Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Síneadh curtha le Taispeántas ‘Seamus Heaney: Éist Anois Arís’ chuig 2025

Dé hAoine, 28 Iúil 2023
Taobh istigh den spás taispeántais le cuairteoirí ag breathnú ar thaispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís

Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil síneadh curtha lenár dtaispeántas 'Seamus Heaney: Éist Anois Arís’ go dtí mí na Nollag 2025.

Cuireadh fáilte roimh bhreis agus ceathrú milliún cuairteoir (ar an láthair agus ar líne) ar an taispeántas ó d’oscail sé ag Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann i mí Iúil 2018. Tionscadal comhpháirtíochta idir an Leabharlann Náisiúnta, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Banc na hÉireann, tarraingíonn an taispeántas ar an gcartlann fhairsing doiciméad a bhaineann le Seamus Heaney atá i seilbh na Leabharlainne, agus tá cuid de lámhscríbhinní bunaidh Heaney ann, chomh maith le deasc scríbhneoireachta, litreacha, saothair neamhfhoilsithe, iontrálacha dialainne, grianghraif, leabhair nótaí agus taifeadtaí ilmheán dá chuid. 

Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: "Táimid fíorbhuíoch do mhuintir Heaney as a bhflaithiúlacht leanúnach agus as a dtreoir sheasmhach. Buíochas freisin leis an Aire Catherine Martin agus a Roinn agus le Banc na hÉireann as a dtacaíocht leanúnach agus as comhoibriú leis an Leabharlann. Tá ríméad orainn gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag cur fáilte roimh gach duine a thagann chun rud éigin a fhoghlaim, chun siamsaíocht a fháil agus chun spreagadh a fháil.”

Beidh an taispeántas dúnta Dé Sathairn an 5 Lúnasa agus gach Luan ón 7 Lúnasa go dtí lár mhí Dheireadh Fómhair chun athbhreithniú coimeádaíochta ar dhéantáin an taispeántais a éascú. Coinnigh súil ar ár suíomh gréasáin agus ár gcainéil mheán sóisialta le haghaidh nuashonruithe ar uaireanta oscailte.

Tags: Taispeántas