Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Osclaíonn an tobthaispeántais ‘Le Grá, Seamus’ ag sárthaispeántas NLI ‘Seamus Heaney: ‘Éist Anois Arís’

Sa taispeántas tá cártaí poist a sheol an file chuig cairde a bhí aige ar feadh a shaoil

Dé Luain, 10 Iúil 2023
Guests at the opening night for Le Grá, Seamus

Tá rogha cártaí poist a sheol an file Seamus Heaney agus a bhean, Marie, chuig a gcairde Des agus Mary Kavanagh curtha leis an taispeántas 'Seamus Heaney: Éist Anois Arís’ ag Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Sráid Westmoreland, Baile Átha Cliath.

Seoladh an tobthaispeántas ag ócáid chun comóradh cúig bliana a dhéanamh ar oscailt 'Seamus Heaney: Éist Anois Arís’.

Sa taispeántas 'Le Grá, Seamus' tá 10 gcinn de na cártaí poist a sheol siad chuig muintir Kavanagh le linn na 1980idí agus na 1990idí ó áiteanna ar nós St Lucia, an Ostair, an tSeapáin, an Iodáil agus Páras. Seoladh iad mar gheall ar ócáidí éagsúla amhail laethanta saoire an tsamhraidh, comóradh bainise agus turais léachtaí. Sa bhailiúchán tá an líne ón dán ‘Oysters’ – “Our shells clacked on the plates…” – a bhaineann le hócáidí nuair a bhí na lánúineacha in éineacht ag Moran’s Oyster Cottage i nGaillimh.  Deirtear ar chárta poist eile a seoladh ón Iodáil: “Thinking of you as we go shamefully free day by day in sunlight and leisure”, agus ar cheann eile deirtear: “Nothing to bate the free play of chance and good food. And drink. And crack”.

Ag labhairt di mar gheall ar an taispeántas, dúirt an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: "Tá ríméad orainn an bailiúchán cártaí poist 'Le Grá, Seamus' a chur i láthair ag an taispeántas 'Seamus Heaney: Éist Anois Arís’ Gabhaim buíochas le Des agus Mary Kavanagh – agus, go deimhin, le Marie Heaney – as an rogha bheag cártaí poist seo a roinnt linn, cártaí poist a thugann léargas ar fhear a bhí greannmhar, iontach, agus cineálta, agus a bhain an-sásamh as an saol agus as an teanga."

Anuas air sin, dúirt Des Kavanagh: “Sárfhile a bhí in Seamus Heaney, agus bhí sé iontach agus dea-chroíoch mar chara chomh maith. Ba chara liom é ar feadh breis agus 60 bliain, ó bhuaileamar le chéile den chéad uair mar bhuachaillí scoile i gColáiste Cholm Cille i nDoire.  Bhí bua an chomhfhreagrais aige, agus fuair mo bhean chéile, Mary, agus mé féin níos mó ná 60 cárta poist a bhí idir thuisceanach agus fhileata ó Sheamus thar na blianta. Is ábhar bróid dúinn iad sin a roinnt leis an Leabharlann Náisiúnta agus leis an bpobal i gcoitinne mar chuid de thaispeántas 'Seamus Heaney: Éist Anois Arís

Tá breis agus ceathrú milliún duine i ndiaidh cuairt a thabhairt (ar an láthair agus ar líne) ar an taispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ó d’oscail sé in Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann mí Iúil 2018. Chruthaigh an Leabharlann Náisiúnta an taispeántas seo i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Banc na hÉireann agus tá sé á choimeád ag an Ollamh Geraldine Higgins, Stiúrthóir an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Emory sna Stáit Aontaithe, Tarraingíonn an taispeántas ar an gcartlann fhairsing doiciméad a bhaineann le Seamus Heaney atá i seilbh na Leabharlainne. Tá cuid de lámhscríbhinní bunaidh Heaney ann, chomh maith le deasc scríbhneoireachta, litreacha, saothair neamhfhoilsithe, iontrálacha dialainne, grianghraif, leabhair nótaí agus taifeadtaí ilmheán dá chuid.

Reáchtálann an Leabharlann Náisiúnta clár imeachtaí ar bhonn leanúnach chun tacú leis an taispeántas. Áirítear leis seo turais ar líne, a bhfuil léirmhíniú agus fotheidealú ISL orthu; turais, cainteanna agus ceardlanna téama speisialta (ar an láthair agus ar líne), agus club leabhar míosúil, a dhéanann iniúchadh ar chnuasach éagsúil d'fhilíocht Heaney gach mí. Chomh maith leis na cláir rialta, óstálann an NLI seisiúin mic oscailte, léamha, léachtaí agus seisiúin aireachais dírithe ar Heaney. Is féidir sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin an NLI.

Beidh an taispeántas 'Le Gra, Seamus' ar siúl mar chuid de ' Seamus Heaney:  Éist Anois Arís’, Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Sráid Westmoreland, Baile Átha Cliath 2. 

CRÍOCH