Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas grianghrafadóireachta sa Leabharlann a thaifeadann saol agus gníomhachas LADTI

Dé Céadaoin, 9 Meitheamh 2021
Agóid LADTA lasmuigh den Bhanc Ceannais

Sa taispeántas Living with Pride: Photographs by Christopher Robson, insítear scéal na hÉireann agus an tír ag dul i dtreo an chomhionannais LADTI+ agus an fear a fuair íomhánna den scéal go léir ar a cheamara.

Tá an ceiliúradh agus an dúshlán go mór chun tosaigh i dtaispeántas grianghrafadóireachta nua ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) a seoladh inniu (09.06.21) sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Barra an Teampaill, agus ar líne. Sa taispeántas Living with Pride: Photographs by Christopher Robson, déantar saol agus gníomhachas LADTI+ in Éirinn le linn na nóchaidí agus an chéad deich mbliana den mhílaois a thaifeadadh, agus insítear dúinn scéal Christopher Robson a thaifead – ina ghrianghrafadóireacht phearsanta – cuid mhór d’aistear dochreidte na hÉireann i dtreo an chomhionannais don phobal LADTI+. Tá an taispeántas comhléirithe ag páirtí sibhialta Christopher Robson, Bill Foley, i gcomhar le NLI. An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, a sheol an taispeántas. Tá leagan iomlán fíorúil den taispeántas ar fáil anseo fosta. 

Pearsa lárnach i ngníomhaíochas LADTI+ na hÉireann ab ea Christopher Robson, a thug cuidiú i mbunú Chomharghrúpaí Leispiach agus Fear Aerach Bhaile Átha Cliath, Gay Health Action – an chéad eagraíocht a bhain le SEIF in Éirinn – agus an Líonra Comhionannais do Dhaoine Aeracha agus Leispiacha (GLEN). Bhí ról lárnach aige agus díchoiriúlú na hómaighnéasachta á baint amach agus rinne sé obair ríthábhachtach le páirtnéireacht shibhialta a thabhairt isteach agus in achtú reachtaíocht an Stáit um chomhionannas. Bhronn páirtí sibhialta Christopher, Bill Foley, a bhailiúchán grianghrafadóireachta de thart ar 2,000 sleamhnán ar an Leabharlann in 2015, bailiúchán a bhfuil taifead ann de thaithí an phobail LADTI+ san aimsir sin nuair ba mhinic leithcheal agus neamhionannas ann.

I measc na ngrianghraf sa bhailiúchán Living with Pride tá agóidí LADTI+ i mBaile Átha Cliath, Páras agus Nua-Eabhrac; pointí tábhachtacha sa bhaile, athchóiriú dlí in 1993 san áireamh; Paráidí Bróid Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh na mblianta; agus pearsana mór le rá, an Diceman agus Panti Bliss ina measc. Tá deis ag cuairteoirí mar gheall ar an taispeántas tuilleadh eolais a fháil amach maidir le fear a thaifead aistear dochreidte na hÉireann don chomhionannas LADTI+, agus a chur leis an aistear sin, idir an díchoiriúlú, dearcadh an phobail ag éirí níos báúla agus an vóta cinntitheach poiblí sa reifreann ar an gcomhionannas pósta in 2015.

Agus í ag labhairt le linn an tseolta, arsa Stiúrthóir NLI, an Dr Sandra Collins: “Ar an ábhar gurb í coimeádaí cuimhní na hÉireann í, tá an Leabharlann Náisiúnta tiomanta lena chinntiú go mbeidh áit ag na scéalta sin a bhíodh imeallaithe san am a chuaigh thart nó nach n-insítí chomh minic céanna. Tionscadal suaitheanta don Leabharlann Náisiúnta i mbliana is ea Living with Pride ina léirítear tiomantas don éagsúlacht, don ionchuimsiú agus don chomhionannas LADTI+. Bailiúcháin an-mhór iad bailiúcháin LADTI+ na Leabharlainne Náisiúnta agus déantar iad a chaomhnú, a roinnt, a rochtain agus a chíoradh mar pháirt de scéal na hÉireann.

“Taispeántas galánta beoga ildaite atá anseo agus teachtaireacht thábhachtach na hathléimneachta taobh thiar de. Tá súil agam go dtabharfaidh daoine cuairt ar an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill i mbliana mar chuid dá bpleananna d’Fhéile an Bhróid. Tá an taispeántas agus an bailiúchán grianghrafadóireachta iomlán digitithe agus ar fáil ar líne, mar sin féadfaidh tú seal a chaitheamh leo agus pléisiúr a bhaint astú cibé áit a bhfuil tú.”

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an méid seo chomh maith: “Tá an-oidhreacht ar fad fágtha ag Christopher Robson agus tá sé tar éis cur go mór ina chuid oibre le saol LADTI+ na linne seo in Éirinn agus leis an tsochaí i gcoitinne. Is mar gheall ar ghníomhaíochas cróga gan stad gan staonadh Christopher agus a chomrádaithe a rabhthas in ann an bealach a réiteach i dtreo Éire ina léireofaí meas, ionchuimsiú agus gradam ar dhaoine LADTI+, áit ina ndéantar ceiliúradh ar an mbród. Cuirtear i gcuimhne dúinn ar bhealach cumhachtach an bóthar atá siúlta ag daoine LADTI+ sa tír seo agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Leabharlann Náisiúnta faoi thaispeántas chomh tábhachtach seo a chur inár láthair.”

Arsa Bill Foley, páirtí sibhialta Christopher Robson: “Bhí Christopher den tuairim go raibh an méid a chuir sé leis an dreasú i dtreo comhionannas iomlán do dhaoine LADTI na hÉireann ar cheann de na héachtaí is mórtasaí agus is tábhachtaí dá shaol. Ábhar ba chúram dó ba ea ionadaíocht na ndaoine sin freisin. Léirítear an dá ábhar sin a bhí aige sa taispeántas seo. Tá scéal an phobail sin á insint ann taobh le scéal Christopher féin. Léiriú é Living with Pride den chuid is fearr dár bpobal: áthasach, gan ghéilleadh agus aontaithe. Tá a fhios agam go mbeadh sé millteanach bródúil as an taispeántas seo, mar atá mé féin as. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le NLI as spás a chruthú inar féidir scéal Christopher, agus scéal ár bpobail, a insint ar bhealach tuisceanach. Tá súil agam go dtabharfaidh daoine cuairt ar an taispeántas seo ar líne nó ar an láthair agus go mbeidh siad spreagtha ag an méid is féidir a bhaint amach nuair a thagaimid le chéile mar phobal.”

Tá clár imeachtaí ag gabháil leis an taispeántas seo agus beidh siad sin ar siúl le linn 2021, ina ndéanfar féiniúlacht agus taithí daoine LADTI+ le roinnt blianta anuas a fhiosrú go dtí an lá atá inniu ann, iad á gcomhléiriú ag an ngníomhaí, cartlannaí agus scríbhneoir Tonie Walsh. 

Living with Pride: Photographs by Christopher Robson ar oscailt Luan go hAoine, 10am-4pm, sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill. 

Le tuilleadh eolais a fháil, le breathnú ar an taispeántas agus leis an gclár imeachtaí is deireanaí a fháil, féach nli.ie. 

CRÍOCH