Home, National Library of Ireland
Roghchlár

NLI West Wing Refurbishment Project

Planning application for NLI redevelopment lodged with Dublin City Council

Dé Céadaoin, 27 Meán Fómhair 2023
Cruacha Leabhar an Sciatháin Thiar

Tá rud éigin ag tarlú i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann...

Tá áthas ar an NLI a fhógairt gur chuir Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn (26.09.23) iarratas pleanála le haghaidh oibreacha athchóirithe agus síneadh ar chúl faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tarlóidh an athfhorbairt bheartaithe i Sciathán Thiar an fhoirgnimh ar Shráid Chill Dara agus trí chaomhnú, athchóiriú agus oiriúnú cúramach, déanfar claochlú ar an iar-stóras leabhar Victeoiriach isteach ina spás nua cultúrtha a bheidh ar oscailt saor ó tháille do chách.

Beidh an 1,600 méadar cearnach de spás poiblí inrochtana scaipthe thar 6 urlár agus beidh spásanna nua taispeántais agus imeachtaí, ionad foghlama saincheaptha, caifé, láthair mhiondíola, agus áiseanna poiblí breise ar fáil ann.

Agus muid ag obair i ndlúthchomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, beidh an tionscadal seo ar an bhforbairt is suntasaí i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ó bunaíodh í in 1877.

Tuilleadh eolais anseo: Preaseisiúint (27.09.2023)

NLI New Circulation Core - concept © OPW

NLI New Circulation Core - concept © OPW

Coincheap le haghaidh an chaifé nua sa Leabharlann Náisiúnta

Coincheap le haghaidh an chaifé nua sa Leabharlann Náisiúnta

NLI Education Room - concept © Digital Dimension

NLI Education Room - concept © Digital Dimension

NLI Exhibition Space © Digital Dimension

NLI Exhibition Space © Digital Dimension

Tionscadal Forbartha Caipitil á Sheoladh ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Teidil chreidiúna an fhíseáin:

  • Stiúrthóir: Finn Richards (Stills & Motion), Orla Neiland
  • Ceol: Jonathan Casey
  • Aerscannánaíocht: Theo Jebb agus Luke Leslie