Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Cloch Mhíle a Cheiliúradh Deich mBliana de Chomhionannas Pósta

Cartlann nua ar líne agus imeacht chun Deich mBliana ó Vótáil Éire "Tá!" a cheiliúradh

Dé hAoine, 16 Bealtaine 2025
Panel in conference room

Brian Sheehan, Anna McCarthy, Karl Hayden and Anna Nolan on the panel with Audrey Whitty

Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag ceiliúradh Deich mBliana ó Vótáil Éire "Tá"!

Feachtas Tá Comhionannas: Seoladh na Cartlainne Digití

Deonaíodh cartlann dhigiteach fheachtas 'Tá Comhionannas' go flaithiúil don NLI in 2020. Bhí an deonú seo ar cheann de na chéad tionscadail phíolótacha dhigiteacha a bhí ag NLI agus chomh maith leis sin, ar cheann de na chéad chinn a bhí go hiomlán inrochtana ar líne. Sa chartlann dhigiteach, tá grianghraif, físeáin, agus taifid dhigiteacha ón bhfeachtas agus cuirfear é ar fáil ina iomláine ar ball. Léigh an phreaseisiúint ina hiomláine anseo.

Chun Deich mBliana ón reifreann Comhionannais Pósta stairiúil a chomóradh, tá catalógú déanta ar rogha de 1,000 grianghraf ón mbailiúchán digiteach agus tá siad crochta ar líne. Is é an grianghrafadóir, Paul Sharp, duine ar choimisiúnaigh 'Tá Comhionannas' é chun gníomhaíochtaí an fheachtais, lá na vótála, agus an cheiliúrtha i ndiaidh na torthaí a thaifeadadh, agus chun blaiseadh den spiorad is den phaisean a bhí laistiar de a fháil freisin, a ghlac na híomhánna ar fad. 

Breathnaigh ar an mbailiúchán anseo. 

Feachtas Tá Comhionannas: Cartlann Amhairc Dhigiteach. Grianghraf © Paul Sharp/SHARPPIX Atáirgthe le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

yes-equality-billboard-launch-8.jpg

 

Yes Equality campaigners pointing to Yes on the Yes Equality billboard outside Dáil Éireann. Paul Sharpe.Call no: YE/848790/019/001 (Online)

Cupcakes featuring the YES Equality Campaign logo

Yes Equality cupcakes, Paul Sharpe. Call No: YE/848800/005/002 (Online)

image of people with billboard

 

 

Yes Equality billboard launch. Paul Sharpe. Call no: YE/848814/033/002 (Online)

People holding the letters Y-E-S

Yes Equality supporters on O'Connell Street. Paul Sharpe. Call no: YE/848804/032/002 (Online)

David Norris with campaigners

 

Senator David Norris with Yes Equality campaigners in front of the Yes Equality bus. Paul Sharpe. Call no: YE/848802/002/002 (Online)

3097-394.jpg

 

Yes Equality press conference for the campaign launch. Paul Sharpe. Call no: YE/848788/033/002 (Online)

Ag Tabhairt Spléachadh Eile ar Fheachtas Tá Comhionannas | Imeacht painéil, an 15 Bealtaine, 2025

Chun an ócáid thábhachtach seo a chomóradh, reáchtáil NLI plé painéil ar an 15 Bealtaine, ‘Ag Tabhairt Spléachadh Eile ar Fheachtas Tá Comhionannas: Deich mbliana den Chomhionannas Pósta’, le hionadaithe mór le rá ón bhfeachtas. Sa díospóireacht phainéil, rinneadh machnamh ar Reifreann Comhionannais Pósta 2015 agus ar fheachtas Tá Comhionannas.


Ar an bpainéal, bhí:
Brian Sheehan, iar-Chomhstiúrthóir ar Tá Comhionannas; Karl Hayden, scannánóir, grianghrafadóir agus gníomhaí LADTI+ agus Anna MacCarthy, gníomhaí agus eagraí le LGBT Noise. Déanfaidh Anna Nolan, Cathaoirleach ar NXF (Conaidhm Náisiúnta LADT) agus léiritheoir teilifíse cathaoirleacht ar an bplé.

Tuilleadh sonraí anseo.

Cartlannú Gréasáin:

Ós sinne coimeádaí cuimhní na hÉireann, tá NLI tiomanta chun guthanna agus eispéiris éagsúla na tíre a thaifeadadh, a chosaint agus a roinnt. Lenár gcartlannú gréasáin, tiomsaímid agus caomhnaímid na suímh ghréasáin a bhí mar chuid d'fheachtais an Reifrinn Comhionannais Pósta, 2015, is cuirimid rochtain ar fáil orthu. Níl an-chuid de na suímh seo ar fáil ar an ngréasán beo a thuilleadh. Tá béim curtha againn ar rogha ábhar ó na suímh seo ach molaimid daoibh iad a fhiosrú tuilleadh.

bailiúchán an Reifrinn Pósta i gCartlann Ghréasáin NLI anseo  agus tá roinnt samplaí ó shuímh ghréasáin chartlannaithe a bhí ann le linn an fheachtais ar fáil thíos:

Suímh a bhí ag moladh vóta Tá:

Suímh a bhí ag moladh vóta Níl:

Taispeántas Grianghraf Theach AE:

Bhí NLI an-sásta comhoibriú le foireann Theach AE, Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn, chun dul i mbun coimeádaíochta ar thaispeántas de rogha grianghraf ó Paul Sharp. Tógadh na híomhánna ó chartlann dhigiteach Fheachtas Tá Comhionannas agus beidh siad ar taispeáint i nDánlann Europa, 11 Sráid Chatham, Baile Átha Cliath 2, ón 21 Bealtaine go dtí an 4 Iúil. 

Tá an taispeántas saor in aisce agus beidh sé ar oscailt seacht lá in aghaidh na seachtaine. Féach anseo le do thoil chun tuilleadh sonraí a fháil.