Poist i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Fostaíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann breis agus 100 ball foirne in áitribh éagsúla i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá róil éagsúla ag fostaithe NLI idir a bheith ag obair lenár mbailiúcháin, ár dtaispeántais agus ár n-imeachtaí agus i réimsí amhail acmhainní daonna, airgeadas, margaíocht, teicneolaíocht faisnéise, caomhnú, oideachas, cothabháil foirgneamh agus slándáil. Tá ár bhfoirne freagrach as bheith ag obair as lámha a chéile chun straitéis NLI a chur i bhfeidhm.
Ina theannta sin, gach bliain cuirimid roinnt scoláireachtaí agus intéirneachtaí ar fáil d’iarratasóirí oiriúnacha a bhfuil céim ollscoile bainte amach acu.
Gnás Iarratais
Beidh an próiseas sonrach chun iarratas a dhéanamh ar phost in NLI ag brath ar an bpost áirithe atá i gceist nó ar an gcineál comórtais.
D’fhéadfadh roinnt céimeanna a bheith sa phróiseas earcaíochta, lena n-áirítear cur ar ghearrliosta ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach, cur i láthair agus agallamh iomaíoch (nó breis is agallamh amháin), ach gan a bheith teoranta dóibh sin.
Féach thíos ar na deiseanna fostaíochta go léir atá ag NLI faoi láthair.
Is fostóir comhdheiseanna í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Gach bliain, cuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann líon teoranta scoláireachtaí agus intéirneachtaí ar fáil d’iarratasóirí oiriúnacha.
Déanann ár mic léinn obair agus taighde chun tacú leis an obair a dhéanann NLI i réimsí éagsúla.
Bhí NLI ag obair i gcomhpháirtíocht le roinnt comhlachtaí agus eagraíochtaí ó cuireadh tús leis an gclár in 1999. Tá ról lárnach ag Scoil an Léinn Leabharlainne agus Faisnéise in UCD, Scoil na Staire in UCD, Coiste Eolaíochtaí Stairiúla na hÉireann agus Comhairle Oidhreachta na hÉireann maidir leis an deis luachmhar seo a chur ar fáil gach bliain.
Is poist íoctha iad na scoláireachtaí agus na hintéirneachtaí linn, a bhíonn ar fáil go hiondúil gach bliain i mí Dheireadh Fómhair, ar feadh tréimhse 12 mhí.
Is deis iontach iad do mhic léinn agus d’intéirnigh chun forbairt a dhéanamh ar an ngairm bheatha a bhfuil siad dírithe uirthi. Ó 1999 i leith, tá tacaíocht tugtha ag NLI do níos mó ná 70 mac léinn ar bronnadh na scoláireachtaí sin orthu nó a bhí ag gabháil do na hintéirneachtaí.
Bronntar scoláireacht leabharlainne NLI ar chéimí ar mian leis nó léi taithí a fháil ar an obair leabharlainne sula dtabharfaidh sé nó sí faoi chúrsa iarchéime sa leabharlannaíocht. Cabhraíonn Scoil an Léinn Leabharlainne agus Faisnéise in UCD le NLI iarrthóirí oiriúnacha a roghnú. Is é scoláireacht leabharlainne NLI an príomhbheart a dhéanann NLI chun cur leis an leabharlannaíocht in Éirinn.
Bronntar scoláireacht chartlainne NLI ar chéimí atá ag iarraidh taithí a fháil ar obair chartlainne sula dtabharfaidh sé nó sí faoi chúrsa iarchéime sa leánn cartlainne. Cabhraíonn Scoil na Staire in UCD le NLI iarrthóirí oiriúnacha a roghnú. Faigheann an scoláire taithí phraiticiúil ar obair chartlainne, lena n-áirítear scileanna agus oiliúint ar cuid bhunúsach iad den obair a dhéanann cartlannaí gairmiúil.
Bronntar scoláireacht taighde NLI ar scoláirí iarchéime a bhíonn ag déanamh staidéar ar stair na hÉireann. Tugann Coiste Eolaíochtaí Stairiúla na hÉireann cúnamh dúinn leis an bpróiseas trína roghnaítear na faighteoirí. Bíonn an deis ag daoine a fhaigheann an scoláireacht sin teacht ar thuiscint dhomhain ar an obair a dhéanann NLI, agus eolas a chur ar na bailiúcháin uathúla atá faoi chúram NLI. Cuireann a gcuid oibre go mór le tuiscint eolach ar an ról atá ag NLI i bpobal taighde na hÉireann.
