlban: “Tá ár stair chomhroinnte fréamhaithe go domhain inár gcultúr, agus tá seans ann nach bhfuil a fhios ag go leor againn a mhaireann sna hoileáin seo cé chomh láidir is atá na ceangail seo eadrainn. Trí chomhoibriú le chéile, cabhróidh sé linn na scéalta seo a chur os comhair níos mó daoine i níos mó áiteanna.”
Dúirt Dr Jeremy Silver, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Leabharlann na Breataine: “Tríd an saineolas atá againn ar rochtain dhigiteach agus ar nuálaíocht a ailíniú, is féidir linn taighde, cruthaitheacht agus rannpháirtíocht an phobail a neartú ar fud na gceithre náisiún.”
Léigh an phreaseisiúint ina hiomláine.