Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Dhá spás phoiblí nua á n-oscailt ag an Aire Catherine Martin i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Dé Máirt, 13 Meitheamh 2023
Dr Audrey Whitty, Minister Catherine Martin and Eoin McVey in the NLI's Manuscripts Room

Inniu (an 13 Meitheamh 2023), d’oscail Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, dhá spás phoiblí nua i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar Shráid Chill Dara.

Rinneadh athchóiriú inbhuanaithe ar Sheomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní agus ar an Seomra Ealaíne agus athraíodh an úsáid a bhaintear astu mar chuid den obair leanúnach ar scála mór atá ar bun chun athfhorbairt a dhéanamh ar an Leabharlann Náisiúnta.

Rinneadh athchóiriú fairsing ar Sheomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní ionas gurbh fhearr an rochtain a bheadh ag daoine air. Cur chuige inbhuanaithe a glacadh agus é á uasghrádú ó bheith ina sheomra taispeántais. Rinneadh uaschúrsáil ar bhoird na léitheoirí agus baineadh úsáid úr as seilfeanna agus cathaoireacha. Fágann an t-uasghrádú a rinneadh ar aonaid ghloinithe go bhfuil feabhas ar an insliú fuaime agus an insliú teirmeach araon, agus tá cothabháil chúramach déanta ar chreat ailtireachta stairiúil an bhunfhoirgnimh, a bhíodh ina chuid de chlub Shráid Chill Dara sa bhliain 1861. 

Osclófar an Seomra Ealaíne nua-athchóirithe san fhómhar ionas go bhféadfaidh léitheoirí breathnú ar bhailiúcháin físábhar na Leabharlainne. Bainfear leas as mar spás fáiltithe le haghaidh imeachtaí freisin.  An Seomra Leabhar Mór a tugadh ar an spás sin ar dtús, agus is cuid den phríomhfhoirgneamh bunaidh é, a tógadh in 1890.

Arsa an tAire Catherine Martin: “Tá ríméad orm a bheith i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann inniu (an 13 Meitheamh 2023), agus is tráthúil an rud é gur lá breithe WB Yeats atá ann inniu freisin. Ag breathnú dom ar roinnt earraí stairiúla tábhachtacha ón gcartlann, iad siúd ó theaghlach Yeats san áireamh, táim an-tógtha leis an athchóiriú atá déanta ar an dá spás ghalánta, inrochtana seo. Rinneadh an obair sin faoi thionscadal athfhorbartha chun an Leabharlann a athrú ó bhonn, sa chaoi is go mbeidh gach duine in ann leas a bhaint as an bhfoirgneamh stairiúil seo ar bhealaí suntasacha nua agus taitneamh a bhaint as.

Cuirfear arís eile leis na seomraí léitheoireachta áille seo sna blianta atá le teacht leis an athfhorbairt atá beartaithe a dhéanamh ar an áit a mbíodh na cruacha leabhar ionas gur limistéar ar leith a bheidh inti don phobal. Sé leibhéal a bheidh sa limistéar sin, agus beidh gailearaithe agus limistéir thaispeántais nua ann chomh maith le hionad foghlama saincheaptha agus caifé agus siopa. Cuirfear iarratas pleanála isteach chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath sna seachtainí atá romhainn don athfhorbairt iomlán sin, a dhéanfar i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí agus le mo Roinn féin.”

Dúirt Eoin McVey, Rúnaí bhord na Leabharlainne: “Níl i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní agus an Seomra Ealaíne ach dhá ghné den fhís fhoriomlán faoina bhfuil an Leabharlann Náisiúnta á samhlú as an nua, tionscadal forbartha caipitil atá á chur i bhfeidhm faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Nuair a bheidh sé críochnaithe beidh an tionscadal sin ar an infheistíocht is mó sa Leabharlann Náisiúnta ó osclaíodh an príomhfhoirgneamh ar Shráid Chill Dara in 1890. Táimid ag tnúth leis an gcéad chéim eile de na hoibreacha, ina ndéanfar athfhorbairt ar an áit a mbíodh na cruacha leabhar sa Sciathán Thiar.”

Dúirt Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta, an Dr Audrey Whitty: “Cúis lúcháire dúinn is ea an t-athchóiriú a rinneadh ar Sheomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní agus ar an Seomra Ealaíne. Faoin tionscadal sin, rinneadh samhlú as an nua ar spásanna a léiríonn stair an fhoirgnimh agus cuireadh saoráidí comhaimseartha ar fáil ionas go mbeidh rochtain ag gach duine ar na bailiúcháin. Mar chuid den obair leanúnach atá ar bun ag an Leabharlann Náisiúnta chun ár n-oidhreacht a choinneáil slán, go dtí seo aistríodh 350,000 imleabhar, nuachtán agus tréimhseachán ó chruacha leabhar Victeoiriacha i Sráid Chill Dara, cruacha nár oir dá gcuspóir a thuilleadh, chuig áit stórála nua atá níos sábháilte. Táimid buíoch dár gcomhpháirtithe in Oifig na nOibreacha Poiblí agus sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as bheith ag obair linn chun garspriocanna tábhachtacha a bhaint amach, amhail oscailt Sheomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní agus an tSeomra Ealaíne inniu, agus táimid ag tnúth le dul ar aghaidh leis an iarratas pleanála don chéad chéim eile den obair forbartha atá beartaithe againn a dhéanamh áit a mbíodh na cruacha leabhar tráth.”

CRÍOCH