Ina theannta sin, cuirimid intéirneacht sa chaomhnú ar fáil i gcomhpháirtíocht le Comhairle Oidhreachta na hÉireann. Cleachtas stiúideo agus taighde araon atá i gceist leis an intéirneacht, agus is cuid í de thiomantas na Comhairle Oidhreachta an dea-chleachtas a chur chun cinn i dtaobh an chaomhnaithe in Éirinn. Roghnaítear duine a bhain céim amach le déanaí i gclár oiliúna aitheanta maidir le caomhnú leabhar agus/nó páipéar, agus bíonn an té sin ag obair in éineacht le caomhnóirí a bhfuil taithí acu i stiúideo caomhnaithe NLI, agus iad ag plé le bailiúcháin éagsúla as measc bailiúcháin lámhscríbhinní, ábhar clóite agus físábhar NLI. Spreagtar an t-intéirneach chun saothar a fhoilsiú agus a chur i láthair luchtanna féachana éagsúla.
Seo thíos na deiseanna atá le tapú faoi láthair maidir le teacht ag obair le foireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Dearthóir Sinsearach Grafaicí ar leibhéal Ardoifigigh Feidhmiúcháin
Táimid ag cur fáilte roimh iarratais ar phost mar Dearthóir Sinsearach Grafaicí ar leibhéal Ardoifigigh Feidhmiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Beidh an Dearthóir Sinsearach Grafaicí ag obair san Oifig Cumarsáide agus Forbartha agus beidh sé nó sí freagrach as an dearthóireacht i ngach cumarsáid sa Leabharlann Náisiúnta. Cuirfidh sé nó sí seirbhís dearthóireachta chruthaitheach ar ardchaighdeán ar fáil do rannóga éagsúla sa Leabharlann Náisiúnta.
Tabharfaidh an té a cheapfar faoin gcoincheapú, pleanáil, dearadh agus bainistíocht soláthair le haghaidh sraith d’ábhar margaíochta agus bolscaireachta (fisiceach agus digiteach), de chumarsáid chorparáideach, agus d’íomhánna taispeántais agus léirmhínithe
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Ba chóir d’iarratasóirí cóip dá Curriculum Vitae a sheoladh isteach, in éineacht litir spéise agus ainmneacha agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí san áireamh ann. Tabhair do d’aire gur chóir na doiciméid uile a bhaineann leis an iarratas a sheoladh isteach in aon doiciméad PDF amháin. Ba chóir iad sin a sheoladh tríd an ríomhphost chuig: careers@nli.ie
Tabhair do d’aire gurb é, an 3:00i.n., 13 Deireadh Fomhair 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais
Freastalaí Eolaíochta agus Ealaíne Sinsearach ag Leibhéal CO i Rannog Na nEastat
Deis iontach le bheith mar chuid dár Rannóg Oideachais, Foghlama agus Cláreagraithe.
Táimid ag cur fáilte roimh iarratais ar phost mar Freastalaí Eolaíochta agus Ealaíne Sinsearach ag Leibhéal CO i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Ag obair mar chuid d'fhoireann Eastáit NLI agus ag tuairisciú don Oifigeach Feidhmiúcháin d'Eastáit, is é ról an Fhreastalaí Eolaíochta agus Ealaíne Sinsearach i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann rannchuidiú go réamhghníomhach le seirbhísí fáilteachais den scoth do chuairteoirí, eispéireas feabhsaithe do chuairteoirí a chinntiú agus sábháilteacht cuairteoirí, bailiúchán, ball foirne agus áiseanna a chinntiú de réir mar is cuí don ról. Ní mór don sealbhóir poist a bheith go hiomlán inniúil agus ar fáil na dualgais a bhaineann leis an bpost a chur i bhfeidhm.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Ba chóir d’iarratasóirí cóip dá Curriculum Vitae a sheoladh isteach, in éineacht litir spéise agus ainmneacha agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí san áireamh ann. Tabhair do d’aire gur chóir na doiciméid uile a bhaineann leis an iarratas a sheoladh isteach in aon doiciméad PDF amháin. Ba chóir iad sin a sheoladh tríd an ríomhphost chuig: careers@nli.ie
Tabhair do d’aire gurb é, an 3:00i.n., 09 Deireadh Fomhair 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais
Oifigeah Feidhmiuchan - Rannog Na nEastat
