Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Iarratas pleanála curtha isteach le haghaidh oibreacha athchóirithe agus síneadh nua le NLI

Cuirfidh oibreacha in iar-limistéar stórála leabhar spásanna nua taispeántais agus poiblí eile ar fáil

Dé Céadaoin, 27 Meán Fómhair 2023
Trasghearradh den Sciathán Thiar, den Chroí Dála nua agus den Staighre Láir atá ann cheana

Trasghearradh den Sciathán Thiar, den Chroí Dála nua agus den Staighre Láir atá ann cheana © FKP Architects

Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, i gcomhar le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, tar éis iarratas pleanála ar oibreacha athchóirithe agus síneadh nua le Sciathán Thiar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) ar Shráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 a chur isteach (an 26 Meán Fómhair 2023) chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Cuireadh (26 Meán Fómhair 2023) iarratas pleanála ar oibreacha athchóirithe agus síneadh nua le Sciathán Thiar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) ar Shráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

Áireofar leis an athfhorbairt atá beartaithe caomhnú, athchóiriú agus oiriúnú Sciathán Thiar an fhoirgnimh ina spás cultúrtha nua a mbeidh rochtain ag an bpobal air. Cruthóidh sé limistéir phoiblí nua 1,600 méadar cearnach ar 6 urlár. Soláthróidh sé seo spásanna nua taispeántais agus imeachtaí, ionad foghlama saincheaptha, caifé, láthair mhiondíola, agus áiseanna poiblí breise. Beidh síneadh nua 6 stór sa chlós cúil chun rochtain uilíoch a éascú.

Is iar-limistéar stórála leabhar atá sa Sciathán Thiar. Beidh fócas láidir ag an tionscadal athchóirithe ar inbhuanaitheacht agus íogaireacht d'oidhreacht ailtireachta an fhoirgnimh ón ré Victeoiriach.

Bhí an chéad chéim den mhórchlár athfhorbartha seo dar teideal ‘an Leabharlann Náisiúnta a Athshamhlú’ ar bun ó 2017 go 2019, tráth ar athlonnaíodh 350,000 leabhar, nuachtán agus tréimhseachán ón ‘Sciathán Thiar’ Victeoiriach chuig áit stórála nuafhorbartha faoi choinne leabhar atá slán sábháilte.

Is tionscadal suaitheanta é seo de chuid Chlár Infheistíochta na bhForas Cultúrtha Náisiúnta faoi Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais. Tá an tionscadal á stiúradh ag NLI agus Oifig na nOibreacha Poiblí.  

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an méid seo: “Is lá tábhachtach do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann é an t-iarratas pleanála seo a chur isteach. Tabharfaidh an athfhorbairt spás taispeántais breise do NLI, rud a chuirfidh ar a chumas níos mó de na bailiúcháin náisiúnta faoina chúram a thaispeáint, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain níos fearr orthu ag muintir na hÉireann agus ag cuairteoirí ó gach cearn den domhan. Cuirfidh an tionscadal oidhreachta seo le tairiscint chultúrtha Bhaile Átha Cliath mar áit chun cuairt a thabhairt air, chun cónaí ann agus chun oibriú ann, i gcomhréir le spriocanna spásúla agus prionsabail inbhuanaitheachta Chreat Náisiúnta Pleanála Thionscadal Éireann 2040.”

Dúirt an tAire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, TD: “Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí an t-iarratas pleanála don tionscadal seo atá suntasach ó thaobh cultúir de a chur isteach. Tá foireann oifig na nOibreacha Poiblí ag obair go dlúth le NLI, roinn an Aire Martin agus leis na hailtirí caomhnaithe Fitzgerald Kavanagh + Partners chun tionscadal a fhorbairt a chuirfidh taitneamhacht nua-aimseartha, inrochtana, inbhuanaithe ar fáil a léiríonn meas ar nádúr stairiúil an fhoirgnimh. Nuair a bheidh sé críochnaithe, ligfidh sé do chuairteoirí blaiseadh a fháil den fhoirgneamh iontach seo, arna athfhorbairt ar bhealach inbhuanaithe, agus na príomhghnéithe breátha atá ann coinnithe nó athdhéanta.”

Dúirt Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Dr Audrey Whitty: ‘Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tús leis an tionscadal ‘An Leabharlann Náisiúnta a Shamhlú as an Nua’ in 2017. Is é an tionscadal uair sa ghlúin seo an infheistíocht is mó sa Leabharlann Náisiúnta ón uair a osclaíodh an príomhfhoirgneamh ar Shráid Chill Dara in 1890. Forbairt bhunathraithe a bheidh sa tionscadal athchóirithe seo do NLI, ag breisiú ár bhfoirgneamh stairiúil le haghaidh úsáidí nua suntasacha do gach duine ó gach cearn dár n-oileán agus níos faide i gcéin. Beidh an taispeántas agus na spásanna foghlama nua saor in aisce, dátheangach agus inrochtana go hiomlán.  Cuirfidh sé seo ar chumas NLI scéalta na hÉireann a roinnt leis an lucht féachana is leithne agus is éagsúla is féidir.”

Beidh an t-iarratas pleanála ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath lena athbhreithniú agus breithniúcháin a dhéanamh.

CRÍOCH