Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Scoláirí ó Scoil Chuimsitheach na Tríonóide ag bronnadh paimfléad filíochta ar an NLI

Dé hAoine, 15 Meán Fómhair 2023
Grúp-ghrianghraf de Scoil Chuimsitheach na Tríonóide in éineacht leis an Dr. Audrey Whitty

Grúp-ghrianghraf de dhaltaí agus múinteoirí de chuid Scoil Chuimsitheach na Tríonóide in éineacht leis an Dr. Audrey Whitty agus baill foirne de chuid NLI

Inniu, bhronn Ellen Kennedy (Bliain 6) agus Wojciech Lada (Rang 2023) ó Scoil Chuimsitheach na Tríonóide cóip den phaimfléad Commoners of Air ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Léigh na scoláirí a saothar ón bpaimfléad agus bhronn cóip ar Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Dr. Audrey Whitty.
 
Cruthaíodh an paimfléad trí thionscnamh a d’eagraigh Éigse Éireann agus Leabharlann Filíochta na hAlban. Chaith na scoláirí seachtain i nDún Éideann ag freastal ar cheardlanna filíochta le scoláirí ó Leith Academy, Dún Éideann. D’oibrigh an dá ghrúpa scoláirí in éineacht leis na filí Kevin P. Gilday agus Cat Hepburn. Foilsíodh filíocht na ndaltaí ó na ceardlanna seo ansin sa phaimfléad Commoners of Air
 
Agus í ag caint thar ceann an deonacháin don Leabharlann Náisiúnta, dúirt an Dr. Audrey Whitty: “Tá áthas orainn an bailiúchán filíochta seo le guthanna óga den scoth a fháil. Is toradh é an paimfléad seo ar chlár malairte spreagúil idir Éire agus Albain. Tá súil ag an NLI i gcónaí le taifeadadh, tacaíocht a thabhairt agus comhoibriú a dhéanamh leis an gcéad ghlúin eile de scríbhneoirí agus filí ó chian agus ó chóngar."