Poist i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Fostaíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann breis agus 100 ball foirne in áitribh éagsúla i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá róil éagsúla ag fostaithe NLI idir a bheith ag obair lenár mbailiúcháin, ár dtaispeántais agus ár n-imeachtaí agus i réimsí amhail acmhainní daonna, airgeadas, margaíocht, teicneolaíocht faisnéise, caomhnú, oideachas, cothabháil foirgneamh agus slándáil. Tá ár bhfoirne freagrach as bheith ag obair as lámha a chéile chun straitéis NLI a chur i bhfeidhm.
Ina theannta sin, gach bliain cuirimid roinnt scoláireachtaí agus intéirneachtaí ar fáil d’iarratasóirí oiriúnacha a bhfuil céim ollscoile bainte amach acu.
Gnás Iarratais
Beidh an próiseas sonrach chun iarratas a dhéanamh ar phost in NLI ag brath ar an bpost áirithe atá i gceist nó ar an gcineál comórtais.
D’fhéadfadh roinnt céimeanna a bheith sa phróiseas earcaíochta, lena n-áirítear cur ar ghearrliosta ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach, cur i láthair agus agallamh iomaíoch (nó breis is agallamh amháin), ach gan a bheith teoranta dóibh sin.
Féach thíos ar na deiseanna fostaíochta go léir atá ag NLI faoi láthair.
Is fostóir comhdheiseanna í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Gach bliain, cuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann líon teoranta scoláireachtaí agus intéirneachtaí ar fáil d’iarratasóirí oiriúnacha.
Déanann ár mic léinn obair agus taighde chun tacú leis an obair a dhéanann NLI i réimsí éagsúla.
Bhí NLI ag obair i gcomhpháirtíocht le roinnt comhlachtaí agus eagraíochtaí ó cuireadh tús leis an gclár in 1999. Tá ról lárnach ag Scoil an Léinn Leabharlainne agus Faisnéise in UCD, Scoil na Staire in UCD, Coiste Eolaíochtaí Stairiúla na hÉireann agus Comhairle Oidhreachta na hÉireann maidir leis an deis luachmhar seo a chur ar fáil gach bliain.
Is poist íoctha iad na scoláireachtaí agus na hintéirneachtaí linn, a bhíonn ar fáil go hiondúil gach bliain i mí Dheireadh Fómhair, ar feadh tréimhse 12 mhí.
Is deis iontach iad do mhic léinn agus d’intéirnigh chun forbairt a dhéanamh ar an ngairm bheatha a bhfuil siad dírithe uirthi. Ó 1999 i leith, tá tacaíocht tugtha ag NLI do níos mó ná 70 mac léinn ar bronnadh na scoláireachtaí sin orthu nó a bhí ag gabháil do na hintéirneachtaí.
Bronntar scoláireacht leabharlainne NLI ar chéimí ar mian leis nó léi taithí a fháil ar an obair leabharlainne sula dtabharfaidh sé nó sí faoi chúrsa iarchéime sa leabharlannaíocht. Cabhraíonn Scoil an Léinn Leabharlainne agus Faisnéise in UCD le NLI iarrthóirí oiriúnacha a roghnú. Is é scoláireacht leabharlainne NLI an príomhbheart a dhéanann NLI chun cur leis an leabharlannaíocht in Éirinn.
Bronntar scoláireacht chartlainne NLI ar chéimí atá ag iarraidh taithí a fháil ar obair chartlainne sula dtabharfaidh sé nó sí faoi chúrsa iarchéime sa leánn cartlainne. Cabhraíonn Scoil na Staire in UCD le NLI iarrthóirí oiriúnacha a roghnú. Faigheann an scoláire taithí phraiticiúil ar obair chartlainne, lena n-áirítear scileanna agus oiliúint ar cuid bhunúsach iad den obair a dhéanann cartlannaí gairmiúil.
Bronntar scoláireacht taighde NLI ar scoláirí iarchéime a bhíonn ag déanamh staidéar ar stair na hÉireann. Tugann Coiste Eolaíochtaí Stairiúla na hÉireann cúnamh dúinn leis an bpróiseas trína roghnaítear na faighteoirí. Bíonn an deis ag daoine a fhaigheann an scoláireacht sin teacht ar thuiscint dhomhain ar an obair a dhéanann NLI, agus eolas a chur ar na bailiúcháin uathúla atá faoi chúram NLI. Cuireann a gcuid oibre go mór le tuiscint eolach ar an ról atá ag NLI i bpobal taighde na hÉireann.