Táimid ag cur fáilte roimh iarratais ar phost mar Oifigeach Feidhmiuchain, Rannog Na nEstat Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Ag obair mar chuid d'fhoireann Eastát NLI agus ag tuairisciú do Bhainisteoir Foirgneamh agus Slándála NLI, is é ról an Oifigigh Feidhmiúcháin sa Rannóg Eastát i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann bainistíocht den chéad scoth a chur ar fáil ar fhoirne fáilteachais, Eolaíochta agus Ealaíne agus Glantacháin NLI, foirne seirbhíse conartha agus oibríochtaí um chothabháil saoráidí de réir mar is cuí don ról.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Ba chóir d’iarratasóirí cóip dá Curriculum Vitae a sheoladh isteach, in éineacht litir spéise agus ainmneacha agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí san áireamh ann. Tabhair do d’aire gur chóir na doiciméid uile a bhaineann leis an iarratas a sheoladh isteach in aon doiciméad PDF amháin. Ba chóir iad sin a sheoladh tríd an ríomhphost chuig: careers@nli.ie
Tabhair do d’aire gurb é, an 3:00i.n., 09 Deireadh Fomhair 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais
Ceannasaí Teicniúil, Córais Dhigiteacha Leabharlainne, ar Leibhéal and Innealtóra Grád 2
Deis iontach le bheith mar chuid dár chuid bhfoireann Ceannasaí Teicniúil, Córais Dhigiteacha Leabharlainne, ar leibhéal an Innealtóra, Grád 2, i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Comhoibreoidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi le forbróirí bogearraí, leabharlannaithe, cartlannaithe, gairmithe TFC, speisialtóirí meiteashonraí, díoltóirí bogearraí, agus pobail foinse oscailte. Deis iontach é seo le bheith ag obair i dtimpeallacht spreagúil dhúshlánach, le do shaineolas a chur ag obair, le fadhbanna suimiúla a réiteach, agus le leas a bhaint as teicneolaíochtaí tionscalchaighdeánacha chun caomhnú agus athúsáid ár mbailiúchán oidhreachta náisiúnta a chinntiú.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Ba chóir d’iarratasóirí cóip dá Curriculum Vitae a sheoladh isteach in éineacht le litir spéise agus ainmneacha agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí san áireamh ann. Tabhair do d’aire gur chóir na doiciméid uile a bhaineann leis an iarratas a sheoladh isteach in aon doiciméad PDF amháin. Ba chóir iad sin a sheoladh tríd an ríomhphost chuig: careers@nli.ie
Tabhair do d’aire gurb é 3:00 i.n. an 28 Lúnasa 2023 dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Oifigeach Sláinte agus Sábháilteachta ag leibhéal Ardoifigigh Feidhmiúcháin
Deis iontach le bheith mar chuid dár chuid bhfoireann Oifigeach Sláinte agus Sábháilteachta ag leibhéal Ardoifigigh Feidhmiúcháin, i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Tá NLI tiomanta d'áit shábháilte oibre, trealamh sábháilte agus córais shábháilte oibre a chur ar fáil. Ag obair mar chuid d’fhoireann Eastát NLI, ag tuairisciú do Cheann na nEastát, is post speisialtóra san NLI é ról an Oifigigh Sláinte agus Sábháilteachta. Beidh an t-eolas agus an taithí speisialaithe ag an iarrthóir rathúil i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta is gá chun sláinte, sábháilteacht agus leas gach duine a fhostaíonn NLI agus gach duine a thugann cuairt ar NLI a chinntiú.
Cuirfidh an tOifigeach Sláinte agus Sábháilteachta cultúr dearfach sláinte agus sábháilteachta chun cinn ar fud na heagraíochta agus cabhróidh sé leis an mbainistíocht cur i bhfeidhm éifeachtach na Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Ba chóir d’iarratasóirí cóip dá Curriculum Vitae a sheoladh isteach in éineacht le litir spéise agus ainmneacha agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí san áireamh ann. Tabhair do d’aire gur chóir na doiciméid uile a bhaineann leis an iarratas a sheoladh isteach in aon doiciméad PDF amháin. Ba chóir iad sin a sheoladh tríd an ríomhphost chuig: careers@nli.ie
Tabhair do d’aire gurb é 3:00 i.n. 29 Meán Fómhair 2023 dáta deiridh a nglacfar le hiarratais