Bhain an chuid ANSIN/ANOIS den tionscadal AthAmharc ar Éirinn le grianghraf a roghnú ó chartlanna digiteacha Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus ansin dul chuig an áit chéanna chun grianghraf reatha a thógáil. Roghnaíodh láithreacha bunaithe ar an scéal a d’fhéadfadh na grianghraif níos sine agus nua, nuair a chuirtear le chéile iad, a insint dúinn faoi thimpeallacht na hÉireann.
ULAIDH: Cearnóg an Mhargaidh, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall
Market Square, Letterkenny, County Donegal 2025
Glacadh an grianghraf níos sine de Chearnóg an Mhargaidh, Leitir Ceanainn, idir thart ar 1900 agus 1939. Cuid de Bhailiúchán Grianghrafadóireachta Eason is ea é ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI). Ghlac mé an grianghraf nua an 17 Eanáir 2025, agus mé ar an eolas go mbeadh an chearnóg le hathdhearadh go luath. Le himeacht ama, beifear in ann an grianghraf seo a chur i gcomparáid le cibé an méid a thagann in áit an leagan amach atá ann anois. Feicthe le chéile, léiríonn an dá íomhá conas a théann dearadh na cearnóige i bhfeidhm ar dhearcthaí na bhfoirgneamh máguaird agus na sléibhte i bhfad i gcéin. Tá cearnóga agus muileataí in an-chuid de bhailte na hÉireann líonta le troscán sráide. Leis sin, féadtar bac a chur ar an oscailteacht a bhíodh ag na spásanna sin tráth.
AN MHUMHAIN: Ard na Croise, Contae an Chláir
Ghlac Independent Newspapers (Ireland) Ltd. an grianghraf ó 1929 a bhí mar inspioráid don athchuairt seo. Cuid de bhailiúchán Independent Newspapers is ea é i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI). Chosain Ard na Croise thart ar £5.2 milliún le tógáil in 1925–1929, arb é a bhí ann tuairim is 20 faoin gcéad de bhuiséad iomlán an Rialtais ag an am. Ba chéim mhór chun cinn é an tionscadal i stair na hÉireann. I mí an Mhárta 2025, nuair a thug mé athchuairt ar an láithreán, bhí sprioc ag ESB glan-nialasacht a bhaint amach faoi 2040. Tá príomhról ag an gcumhacht hidrileictreach i mbaint amach na sprice sin. Tuartar leis an tuarascáil is déanaí maidir le hastaíochtaí CO2 na hÉireann ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) nach n-éireoidh linn an sprioc atá againn do 2030 astaíochtaí a laghdú faoi 51 faoin gcéad a bhaint amach. Níl coinne ach le laghdú 23 faoin gcéad amháin.
CONNACHTA: Seanfhoirgneamh Northern Bank,
Maothail, Contae Liatroma
Glacadh an sean-ghrianghraf den fhoirgneamh Northern Bank, Maothail, Contae Liatroma idir thart ar 1900 agus 1939. Cuid de Bhailiúchán Grianghrafadóireachta Eason is ea é ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI). Sampla neamhghnách d’ailtireacht art nouveau in Éirinn is ea an foirgneamh, a cuireadh i gcrích thart ar 1905. I mí na Samhna 2024, phléigh comhairleoirí Liatroma réadmhaoin in anchaoi, lena n-áirítear an banc seo atá tréigthe le fada. I Liatroim, tá beagnach 12 faoin gcéad den stoc tithíochta folamh nó in anchaoi, agus tá acmhainneacht ann tithe a dhéanamh os cionn siopaí in anchaoi nó áitribh iomlána ghnó a thiontú ina dtithe. In Éirinn in 2025, bhí tuairim is 81,000 réadmhaoin chónaithe folamh nó in anchaoi, ach ní raibh ach 2,377 acu cláraithe le haghaidh Cánach ar Thithe Folmha (CTF) (luaite ó na Coimisinéirí Ioncaim). Is é Baile Átha Cliath an contae ina bhfuil an méid is lú réadmhaoine cónaithe folmha nó in anchaoi. Tá na leibhéil is airde i Liatroim, Maigh Eo agus Ros Comáin, is é sin, thart ar 12 faoin gcéad den stoc tithíochta. Go náisiúnta, tá 2.17 milliún réadmhaoin chónaithe ann ar an iomlán agus, mar sin, is tithe folmha iad 3.8 faoin gcéad den stoc iomlán tithíochta.
LAIGHIN: An tSráid Mhór, Mainistir Laoise, Contae Laoise
Glacadh an grianghraf níos sine den tSráid Mhór, Mainistir Laoise idir 1900 agus 1920. Cuid de Bhailiúchán Grianghrafadóireachta Eason is ea é ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI). Léirítear leis an ngrianghraf níos nuaí an méid a chonaic mé thar thréimhse thart ar 45 nóiméad agus mé ag ól caife ag ‘Daily Dose: Gluten and Dairy Free Café’. Chuaigh trucailí ollmhóra tarlaithe suas síos an tsráid chúng. Bhí an t-aer bréan, rud atá brónach go háirithe toisc gur ainmníodh Mainistir Laoise an Baile is Slachtmhaire in Éirinn in 2023. Tá mótarbhealach M8 mar sheachbhóthar ar an mbaile ach fós féin, téann suas le 600 trucail tríd an mbaile oidhreachta gach lá, is dócha chun dolaí mótarbhealaigh a sheachaint. In 1915, bhí 9,850 carr agus beagnach an líon céanna gluaisrothar in Éirinn. Faoi mhí na Bealtaine 2024, bhí carr ag gar do 2.5 milliún duine.