Ina theannta sin, cuirimid intéirneacht sa chaomhnú ar fáil i gcomhpháirtíocht le Comhairle Oidhreachta na hÉireann. Cleachtas stiúideo agus taighde araon atá i gceist leis an intéirneacht, agus is cuid í de thiomantas na Comhairle Oidhreachta an dea-chleachtas a chur chun cinn i dtaobh an chaomhnaithe in Éirinn. Roghnaítear duine a bhain céim amach le déanaí i gclár oiliúna aitheanta maidir le caomhnú leabhar agus/nó páipéar, agus bíonn an té sin ag obair in éineacht le caomhnóirí a bhfuil taithí acu i stiúideo caomhnaithe NLI, agus iad ag plé le bailiúcháin éagsúla as measc bailiúcháin lámhscríbhinní, ábhar clóite agus físábhar NLI. Spreagtar an t-intéirneach chun saothar a fhoilsiú agus a chur i láthair luchtanna féachana éagsúla.
Seo thíos na deiseanna atá le tapú faoi láthair maidir le teacht ag obair le foireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Ardoifigeach Feidhmiúcháin, An tAonad Airgeadais
Táimid ag cur fáilte roimh iarratais ar phost mar Ardoifigeach Feidhmiúcháin, Aonad Airgeadais, ar Chonradh Sainchuspóra (clúdach le haghaidh saoire mháithreachais agus sos gairme)
Deis thar cionn atá anseo chun bheith mar chuid den Rannóg Airgeadais anseo, freagrach as bainistiú laethúil na foirne sa Rannóg Airgeadais agus as tacú le Ceann na Rannóige Airgeadais le bainistiú, rialú, comhlíonadh agus tuairisciú éifeachtach a bhaint amach do NLI.
Beifear ag súil leis go ngníomhóidh sealbhóir an phoist chun na gcaighdeán is airde gairmiúlachta agus rúndachta, chun gníomhú le tionscnaíocht agus neamhspleáchas, agus chun bheith in ann obair a dhéanamh faoi bhrú le spriocdhátaí iomadúla.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Ba chóir d’iarratasóirí cóip dá Curriculum Vitae a sheoladh isteach, in éineacht litir spéise agus ainmneacha agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí san áireamh ann. Ba chóir iad seo a sheoladh tríd an ríomhphost chuig: careers@nli.ie
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 3:00i.n, 16 Meitheamh 2023.
Coimeádaí Cúnta, Grád 2, san Aonad AD
Deis spreagúil is ea an ról seo do chleachtóir AD atá cáilithe agus a bhfuil taithí chuí aige/aici a bheith páirteach inár bhfoireann bheomhar AD.
Tá iarrthóirí á lorg againn faoi láthair don ról spreagúil gnóthach seo i bhfoireann AD atá ag fás. Ag tuairisciú do Cheann Acmhainní Daonna, bíonn an Coimeádaí Cúnta, Grád 2, in AD ag comhéadan straitéise agus oibríochtaí do AD in NLI agus beidh sé/sí freagrach as cláir a bhainistiú ar fud mhéid iomlán shainchúram AD NLI.
Oibríonn an tAonad AD chun luachanna NLI maidir le fáilte, muinín, comhoibriú agus cur chuige forásach a bhaint amach, agus tá sé suite faoi cholún straitéiseach Nuálaíochta NLI. Tá oscailteacht agus fás mar bhonn agus mar thaca ag sármhaitheas agus gairmiúlacht ár bhfoirne.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Ní ghlacfar le hiarratais tar éis 29 Bealtaine, 2023, ag 3pm.
Oifigeach Cléireachais san Aonad AD
Deis iontach is ea an ról seo taithí a fháil i réimse leathan gníomhaíochtaí AD mar chuid dár bhfoireann bheomhar AD.
Tá Oifigeach Cléireachais á lorg againn faoi láthair le haghaidh Fhoireann AD Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tabharfaidh an tOifigeach Cléireachais AD faoi dhualgais chléireachais a eascróidh as gach comhchuid de sheachadadh na Seirbhíse AD in NLI, agus cuireann an ról seo tacaíocht lárnach ar fáil do gach gníomhaíocht AD.
Oibríonn an tAonad AD chun luachanna NLI maidir le fáilte, muinín, comhoibriú agus cur chuige forásach a bhaint amach, agus tá sé suite faoi cholún straitéiseach Nuálaíochta NLI. Tá oscailteacht agus fás mar bhonn agus mar thaca ag sármhaitheas agus gairmiúlacht ár bhfoirne.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Ní ghlacfar le hiarratais tar éis 29 Bealtaine, 2023, ag 3pm.